Skip to main content

Fógra Fiuchta Uisce eisithe do chustaiméirí a bhfuil a gcuid uisce ag teacht chucu ó Sholáthar Uisce Poiblí Na Tulaí - Crois na Tulaí 

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

  Tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, d'eisigh Uisce Éireann Fógra ‘Na hÓltar an tUisce'’ ar Scéim Soláthair Uisce Poiblí Na Tulaí - Crois na Tulaí i gCo. na Gaillimhe.  

Eisíodh an fógra seo chun sláinte tuairim is 401 custaiméir ar an soláthar a chosaint toisc gur aimsíodh ardléibhéal mangainéise sa líonra. 

Aire: Ní Fógra Fiuchta Uisce é seo. Ní leor é uisce a fhiuchadh chun an t-uisce a dhéanamh sábháilte lena ól. Tá sé ríthábhachtach nach dtabharfaí uisce ón príomhlíonra uisce chuig naoínáin atá á gcothú le buidéal.  

Baineann an fógra seo le gach ceantar atá á sholáthar ag Soláthar Uisce Poiblí Na Tulaí - Chrois na Tulaí. Tá léarscáil de sholáthar Na Tulaí - Crois na Tulaí (féach an ceangaltán) ar fáil ar www.water.ie 

Tá soláthar uisce eagraithe agus beidh bulcthaincaer uisce sna háiteanna a leanas ón lá inniu:

  • Droichead Dhoire Inbhir
  • Teach Pobail Chrois na Tulaí
  • Halla Pobail Chrois na Tulaí
  • Scoil Náisiúnta Na Tulaí
  • Siopa Rogan, An Tulaigh   


Beidh dhá thancaer IBC ag gach suíomh, agus athlíonfar iad gach lá. Meabhraítear do chustaiméirí a soithí féin a úsáid agus uisce á thógáil ó na tancaeir agus ní foláir an t-uisce a fhiuchadh sula n-ólfar é ar fhaitíos na bhfaitíos. 

Tá saineolaithe um géilliúlacht uisce óil agus saineolaithe oibríochtúla ó Uisce Éireann ag obair go dícheallach chun an scéal a chur ina cheart a luaithe agus is féidir é. 

Agus é ag caint faoin bhfógra a bheith á fheidhmiú, dúirt Thomas Gibbons ó Uisce Éireann: “Tuigeann Uisce Éireann an tionchar a bhíonn ag fógra ‘Ná hÓltar an t-Uisce’ ar an bpobal agus ba mhaith linn a chur in iúl do chustaiméirí go bhfuilimid ag obair ar ár seacht ndícheall chun deireadh a chur leis an bhfógra a luaithe agus chomh sábháilte agus is féidir é.”

Is féidir le custaiméirí leochaileacha a bhfuil imní orthu teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann um chúram custaiméara ar 1800 278 278.

Ná húsáidfear an t-uisce sna himthosca a leanas: 
 

  • Lena ól
  • Do dheochanna déanta le huisce
  • Chun bia a ullmhú a ní nó a chocaráil
  • Chun fiacla a scuabadh
  • Chun oighear a dhéanamh
  • Níor cheart do leanaí faoi 12 mhí dheag, ach go háirithe,   an t-uisce seo a ól. Níor cheart an t-uisce seo a úsáid chun foirmle a ullmhú do naíonáin a chothaítear le buidéal. Ba cheart foinse uisce eile a úsáid. Is féidir foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce i mbuidéil. Rialaítear uisce i mbuidéil, seachas uisce mianraí nádúrtha ar an gcaighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce i mbuidéil a bhfuil lipéad ