Skip to main content

Soláthar buan uisce ar fáil arís in Oileán Ghabhla ó cuireadh deireadh leis an bhFógra Fiuchta Uisce

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Is mian le hUisce Éireann a dhearbhú gur cuireadh críoch rathúil leis na hoibreacha deisithe ar an bpíblíne dhamáistithe fhomhuirí trína dtugtar uisce chuig Oileán Ghabhla, agus go bhfuil soláthar buan uisce ar fáil do mhuintir an oileáin arís. Nuair a bhí na hoibreacha curtha i gcrích thugamar faoi chlár monatóireachta ar cháilíocht an uisce, fuaireamar comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus anois tá deireadh curtha leis an bhFógra Fiuchta Uisce a bhí i bhfeidhm ó mhí Aibreáin 2026.

Bhí oibríocht chasta innealtóireachta muirí i gceist le deisiú na píblíne damáistithe, agus bhí tacaíocht ó chonraitheoirí speisialaithe agus saineolaithe teicniúla ag teastáil. Rinneadh iniúchtaí agus suirbhéanna fairsinge faoi uisce chun an chuid den phíblíne a bhí damáistithe a aimsiú, agus ansin tugadh árthaigh mhuirí speisialaithe agus foirne tumadóireachta isteach chun an obair dheisiúcháin a dhéanamh. A luaithe agus a bhí an obair críochnaithe, rinneadh an phíblíne a thástáil agus a choimisiúnú arís, agus tugadh soláthar buan uisce ar ais don oileán agus daingníodh foinse iontaofa uisce óil don phobal áitiúil. 

Nuair a bhí an soláthar buan ar fáil arís rinneadh sampláil agus tástáil chuimsitheach ar an uisce chun a chinntiú go raibh na caighdeáin chuí uile um uisce óil á gcomhlíonadh. Dheimhnigh na torthaí go raibh an soláthar uisce sábháilte le hól, agus tar éis dul i gcomhairle leis an FSS, cuireadh deireadh leis an bhFógra Fiuchta Uisce. Is féidir le custaiméirí uisce as an sconna a úsáid mar is gnách arís, m.sh. is féidir leo é a ól, a úsáid chun bia a ullmhú agus chun a gcuid fiacla a ghlanadh. 

Do phobal an oileáin, tá tabhairt ar ais an tsoláthair bhuain uisce thar a bheith tábhachtach chun tacú leis an saol laethúil ar Oileán Ghabhla. Tá an soláthar uisce ríthábhachtach do thithe, do ghnólachtaí áitiúla agus do ghníomhaíochtaí turasóireachta ar an oileán, ag cuidiú le pobal oileáin beoga a choimeád ag imeacht anois agus amach anseo. 

Bhí an méid seo le rá ag Damien O'Sullivan ó Uisce Éireann: “Tá an-áthas orainn a dhearbhú gur éirigh linn soláthar uisce a chur ar fáil do mhuintir Oileán Ghabhla arís agus go bhfuil deireadh curtha anois leis an bhFógra Fiuchta Uisce a bhí i bhfeidhm ó mhí Aibreáin. Seo deireadh le críochnú rathúil tionscadail deisiúcháin chasta óna dteastaigh san-chriúnna muirí, foirne tumadóireachta agus saineolaithe teicniúla agus iad ag obair le chéile i ndálaí dúshlánacha amach ó gcósta. Rinneadh gach céim den oibríocht a chomhordú go cúramach thart ar thréimhsí maithe san aimsir agus ar dhálaí na farraige d’fhonn an phíblíne fhomhuirí a dheisiú go sábháilte agus soláthar buan uisce a thabhairt ar ais don oileán. 

“Is seirbhís bhunriachtanach é uisce do phobal ar bith, ach go háirithe do phobail ar oileáin ina bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag an mbonneagar maidir le tithe, gnólachtaí áitiúla agus turasóireacht a thacú. Tá a fhios againn cé chomh dúshlánach agus a bhí sé le míonna beaga anuas do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le pobal Oileán Ghabhla as a gcuid foighne, tuisceana agus tacaíochta le linn na tréimhse seo. Is mór dúinn an comhoibriú a fuaireamar ó chónaitheoirí le linn dár bhfoirne bheith ag obair chun soláthar uisce fadtéarma, sábháilte agus iontaofa a thabhairt ar ais don oileán.” 

Tá Ionad Teagmhála Uisce Éireann do Chustaiméirí ar oscailt 24/7 ar uimhir shaorghlao 1800 278 278 chun ceisteanna a fhreagairt maidir le deireadh a chur leis an bhfógra seo. 

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú.

