Skip to main content

Ordú Caomhnaithe Uisce Uile-Chontae eisithe ag Uisce Éireann do Thiobraid Árann

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Dhearbhaigh Uisce Éireann go mbeidh Ordú Caomhnaithe Uisce, ar a dtugtar cosc ar osáin uisce de ghnáth, i bhfeidhm do chontae Thiobraid Árann ar fad ón Satharn, 26 Iúil 2025 go dtí 16 Meán Fómhair 2025.

Eisíodh an tOrdú Caomhnaithe Uisce mar iarracht ar sholáthar uisce Thiobraid Árann a chosaint chun críocha bunriachtanacha. Feicfear fógraí i nuachtáin náisiúnta an 24 Iúil 2025, i gcomhréir le ceanglais reachtúla ina leagfar amach an toirmeasc ar úsáid osán gairdín agus ar úsáidí neamhriachtanacha eile uisce.

Tagann cur i bhfeidhm an Ordaithe seo tar éis tréimhse fhada aimsire tirime comhcheangailte le héileamh ard, agus curtha le chéile tá na nithe sin ina gcúis le brú géar a chur ar fhoinsí amhuisce ar fud Thiobraid Árann.

Cuirtear in iúl dúinn leis na sonraí go raibh an bháisteach i dTiobraid Árann i mBealtaine, i Meitheamh agus in Iúil sa bhliain go dtí seo thar a bheith faoi bhun an mheáin nuair a chuirtear i gcomparáid í le taifid stairiúla báistí. Rinneadh 194.6mm de bháisteach a thomhas i stáisiún aimsire an Ghoirtín le linn na tréimhse sin i gcomparáid leis an meán fadtéarma (LTA) de 208.5mm don tréimhse chéanna. Is é sin beagnach 7% níos lú báistí arna taifeadadh go háitiúil.

Ciallaíonn an easpa báistí sin go bhfuilimid ag dul isteach sna míonna is teo agus is tirime den bhliain go hiondúil, ag am nuair a mhéadaíonn an t-éileamh de ghnáth.

Tá sé ríthábhachtach go dtabharfar Ordú Caomhnaithe Uisce isteach anois i dTiobraid Árann chun an fhéidearthacht a laghdú go mbeidh srianta agus bristeacha sa soláthar ann sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht.

Dúirt Fionnuala Callery, Bainisteoir Oibríochtaí Teicniúla Réigiúnacha Uisce Éireann: “Is í príomhthosaíocht Uisce Éireann an soláthar uisce a chosaint ar fud Thiobraid Árann lena úsáid i dtithe, i ngnólachtaí agus i seirbhísí bunriachtanacha. Cé go bhféadfadh an cuma a bheith ar an scéal go minic go mbíonn neart báistí in Éirinn, léirítear leis na sonraí go raibh an 12 mhí seo a chuaigh thart ina míonna a bhí níos teo agus níos tirime ná mar is gnách. Mar thoradh air sin, ní dhearnadh na foinsí uisce ar fud Thiobraid Arann a athlíonadh mar is gnách don séasúr, agus anois táimid ag dul isteach i lár an tsamhraidh agus leibhéil uisce faoi bhun an mheáin ann.

“Mar fhreagairt air sin, mhéadaíomar ár n-iarrachtaí ar sceitheadh a bhrath, ar phíopaí a dheisiú, agus ar bhainistíocht fhoriomlán an líonra. De réir mar a leanann an t-éileamh ag sárú an tsoláthair i gceantair áirithe, rinneamar an beart breise d’Ordú Caomhnaithe Uisce a chur i bhfeidhm chun an soláthar uisce áitiúil a chosaint.

"Tá sé an-soiléir ó shonraí Uisce Éireann go gcruthaítear borradh faoin éileamh ar uisce nuair a bhíonn an aimsir te. A bhuí le haimsir mar sin, is é is dóichí go n-úsáidfear osáin le haghaidh garraíodóireachta, fóillíochta agus cuspóirí eile. Tá úsáid osáin uisce ar feadh uair an chloig, áfach, cothrom leis an méid uisce a úsáideann teaghlach meánmhéide gach lá agus de ghnáth is úsáid neamhriachtanach uisce é sin.

“Tarlaíonn tabhairt isteach an Ordaithe seo tar éis sraith beart a chuir Uisce Éireann i bhfeidhm le cúpla mí anois chun soláthairtí uisce a chosaint, lena n-áirítear ár n-iarrachtaí a threisiú chun sceití criticiúla a bhrath agus a dheisiú sa líonra uisce agus feachtas feasachta poiblí atá dírithe ar fheasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann le caomhnú uisce i rith na bliana iomláine.

“Leanfaimid le hanailís a dhéanamh ar leibhéil úsáide uisce fad a bheidh an tOrdú Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar ár soláthar uisce a chosaint má táimid chun an fhéidearthacht a laghdú go mbeidh srianta agus bristeacha sa soláthar ann sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht.

"Le linn na tréimhse seo, táimid ag tacú lenár n-úsáideoirí uisce tráchtála agus ag tabhairt comhairle dóibh maidir le caomhnú uisce agus táimid á spreagadh chun leanúint lena n-iarrachtaí chun úsáid neamhriachtanach a sheachaint.

‘Tá a lán leideanna úsáideacha chun uisce a chaomhnú ar ár suíomh gréasáin ach is iad na príomhtheachtaireachtaí an t-osán agus an scairdniteoir a fhágáil sa bhothán; uisce tí a athúsáid don ghairdín; agus cithfholcthaí níos giorra a ghlacadh. Iarraimid ar gach uile dhuine a chion féin a dhéanamh ionas gur féidir linn an soláthar uisce a choimeád ar feadh mhíonna an tsamhraidh,’ a dúirt Fionnuala.

Cuirtear toirmeasc leis an Ordú Caomhnaithe ar úsáid osán uisce gairdín agus ar úsáidí neamhriachtanacha eile uisce ag úsáideoirí tí agus ag áitribh tráchtála le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthráchtála, mar shampla gairdíní atá ceangailte le háitreabh gnó a uisciú.

Chun cuidiú le daoine níos mó a fhoghlaim faoi uisce a shábháil, d’fhorbair Uisce Éireann áireamhán caomhnaithe atá éasca le húsáid ionas gur féidir leo a oibriú amach cá mhéad uisce atá á shábháil acu faoi láthair agus conas is féidir leo níos mó fós a chaomhnú. Tá an t-áireamhán ar fáil inár rannán maidir le caomhnú áit ar féidir leat go leor leideanna úsáideacha a fháil freisin maidir le huisce a shábháil.

Is féidir le baill den phobal sceití ar bith sa líonra uisce poiblí a thuairisciú trí theagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann 24/7 ag 1800 278 278 nó ar water.ie.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.