Fuíolluisce
Is é Uisce Éireann amháin atá freagrach as glanadh agus cothabháil an líonra séarachais phoiblí. Oibrímid líonra d’ionaid chóireála fuíolluisce ar fud na hÉireann chomh maith.
Bailiúchán
Is é an sampla is coitianta d’fhuíolluisce séarachas leachtach a scaoiltear ó thithe agus ó ghnólachtaí agus nach bhfuil oiriúnach lena hól ag daoine. Tagann fuíolluisce ó do theach ó dhramhaíl dhaonna, gallúnach, glantach, iarsmaí bia, saillte, olaí agus gréisc agus aon earraí eile a d'fhéadfadh a mbealach a dhéanamh isteach sa chóras séarachais.
Bonneagar Cóireála
Is é cuspóir ár n-ionad cóireála fuíolluisce uisce glanta a tháirgeadh nach ndéanfaidh dochar don timpeallacht máguaird ná nach dtruailleoidh í nuair a scaoilfear isteach inti é. Chun é sin a bhaint amach, tarlaíonn go leor próiseas nuair a théann fuíolluisce isteach san ionad.
Saincheisteanna
An do dhraenacha nó do do shéaraigh blocáilte nó faoi uisce? Féach cad atá le déanamh. Má tá géarchéim fuíolluisce i gceist, glaoigh orainn anois ar 1800 278 278.
Comhlíontacht
Tá Uisce Éireann i bhfeighil an líonra ionad cóireála uisce ar fud na hÉireann agus is é amháin atá freagrach as an líonra séarachais phoiblí a ghlanadh agus a chothabháil. Tagann athrú ar mhéid na n-ionad cóireála sin mar gheall ar mhéid agus ar dhaonra an limistéir a mbíonn siad ag freastal air.
Bogaigh
Tá bogaigh ina ngné ríthábhachtach dár gceantair tuaithe in Éirinn. Áirítear leo portaigh, riasca, locháin agus lochanna, aibhneacha, coillte fliucha / féarthailte, eanaigh, inbhir agus murlaigh chósta.