Nuashonruithe Roimhe Seo

Tá Uisce Éireann á mheabhrú do chustaiméirí ar Ghabhla go bhfuil an Fógra Fiuchta Uisce fós i bhfeidhm ar an oileán ar mhaithe le sláinte an phobail a chosaint.

Eisíodh an fógra seo i mí Aibreáin agus tá feidhm leis i gcónaí chun go gcosnófaí sláinte custaiméirí, a bhfuil isteach le amach le 95 acu, fad is atá soláthar uisce eatramhach á chur ar fáil.

Tá oibreacha riachtanacha ar siúd faoi láthair a dhéanfaidh éascaíocht d’aisghabháil shábháilte an naisc píblíne bhuain fo-thoinn, ar oibreacha iad sin nach mór iad a chríochnú sula bhféadfaí an fógra a chur ar ceal. Tá an phleanáil ag dul chun cinn go maith, agus táthar ag súil go dtosóidh na hoibreacha níos déanaí sa samhradh. Ós rud é go mbraitheann na hoibreacha sin ar an aimsir, d’fhéadfadh na hamlínte athrú lena chinntiú go ndéanfar na hoibreacha go sábháilte agus i gcomhréir leis na ceanglais timpeallachta go léir.

Tá Uisce Éireann ag obair go dlúth lena chonraitheoir lena chinntiú go gcuirfear cumarsáid shoiléir, thráthúil ar fáil do gach duine lena mbaineann, lena n-áirítear cónaitheoirí an oileáin, na seirbhísí éigeandála agus oibritheoir an bháid farantóireachta. Tá sé ina príomhthosaíocht againn an pobal a choinneáil ar an eolas de réir mar a rachaidh na pleananna ar aghaidh sna míonna amach romhainn.

Bhí an méid seo le rá ag Damien O’Sullivan ó Uisce Éireann: “Tugaimid tús áite do chosaint shláinte na gcustaiméirí ar Ghabhla, agus coinneofar an Fógra Fiuchta Uisce ansin go dtí go mbeidh sé sábháilte é a ardú. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh maidir le pleanáil na n-oibreacha riachtanacha is gá chun píblíne bhuan faoin bhfarraige an oileáin a athchóiriú, agus táthar ag súil go dtosóidh na hoibreacha níos déanaí an samhradh seo, ag brath ar an aimsir. Cé go bhfuil an soláthar eatramhach i bhfeidhm fós, iarraimid ar an bpobal leanúint ar aghaidh leis an uisce a fhiuchadh sula n-úsáidfidh siad é agus cuidiú a thabhairt trí uisce a chaomhnú nuair is féidir le linn na haimsire atá ann faoi láthair.”

Idir an dá linn, tá an soláthar uisce eatramhach i bhfeidhm fós. Ag teacht le comhairle sláinte poiblí, meabhraítear do chustaiméirí nach mór an t-uisce uile a fhiuchadh sula n-úsáidfear é, lena n-áirítear uisce óil, ullmhú bia agus scuabadh fiacla. An tosaíocht is mó atá ag Uisce Éireann sláinte an phobail a chosaint. Tá sé sábháilte an t-uisce a ól ach é a bheith bruite de réir comhairle an FSS.

Is féidir le custaiméirí seiceáil an a n-áitreabh san áireamh ar www.water.ie agus a nEirchód a chur isteach, nó trí theagmháil a dhéanamh le Líne Cabhrach 24/7 Chúram Custaiméirí Uisce Éireann ar 1800 278 278. Tá mapa den limistéar atá i gceist ar fáil chomh maith sa rannán Soláthar agus Seirbhís.

Tá dianchaighdeáin i bhfeidhm ag Uisce Éireann maidir le huisce óil, de réir rialacháin Uisce Óil an AE, agus tá lamhálacha earráide leathan i gceist leo. I gcás ina n-aithnítear rioscaí do cháilíocht an uisce trí chlár feabhsaithe tástála agus monatóireachta Uisce Éireann, déantar comhairliúchán leis an bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte (FSS), agus eisítear Fógraí ‘Fiuch an tUisce’ chun sláinte an phobail a chosaint. I ngach cás, déantar beart láithreach chun aghaidh a thabhairt ar chúis na faidhbe chun go mbeifear in ann an fógra a ardú a luaithe is féidir, i gcomhaontú leis an FSS.

Faigheann custaiméirí leochaileacha atá cláraithe le Uisce Éireann cumarsáid dhíreach maidir le Fógraí ‘Fiuch an tUisce’. Cuirtear i gcuimhne do chustaiméirí go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól nuair a bheidh sé bruite.

