Leanann Uisce Éireann le hinfheistíocht a dhéanamh in Inis Eoghain agus tús á chur le hoibreacha i gCluain Maine agus i Mín Dobhráin
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Is féidir le pobail Chluain Maine agus Mhín Dobhráin a bheith ag súil le níos mó muiníne a bheith acu as a soláthar uisce an samhradh seo, mar gheall go gcuirfidh Uisce Éireann tús le hoibreacha in Iúil chun príomhlíonra uisce nua a chur in ionad fad breis agus 2.5 ciliméadar den phríomhlíonra uisce atá ann, atá sean agus a ndearnadh díobháil dó.
Déanfar na hoibreacha feadh bhóthar an R238/L1191 ó Dhroichead Mhín Dobhráin go hAcomhal Bhaile Lifín i gCluain Maine mar chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann.
Bainfidh áiteanna cónaithe agus gnólachtaí atá suite ar an leithinis is faide ó thuaidh in Éirinn i gContae Dhún na nGall tairbhe as an infheistíocht mhór seo ina gcuirfear píobáin nua-aimseartha nua isteach chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil.
Tá Patricia Lowry, Bainisteoir Cláir Uisce Éireann, ag tnúth go mór leis an tionscadal seo a chur i gcrích do chustaiméirí i gCluain Maine agus i Mín Dobhráin.
“Tugadh tús áite don stráice seo den phríomhlíonra uisce i gCluain Maine agus i Mín Dobhráin le haghaidh infheistíochta agus lena athsholáthar mar gheall ar a aois agus ar an mbail atá air. Tá na feabhsúcháin seo ar an líonra uisce ríthábhachtach agus tá gliondar croí orainn na huasghráduithe seo a thabhairt chun cinn don phobal áitiúil, a neartóidh an líonra uisce do na glúnta amach anseo. Cruthóidh an obair seo réimse tairbhí dár gcustaiméirí sa cheantar, soláthar níos iontaofa, níos lú pléasctha agus níos lú sceite ina measc.”
Chun an tionscadal seo a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtach, beidh bainistiú tráchta i bhfeidhm i bhfoirm dúnta bóthair feadh an L1191 ón 7 Iúil - 15 Lúnasa 2025. Cuirfear trácht ar mhalairt slí le linn na dtréimhsí seo. Coinneofar rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí.
Tá na hoibreacha seo á gcur i gcrích ag Farrans Construction thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go mbeidh an tionscadal curtha i gcrích faoi thráth luath in 2026.
Leanann Uisce Éireann ag tabhairt faoi Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil, chun ardleibhéil sceite a laghdú, chun cáilíocht an uisce a fheabhsú agus chun éifeachtúlachtaí oibríochtúla a chruthú ar an líonra uisce. Cur chuige straitéiseach agus spriocdhírithe atá sa chlár seo i leith feabhas a chur ar an líonra uisce náisiúnta fud fad na tíre, trí roinnt sruthanna oibre laghdaithe sceite ina dtugtar tús áite d’infheistíocht san áit is mó a dteastaíonn sí.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.