Fógra Fiuchta Uisce eisithe maidir le Soláthar Uisce Poiblí Na nGleanntach - Ard an Rátha
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
De thoradh ar dheacrachtaí ag an ionad atá tar tar éis chur isteach ar cháilíocht an uisce agus ag eascairt as comhairliúchán le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá sé á chur in iúl ag Uisce Éireann go bhfuil Fógra Fiuchta Uisce á eisiúint do Sholáthar Uisce Poiblí Ghleann Áirí agus go bhfuil sé i bhfeidhm láithreach bonn.
Baineann an fógra seo le gach uile thomhaltóir atá ag fáil a gcuid uisce ó Sholáthar Uisce Poiblí Ghleann Áirí.
Ní mór do thomhaltóirí ar Sholáthar Uisce Poiblí Ghleann Áirí an t-uisce a fhiuchadh sula n-úsáidfear é. Tá léarscáil thíos de Scéim Soláthair Uisce Poiblí Ghleann Áirí agus tá an léarscáil ar fáil ar www.water.ie
Faigheann custaiméirí leochaileacha atá cláraithe le hUisce Éireann cumarsáid dhíreach uaidh maidir le Fógraí Fiuchta Uisce. Meabhraítear do chustaiméirí go bhfuil sé sábháilte an t-uisce a ól nuair a fhiuchtar é roimhré.
Ní foláir uisce a fhiuchadh:
- Chun t-uisce a ól
- Do dheochanna déanta le huisce;
- Chun sailéid agus bianna cosúil leo a ullmhú, más rud é nach ndéanfar iad a chócaráil sula n-íosfar iad;
- Fiacla a scuabadh;
Oighear a dhéanamh - Caith amach ciúbanna oighir i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí. Déan oighear as uisce fiuchta fuaraithe.
Gníomhartha is gá a dhéanamh:
- Úsáid uisce ullmhaithe má táthar chun é a ól agus nuair atá bianna nach gcócarálfar á n-ullmhú(mar shampla sailéid a ní);
- Is féidir uisce a úsáid do shláinteachas pearsanta, folcthaí agus chun leithris a shruthlú ach ná húsáidfear é chun fiacla a scuabadh nó chun béal duine a fholcadh;
- Cuir uisce ar fiuchadh go dtí go mbeidh gal leanúnach uaidh (mar shampla le citeal uathoibríoch) agus lig dó fuarú ina dhiaidh sin. Clúdaigh agus stóráil i gcuisneoir nó in áit fuar é. Níl sé sábháilte uisce ón sconna te a ól. Ní fhágfaidh scagairí uisce tí go bhfuil an t-uisce sábháilte lena ól;
- Ba chóir a bheith cúramach agus tú ag folcadh páistí le cinntiú nach slogfaidís an t-uisce folctha.
- Foirmle do Naíonáin a Ullmhú: Nuair atá Fógra Fiuchta Uisce i bhfeidhm, is féidir foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna más rud é gur cuireadh ar fiuchadh é uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad) agus gur ligeadh dó fuarú roimh ré. Is féidir foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce i mbuidéil. Rialaítear uisce i mbuidéil, seachas uisce mianraí nádúrtha ar an gcaighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce i mbuidéil a bhfuil lipéad ‘Uisce Mianraí Nádúrtha’ air a úsáid toisc go bhféadfadh leibhéil arda sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, cé nach minic a bhíonn sé i gceist. Is féidir ‘Uisce Mianraí Nádúrtha’ a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ann, don tréimhse is lú ama is féidir; tá sé fíorthábhachtach go mbeadh a ndóthain le hól ag naíonáin. Má úsáidtear uisce i mbuidéil chun foirmle a dhéanamh do naíonáin ba chóir é a chur ar fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach agus gal ag teacht uaidh ar feadh 1 nóiméad), agus ligean dó fuarú mar is iondúil. Is féidir leas a bhaint as foirmle réidh-le-húsáid nach gá a thuilleadh uisce a chur leis.
Ní mór a bheith fíor-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalltaí a sheachaint toisc gur féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe nuair a bhíonn leanaí i gceist.
Tá eolas chun dáta ar fáil ar an mír Eolas chun Dáta maidir le Soláthar Uisce ar an láithreán gréasáin water.ie ar X @IWCare agus tríd an líne chabhrach um chúram custaiméirí atá ar fáil 24/7 ar 1800 278 278.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.