Skip to main content

Ordú Caomhnaithe Uisce Uile-Chontae eisithe ag Uisce Éireann do Phort Láirge

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Dhearbhaigh Uisce Éireann go mbeidh Ordú Caomhnaithe Uisce - ar a dtugtar cosc ar osáin uisce de ghnáth - i bhfeidhm do chontae Phort Láirge ón Satharn, 26 Iúil 2025 go dtí 16 Meán Fómhair 2025.

Eisíodh an tOrdú Caomhnaithe Uisce mar iarracht ar an soláthar uisce a chosaint chun críocha bunriachtanacha. I gcomhréir le ceanglais reachtúla, feicfear fógraí poiblí i nuachtáin náisiúnta an 24 Iúil 2025 ina leagfar amach na srianta. Áirítear leis na srianta sin úsáid osán gairdín agus úsáidí neamhriachtanacha eile uisce.

Tagann cur i bhfeidhm an Ordaithe seo tar éis tréimhse fhada aimsire tirime comhcheangailte le héileamh ard, agus tá brú géar á chur ar sholáthairtí uisce anois mar thoradh air sin ar fud an chontae.

Tá sé ríthábhachtach go dtabharfar Ordú Caomhnaithe Uisce isteach chun an fhéidearthacht a laghdú go mbeidh srianta agus bristeacha sa soláthar ann sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht.

Cuirtear in iúl dúinn leis na sonraí go raibh an bháisteach i bPort Láirge i mBealtaine, i Meitheamh agus in Iúil sa bhliain go dtí seo thar a bheith faoi bhun an mheáin nuair a chuirtear i gcomparáid í le taifid fhadtéarma báistí. Rinneadh méid iomlán de 104mm de bháisteach a thomhas ag stáisiún aimsire Pháirc Uí Mhórdha le linn na tréimhse sin, i gcomparáid leis an meán de 219.6mm do na míonna céanna sna blianta roimhe - beagnach 49% níos lú báistí arna taifeadadh go háitiúil.

Dúirt Fionnuala Callery, Bainisteoir Oibríochtaí Teicniúla Réigiúnacha Uisce Éireann: “Is í príomhthosaíocht Uisce Éireann soláthairtí uisce a chosaint do thithe, do ghnólachtaí agus do sheirbhísí bunriachtanacha. Cé go bhféadfadh an cuma a bheith ar an scéal go minic go mbíonn neart báistí in Éirinn, léirítear leis na sonraí go raibh an 12 mhí seo a chuaigh thart ina míonna a bhí níos teo agus níos tirime ná mar is gnách. Mar thoradh air sin, ní dhearnadh na foinsí uisce ar fud Phort Láirge a athlíonadh mar is gnách don séasúr, agus anois táimid ag dul isteach i lár an tsamhraidh agus leibhéil uisce faoi bhun an mheáin ann.

“Cé go bhfuiltear ag súil le roinnt báistí, ní bheidh sí leordhóthanach chun dul i bhfeidhm go fiúntach ar na leibhéil uisce atá íseal cheana féin.

“Mar fhreagairt air sin, mhéadaíomar ár n-iarrachtaí maidir le sceitheadh a bhrath, píopaí a dheisiú, agus bainistíocht fhoriomlán an líonra. Agus an t-éileamh ag leanúint leis an soláthar a shárú i gceantair áirithe - agus aimsir thirim bhreise tuartha - rinneamar an beart breise d’Ordú Caomhnaithe Uisce a chur i bhfeidhm chun cuidiú leis an soláthar uisce áitiúil a chosaint.

“Léirítear go soiléir leis na sonraí atá againn go mbíonn aimsir thirim ina cúis leis an éileamh ar uisce, go háirithe maidir le húsáidí neamhriachtanacha amhail garraíodóireacht agus glanadh lasmuigh. Mar shampla, má úsáidtear osán uisce ar feadh uair a chloig is féidir a oiread sin uisce a úsáid agus a úsáideann teaghlach de ghnáth i lá amháin.

“Leis an Ordú seo déantar forbairt ar réimse beart atá curtha i bhfeidhm ag Uisce Éireann cheana féin i míonna le déanaí, lena n-áirítear cláir neartaithe braite agus deisithe sceite, agus feachtas feasachta poiblí maidir leis an tábhacht a bhaineann le huisce a chaomhnú ó cheann ceann na bliana.

“Leanfaimid le monatóireacht a dhéanamh ar úsáid uisce agus an tOrdú i bhfeidhm. Tá sé ríthábhachtach go gcosnaítear ár soláthar uisce má táimid chun srianta diana nó bristeacha sa soláthar a sheachaint sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht.

“Táimid ag dul i dteagmháil go gníomhach le húsáideoirí tráchtála uisce chun tacú lena gcuid iarrachtaí caomhnaithe agus úsáid neamhriachtanach a laghdú.

“Tá go leor bealaí simplí ach éifeachtacha ann chun uisce a shábháil - idir cithfholcthaí níos giorra a ghlacadh agus uisce tí a athúsáid sa ghairdín. Is í an phríomhtheachtaireacht: fág an t-osán uisce agus an scairdniteoir sa bhothán.

“Táimid ag iarraidh ar gach uile dhuine a chion féin a dhéanamh ionas gur féidir linn soláthar inbhuanaithe uisce a choimeád ar feadh an tsamhraidh,” a dúirt Fionnuala freisin.

Cuirtear toirmeasc leis an Ordú Caomhnaithe ar úsáid osán uisce gairdín agus ar úsáidí neamhriachtanacha eile uisce ag úsáideoirí tí agus ag áitribh tráchtála le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthráchtála - amhail gairdíní atá ceangailte le háitreabh gnó a uisciú.

D’fhonn tacú le tithe agus le gnólachtaí uisce a chaomhnú, d’fhorbair Uisce Éireann Áireamhán Caomhnaithe Uisce atá éasca le húsáid lena ligtear d’úsáideoirí an méid uisce atá á shábháil acu a mheas agus conas fiú níos mó uisce a shábháil. Tá an t-áireamhán agus leideanna breise ar fáil ar an rannán um Chaomhnú Uisce ar ár suíomh gréasáin.

Is féidir le baill an phobail sceitheadh sa líonra uisce phoiblí a thuairisciú 24/7 trí ghlaoch ar 1800 278 278 nó trí chuairt a thabhairt ar water.ie.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.