Skip to main content

Orduithe Caomhnaithe Uisce

Láithreacha ina bhfuil Orduithe Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm faoi láthair:

Tá ganntanais uisce ann i roinnt scéimeanna soláthair uisce ar fud na tíre mar aon le brú laghdaithe nuair a bhíonn foinsí ísle amhuisce nó leibhéil ísle ann sna taiscumair. Tá sé sin ina thoradh ar réimse fachtóirí lena n-áirítear éileamh ard ar uisce agus tréimhsí fada de leibhéil ísle báistí.

I gcúinsí uathúla, cuirtear ordú caomhnaithe uisce (nó cosc ar osáin) i bhfeidhm más fíor-riachtanach é sin. Trí orduithe caomhnaithe uisce cinntítear nach n-úsáideann daoine uisce ach le haghaidh cuspóirí bunriachtanacha i gceantair ina bhfuil easnamh tromchúiseach san uisce atá ar fail le leithdháileadh. Tá sé ríthábhachtach go ndéantar uisce a chaomhnú agus úsáid uisce a laghdú sna cúinsí sin chun leanúnachas an tsoláthair a chinntiú.

Cad atá i gceist le hOrdú Caomhnaithe Uisce (cosc ar osáin)?

Úsáid thoirmiscthe

Uisce a úsáid a tharraingítear trí osán nó trí ghaireas cosúil le haghaidh -  

  1. uisce a chur ar ghairdín
  2. mótarfheithicil phríobháideach a ghlanadh trí úsáid a bhaint as píobán tí
  3. bád fóillíochta príobháideach a ghlanadh
  4. linn snámha nó lapadaíola baile a líonadh nó a chothabháil (ach amháin nuair a úsáidtear coimeádáin láimhe a líontar go díreach ó sconna)
  5. lochán baile a líonadh nó a chothabháil (seachas locháin éisc)
  6. scairdeán ornáideach a líonadh nó a chothabháil (seachas úsáid den sórt sin chun críocha tráchtála)
  7. lochán nó loch saorga nó gléas atá cosúil leo a líonadh nó a athlíonadh

Táimid ag iarraidh ar an bpobal le cuidiú lena chion féin a dhéanamh chun soláthairtí bunriachtanacha uisce a chosaint dá phobail áitiúla, agus chun uisce a chaomhnú nuair is féidir. Leanaimid chun monatóireacht a dhéanamh ar na leibhéil ag ar soláthairtí uile agus chun aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith riachtanacha chun soláthairtí a choimeád.


Féach ar ár tionscadail

Bain úsáid as an léarscéil idirghníomhach chun fáil amach cad atá ag tarlú i do cheantar

Pillars in a body of water measuring water levels

Ganntanais uisce agus srianta

Bíodh ar an eolas faoi cad a tharlaíonn le linn ganntanais uisce agus conas a oibríonn muid chun do sholáthar uisce a chaomhnú.

A woman pouring a glass of water from a filter jug in a kitchen

Caomhnú

Má oibríonn muid chun an méid atá ag teastáil againn a úsáid amháin, is féidir linn ár ndícheall a dhéanamh chun ár n-uisce a chosaint don todhchaí. Féach ar conas is féidir linn uisce a chaomhnú. Faigh leideanna chun uisce a spáráil sa bhaile, sa ghairdín agus ar an bhfeirm.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Custaiméir leochaileach a chlarú

Tuigimid go bhfuil riachtanais éagsúla ar ár custaiméirí nuair a mbíonn síad ag úsáid ár tseirbhísí uisce agus teagmhála a dhéanamh linn. Táimid anseo chun cabhair a thabhairt dóibh.