Skip to main content

Fógra Fiuchta Uisce eisithe maidir le Soláthar Uisce Poiblí Na nGleanntach - Ard an Rátha

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Tá Uisce Éireann ag obair go fóill chun críoch agus deireadh a chur le Fógra Fiuchta Uisce atá i bhfeidhm ar chustaiméirí ar Sholáthar Uisce Poiblí Na nGleanntach - Ard an Rátha. 

Ag eascairt as cáilíocht laghdaithe an t-amhuisce (mar gheall dhroch-dhálaí aimsire) a bhí ag dul isteach san ionad cóireála uisce, eisíodh an fógra ar an 15 Meán Fómhair chun sláinte na gcustaiméirí ar an soláthar a chosaint.  

Is í cosaint sláinte phoiblí an phríomhthosaíocht atá ag Uisce Éireann agus a bheidh ina phríomhthosaíocht aige i gcónaí. Tá monatóireacht ar an soláthar ag leanúint ar aghaidh, coinneofar na torthaí seo faoi athbhreithniú agus roinnfear iad le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus sinn i dteagmháil rialta leo.

Idir na dá linn, moltar do gach uile chustaiméir ar an soláthar seo a gcuid uisce a fhiuchadh sula n-úsáidfear é nó go dtí go moltar a mhalairt. 

Is féidir le custaiméirí seiceáil a dhéanamh cibé an bhfuil a n-áitreabh faoi réir an fhógra trí chuairt a thabhairt ar www.water.ie  agus Éircód an áitrimh a chur isteach nó trí ghlaoch a chur ar líne chabhrach Uisce Éireann do chúram chustaiméirí, ar fáil 24/7, ar 1800 278 278. 

Tá léarscáil den limistéar i gceangal agus tá sí le fáil sa chuid dar teideal ‘Seirbhís agus Soláthar’ ar an láithreán gréasáin water.ie.

Dhearbhaigh Damien O’Sullivan ó Uisce Éireann do chustaiméirí ar an soláthar go bhfuil foireann ag obair chun críoch agus deireadh a  chur leis an bhfógra a luaithe agus chomh sábháilte agus is féidir é.  

“Aithním go bhfuil cur isteach ar an bpobal áitiúil mar gheall ar an bhFógra Fiuchta Uisce, ach is í sláinte phoiblí an phríomhthosaíocht atá ag Uisce Éireann agus tá an fógra seo i bhfeidhm chun sláinte na gcustaiméirí ar an soláthar a chosaint.  

“Tá saineolaithe uisce de chuid Uisce Éireann ag obair i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun críoch agus deireadh a chur leis an bhfógra agus táimid fíorbhuíoch do na daoine atá faoi réir an fhógra as a gcuid foighne.”

Tagann caighdeáin uisce óil de chuid Uisce Éireann le rialacháin Uisce Óil an AE. Is caighdeáin dhochta iad agus áirítear leo lamhálacha leathana sábháilteachta. I gcás go n-aithnítear rioscaí do chaighdeán an uisce, trí chlár feabhsaithe tástála agus monatóireachta, téitear i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus eisítear Fógraí Fiuchta Uisce d’fhonn sláinte an phobail a chosaint. I ngach uile chás téitear i mbun gnímh láithreach bonn chun dul i ngleic le húdar na faidhbe d’fhonn deireadh a chur leis an bhfógra a luaithe agus atá sé sábháilte é sin a dhéanamh, déantar sin le comhaontú ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Faigheann custaiméirí leochaileacha atá cláraithe le hUisce Éireann cumarsáid dhíreach uaidh maidir le Fógraí Fiuchta Uisce. Meabhraítear do chustaiméirí go bhfuil sé sábháilte an t-uisce a ól nuair a fhiuchtar é roimhré.
 

Ní foláir uisce a fhiuchadh:

  • Chun t-uisce a ól
  • Do dheochanna déanta le huisce;
  • Chun sailéid agus bianna cosúil leo a ullmhú, más rud é nach ndéanfar iad a chócaráil sula n-íosfar iad;
  • Fiacla a scuabadh;

Oighear a dhéanamh - Caith amach ciúbanna oighir i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí. Déan oighear as uisce fiuchta fuaraithe.

Gníomhartha is gá a dhéanamh: 

  • Úsáid uisce ullmhaithe má táthar chun é a ól agus nuair atá bianna  nach gcócarálfar á n-ullmhú(mar shampla sailéid a ní);
  • Is féidir uisce a úsáid do shláinteachas pearsanta, folcthaí agus chun leithris a shruthlú ach ná húsáidfear é chun fiacla a scuabadh nó chun béal duine a fholcadh;
  • Cuir uisce ar fiuchadh go dtí go mbeidh gal leanúnach uaidh (mar shampla le citeal uathoibríoch) agus lig dó fuarú ina dhiaidh sin. Clúdaigh agus stóráil i gcuisneoir nó in áit fuar é. Níl sé sábháilte uisce ón sconna te a ól. Ní fhágfaidh scagairí uisce tí go bhfuil an t-uisce sábháilte lena ól;
  • Ba chóir a bheith cúramach agus tú ag folcadh páistí le cinntiú nach slogfaidís an t-uisce folctha.
  • Foirmle do Naíonáin a Ullmhú: Nuair atá Fógra Fiuchta Uisce i bhfeidhm, is féidir foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna más rud é gur cuireadh ar fiuchadh é uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad) agus gur ligeadh dó fuarú roimh ré. Is féidir foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce i mbuidéil. Rialaítear uisce i mbuidéil, seachas uisce mianraí nádúrtha ar an gcaighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce i mbuidéil a bhfuil lipéad ‘Uisce Mianraí Nádúrtha’ air a úsáid toisc go bhféadfadh leibhéil arda sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, cé nach minic a bhíonn sé i gceist. Is féidir ‘Uisce Mianraí Nádúrtha’ a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ann, don tréimhse is lú ama is féidir; tá sé fíorthábhachtach go mbeadh a ndóthain le hól ag naíonáin. Má úsáidtear uisce i mbuidéil chun foirmle a dhéanamh do naíonáin ba chóir é a chur ar fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach agus gal ag teacht uaidh ar feadh 1 nóiméad), agus ligean dó fuarú mar is iondúil. Is féidir leas a bhaint as foirmle réidh-le-húsáid nach gá a thuilleadh uisce a chur leis.
     

Ní mór a bheith fíor-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalltaí a sheachaint toisc gur féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe nuair a bhíonn leanaí i gceist.

Tá eolas chun dáta ar fáil ar an mír Eolas chun Dáta maidir le Soláthar Uisce ar an láithreán gréasáin water.ie ar X @IWCare agus tríd an líne chabhrach um chúram custaiméirí atá ar fáil 24/7 ar 1800 278 278.
 

Glenties - Ardara

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.