Ordú Caomhnaithe Uisce eisithe ag Uisce Éireann do Chontae Chorcaí mar iarracht ar an soláthar a chosaint
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Dhearbhaigh Uisce Éireann go mbeidh Ordú Caomhnaithe Uisce, ar a dtugtar cosc ar osáin uisce de ghnáth, i bhfeidhm do Chontae Chorcaí ón Satharn, 26 Iúil 2025 go dtí 16 Meán Fómhair 2025.
Eisíodh an tOrdú Caomhnaithe Uisce (OCU) mar iarracht ar an soláthar uisce a chosaint chun críocha bunriachtanacha. Feicfear fógraí i nuachtáin náisiúnta an 24 Iúil 2025, i gcomhréir le ceanglais reachtúla ina leagfar amach an toirmeasc ar úsáid osán gairdín agus ar úsáidí neamhriachtanacha eile uisce. Baineann an t-ordú seo le Contae Chorcaí amháin agus ní bhaineann sé le Cathair Chorcaí.
Ní chuirtear Ordú Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm ach amháin nuair a bhíonn géarghá leis. Tá sé ríthábhachtach go ndéantar uisce a chaomhnú agus úsáid uisce a laghdú sna cúinsí sin chun leanúnachas an tsoláthair a chinntiú.
Mar gheall ar easpa báistí ar feadh roinnt míonna, comhcheangailte le teochtaí arda agus dálaí triomaigh comhfhreagracha, curtha le chéile bhí na nithe sin ina gcúis le laghdú suntasach ar infhaighteacht amhuisce agus foinsí screamhuisce ar fud an chontae.
Cuirtear in iúl dúinn leis na sonraí go raibh an bháisteach i gContae Chorcaí i mBealtaine, i Meitheamh agus in Iúil sa bhliain go dtí seo thar a bheith faoi bhun an mheáin nuair a chuirtear i gcomparáid í le taifid stairiúla báistí. Rinneadh 164.5mm de bháisteach a thomhas ar Inis Arcáin ar feadh na tréimhse sin i gcomparáid le taifid stairiúla de 227.9mm don tréimhse chéanna. Ag stáisiún aimsire Rinn an Róistigh bhí 131.7mm de bháisteach ann le linn na tréimhse sin i gcomparáid le taifid stairiúla de 205.9mm don tréimhse chéanna. Is é sin 28% agus 37% níos lú báistí arna taifeadadh go háitiúil.
Sa bhreis air sin, tá méadú ar úsáid uisce tí, ar éileamh ón talmhaíocht agus ar éileamh arna spreagadh ag buaic an tséasúir thurasóireachta.
In éineacht le Contae Chorcaí, eisíodh OCU do Thiobraid Árann, do Phort Láirge agus do Loch Garman chun an fhéidearthacht a laghdú go mbeidh srianta agus bristeacha sa soláthar ann sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht.
Dúirt Brian O’Leary, Bainisteoir Oibríochtaí Réigiúnacha Uisce ag Uisce Éireann: “Is í príomhthosaíocht Uisce Éireann soláthairtí uisce a chosaint lena n-úsáid ag tithe, ag gnólachtaí agus ag seirbhísí bunriachtanacha. Cé go bhféadfadh an cuma a bheith ar an scéal go minic go mbíonn neart báistí in Éirinn, léirítear leis na sonraí go raibh an 12 mhí seo a chuaigh thart ina míonna a bhí níos teo agus níos tirime ná mar is gnách. Mar thoradh air sin, ní dhearnadh na foinsí uisce ar fud Chontae Chorcaí a athlíonadh mar is gnách don séasúr, agus anois táimid ag dul isteach i lár an tsamhraidh agus i mbuaic an tséasúir thurasóireachta, nuair a fheictear borradh ar éileamh de ghnáth, agus leibhéil uisce faoi bhun an mheáin ann. Mar shampla, in Iarthar Chorcaí bhí orainn uisce a thabhairt i dtancaeir chuig taiscumair i gceantair an Sciobairín / na Léime agus an Ghóilín mar gheall ar leibhéil foinsí an-ísle comhcheangailte le héileamh ard.”
“Tarlaíonn tabhairt isteach an Ordaithe seo tar éis sraith beart a chuir Uisce Éireann i bhfeidhm le cúpla mí anois chun soláthairtí uisce a chosaint chun críocha bunriachtanacha, lena n-áirítear iarrachtaí neartaithe a bhaineann le sceitheadh a bhrath, píopaí a dheisiú, bainistíocht fhoriomlán an líonra agus feasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann le caomhnú uisce ó cheann ceann na bliana trí fheachtas faisnéise poiblí.
"Tá sé an-soiléir ó shonraí Uisce Éireann go gcruthaítear borradh faoin éileamh ar uisce nuair a bhíonn an aimsir te. A bhuí le haimsir mar sin, is é is dóichí go n-úsáidfear osáin le haghaidh garraíodóireachta, fóillíochta agus cuspóirí eile. Ach, is ionann úsáid osáin uisce ar feadh uair an chloig, áfach, agus méid an uisce a úsáideann teaghlach meánmhéide gach lá agus de ghnáth is úsáid neamhriachtanach uisce é sin.
“Leanfaimid le measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar shreafaí aibhneacha agus ar leibhéil screamhuisce agus chun anailís a dhéanamh ar leibhéil úsáide uisce fad agus a bheidh an tOrdú Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm.
“Le linn na tréimhse seo, táimid ag tacú lenár n-úsáideoirí tráchtála uisce agus ag tabhairt comhairle dóibh maidir le caomhnú uisce agus táimid á spreagadh chun leanúint lena n-iarrachtaí chun úsáid neamhriachtanach a sheachaint.
‘Tá a lán leideanna úsáideacha ann chun uisce a chaomhnú ar ár suíomh gréasáin ach is iad na príomhtheachtaireachtaí an t-osán agus an scairdniteoir a fhágáil sa bhothán; uisce tí a athúsáid don ghairdín; agus cithfholcthaí níos giorra a ghlacadh. Iarraimid ar gach uile dhuine a chion féin a dhéanamh ionas gur féidir linn an soláthar uisce a choimeád ar feadh mhíonna an tsamhraidh," a dúirt Brian.
Cuirtear toirmeasc leis an Ordú Caomhnaithe ar úsáid osán uisce gairdín agus ar úsáidí neamhriachtanacha eile uisce ag úsáideoirí tí agus ag áitribh tráchtála le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthráchtála, mar shampla gairdíní atá ceangailte le háitreabh gnó a uisciú.
Chun cuidiú le daoine níos mó a fhoghlaim faoi uisce a shábháil, d’fhorbair Uisce Éireann áireamhán caomhnaithe atá éasca le húsáid ionas gur féidir leo a oibriú amach cé mhéad uisce atá á shábháil acu faoi láthair agus conas is féidir leo níos mó fós a chaomhnú. Tá an t-áireamhán ar fáil inár rannán maidir le caomhnú áit ar féidir leat go leor leideanna úsáideacha a fháil freisin maidir le huisce a shábháil.
Is féidir le baill den phobal sceití ar bith sa líonra uisce poiblí a thuairisciú trí theagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann 24/7 ag 1800 278 278 nó ar water.ie.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.