Ní mór an t-uisce fhiuchadh:

  • Lena ól;
  • Le haghaidh deochanna a dhéantar le huisce;
  • Chun sailéid agus bianna comhchosúla a ullmhú, nach ndéantar a chócaráil sula n-itear siad;
  • Chun fiacla a ní;
  • Chun oighear a dhéanamh - caith amach ciúbanna oighir i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí. Déan oighear as uisce fiuchta fuaraithe.

Cad iad na bearta ba chóir a dhéanamh:

  • Úsáid uisce a ullmhaíodh lena ól agus tú ag ullmhú bianna nach mbeidh cócaráilte (e.g. sailéid a ní);
  • Is féidir uisce a úsáid le haghaidh sláinteachas pearsanta, folctha agus sruthlú leithris ach ní chun fiacla a ní nó chun do bhéal a fholcadh;
  • Fiuch uisce trína chur ar fiuchadh rollach láidir (e.g. le citeal uathoibríoch) agus lig dó fuarú. Clúdaigh agus stóráil i gcuisneoir nó in áit fhuar é. Níl uisce ón sconna te sábháilte lena ól. Ní fhágfaidh scagairí go bhfuil uisce tí sábháilte lena ól;
  • Ba chóir a bheith cúramach agus tú ag folcadh páistí lena chinntiú nach slogfaidh siad an t-uisce folctha;
  • Ag Ullmhú Bainne Foirmle Do Naíonáin: Nuair atá Fógra Fiuchta Uisce i bhfeidhm, is féidir bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna a cuireadh ar fiuchadh é uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad) agus gur ligeadh dó fuarú roimh ré. Is féidir bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce buidéil. Déantar gach uisce i mbuidéil, seachas uisce mianraí nádúrtha, a rialú ar an gcaighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce i mbuidéil a bhfuil lipéad mar ‘Uisce Mianra Nádúrtha’ air a úsáid mar go bhféadfadh leibhéil arda sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, cé gur annamh a bhíonn. Is féidir ‘Uisce Mianra Nádúrtha’ a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ann, ar feadh tréimhse ama chomh gearr agus is féidir, mar tá sé tábhachtach go bhfuil a ndóthain le hól ag leanaí. Má úsáidtear uisce i mbuidéil chun bainne foirmle a dhéanamh do naíonáin ba chóir é a chur ar fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad), agus lig dó fuarú mar is iondúil. Is féidir leas a bhaint freisin as foirmle réidh-le-húsáid nár ghá a thuilleadh uisce a chur isteach ann.

Ba chóir a bheith an-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalladh a sheachaint mar is féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe le páistí.

Tá nuashonruithe ar fáil ar ár rannán Nuashonruithe Soláthair Uisce ar ár suíomh Gréasáin., ar X @IWCare agus trínár líne cabhrach 24/7 cúram custaiméirí ar 1800 278 278. 

Is mian le hUisce Éireann a mheabhrú do chustaiméirí ar Oileán Ghabhla gurb ann i gcónaí don Fhógra Fiuchta Uisce ar an oileán ar mhaithe le sláinte an phobail a chosaint.

Eisíodh an fógra seo i mí Aibreáin agus tá feidhm leis i gcónaí chun go gcosnófaí sláinte custaiméirí, a bhfuil isteach le amach le 95 acu, fad is atá soláthar uisce eatramhach á chur ar fáil.

Tá oibreacha riachtanacha ar siúd faoi láthair a dhéanfaidh éascaíocht d’aisghabháil shábháilte an naisc píblíne bhuain fo-thoinn, ar oibreacha iad sin nach mór iad a chríochnú sula bhféadfaí an fógra a chur ar ceal.

Tá measúnuithe pleanála agus teicniúla ar siúl faoi láthair chun tacú leis na hoibreacha sin. Obair chasta atá inti, agus braitheann sí ar choinníollacha fabhracha.

Bhí an méid seo le rá ag Damien O’Sullivan ó Uisce Éireann: “Tá ár gcuid foirne ag obair leo ar na measúnuithe agus ar an bpleanáil atá de dhíth chun an phíblíne faoi thoinn chuig an oileán a aisghabháil go sábháilte, agus tacaíocht á fáil acu ó speisialtoirí mara agus teicniúla. Oibreacha casta iad seo a bhfuil trealamh speisialta i gceist leo agus a dteastaíonn na coinníollacha cearta chun tabhairt fúthu. Tá soláthar malartach á choinneáil go dtí an t-oileán san idirthréimhse. Tá an t-uisce sábháilte le hól tar éis dó a bheith bruite, agus cuirfear an fógra ar ceal a luaithe is a bheidh sé sábháilte déanamh amhlaidh agus tar éis comhaontú an FSS a fháil. Is mór againn tacaíocht leanúnach phobal an oileáin agus muid ag obair i dtreo an fhógra seo a chur ar ceal agus soláthar buan a chur ar fáil arís dár gcustaiméirí.”

