Tá deireadh anois leis an bhFógra Fiuchta Uisce ar Scéim Soláthar Uisce Na nGleanntach agus Ard an Rátha
Tá deireadh láithreach bonn leis an bhfógra fiuchta uisce a bhí i bhfeidhm ar Scéim Soláthar Uisce Poiblí Na nGleanntach - Ard an Rátha.
Dearbhaíonn Uisce Éireann (ag eascairt as comhairliúchán le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) gur féidir le custaiméirí an t-uisce ón soláthar uisce poiblí a úsáid mar is gnách arís.
Eisíodh an Fógra Fiuchta Uisce ar an Aoine, an 15 Meán Fómhair, d’fhonn sláinte custaiméirí a chosaint, toisc go raibh laghdú ar cháilíocht an amhuisce a bhí ag dul isteach san ionad cóireála uisce de thoradh ar an drochaimsir.
Bhí saineolaithe uisce óil ó Uisce Éireann ag obair ar a seacht ndícheall chun deireadh a chur leis an bhfógra seo chomh tapaidh in Éirinn agus ab fhéidir é a dhéanamh. Ghabh Damien O’Sullivan buíochas leis an bpobal áitiúil as a bheith foighneach.
“Tuigimid go maith an mhíchaoithiúlacht a bhaineann le Fógra Fiuchta Uisce, ach, sí an tsláinte phoiblí an tosaíocht is mó atá againn.”
Tá Ionad Teagmhála Uisce Éireann do Chustaiméirí (1800 278 278) ar fáil chun ceisteanna ó chustaiméirí a fhreagairt maidir le críoch agus deireadh a bheith leis an bhfógra seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an láithreán gréasáin www.water.ie.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil phoiblí agus seirbhísí fuíolluisce a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chumasú chun dul chun cinn a dhéanamh trí uasghrádú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhonneagar bunriachtanach rud a thacóidh le fás agus le forbairt inbhuanaithe agus ina theannta sin táimid tiomanta d’ uisce óil sábháilte a sholáthar mar aon le feabhas a chur ar an timpeallacht.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh go dtí www.water.ie.
Leis an tseirbhís téacs de chuid Uisce Éireann; seirbhís atá saor in aisce, cuirtear eolas fíor-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú lena nÉirchód agus lena n-uimhir ghutháin ag www.water.ie.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.