An tosaíocht is mó atá ag Uisce Éireann sláinte an phobail a chosaint. Tá sé sábháilte an t-uisce a ól ach é a bheith bruite de réir comhairle an FSS.

Is féidir le custaiméirí a sheiceáil an bhfuil a maoin san áireamh trí chuairt a thabhairt ar an rannán Cáilíocht Uisce ar ár suíomh Gréasáin agus a n-Eircode a iontráil, nó trí theagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Cúraim Chustaiméirí 24/7 Uisce Éireann ar 1800 278 278. Tá léarscáil den limistéar lena mbaineann ar fáil le feiceáil freisin sa rannán Soláthair agus Seirbhísí ar ár suíomh Gréasáin.

Tá dianchaighdeáin i bhfeidhm ag Uisce Éireann maidir le huisce óil, de réir rialacháin Uisce Óil an AE, agus tá lamhálacha earráide leathan i gceist leo. Sa chás go n-aithnítear rioscaí do chaighdeán an uisce trí chlár tástála agus monatóireachta Uisce Éireann, téitear i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus eisítear Fógraí Fiuchta Uisce chun sláinte an phobail a chosaint. Téitear i mbun gnímh láithreach i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar údar na faidhbe le go gcuirfear an fógra ar ceal a luaithe agus is féidir déanamh amhlaidh go sábháilte agus i gcomhaontú leis an FSS.

Seoltar cumarsáid dhíreach maidir le Fógra Fiuchta Uisce chuig custaiméirí leochaileacha atá cláraithe le hUisce Éireann. Meabhraítear do chustaiméirí go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól tar éis dó a bheith bruite.

Ní mór an t-uisce fhiuchadh:

  • Lena ól;
  • Le haghaidh deochanna a dhéantar le huisce;
  • Chun sailéid agus bianna comhchosúla a ullmhú, nach ndéantar a chócaráil sula n-itear siad;
  • Chun fiacla a ní;
  • Chun oighear a dhéanamh - caith amach ciúbanna oighir i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí. Déan oighear as uisce fiuchta fuaraithe.

Cad iad na bearta ba chóir a dhéanamh:

  • Úsáid uisce a ullmhaíodh lena ól agus tú ag ullmhú bianna nach mbeidh cócaráilte (e.g. sailéid a ní);
  • Is féidir uisce a úsáid le haghaidh sláinteachas pearsanta, folctha agus sruthlú leithris ach ní chun fiacla a ní nó chun do bhéal a fholcadh;
  • Fiuch uisce trína chur ar fiuchadh rollach láidir (e.g. le citeal uathoibríoch) agus lig dó fuarú. Clúdaigh agus stóráil i gcuisneoir nó in áit fhuar é. Níl uisce ón sconna te sábháilte lena ól. Ní fhágfaidh scagairí go bhfuil uisce tí sábháilte lena ól;
  • Ba chóir a bheith cúramach agus tú ag folcadh páistí lena chinntiú nach slogfaidh siad an t-uisce folctha;
  • Ag Ullmhú Bainne Foirmle Do Naíonáin: Nuair atá Fógra Fiuchta Uisce i bhfeidhm, is féidir bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna a cuireadh ar fiuchadh é uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad) agus gur ligeadh dó fuarú roimh ré. Is féidir bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce buidéil. Déantar gach uisce i mbuidéil, seachas uisce mianraí nádúrtha, a rialú ar an gcaighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce i mbuidéil a bhfuil lipéad mar ‘Uisce Mianra Nádúrtha’ air a úsáid mar go bhféadfadh leibhéil arda sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, cé gur annamh a bhíonn. Is féidir ‘Uisce Mianra Nádúrtha’ a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ann, ar feadh tréimhse ama chomh gearr agus is féidir, mar tá sé tábhachtach go bhfuil a ndóthain le hól ag leanaí. Má úsáidtear uisce i mbuidéil chun bainne foirmle a dhéanamh do naíonáin ba chóir é a chur ar fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad), agus lig dó fuarú mar is iondúil. Is féidir leas a bhaint freisin as foirmle réidh-le-húsáid nár ghá a thuilleadh uisce a chur isteach ann.

Ba chóir a bheith an-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalladh a sheachaint mar is féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe le páistí.

Tá nuashonruithe ar fáil ar ár rannán Nuashonruithe Soláthair Uisce ar ár suíomh Gréasáin., ar X @IWCare agus trínár líne cabhrach 24/7 cúram custaiméirí ar 1800 278 278. 

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.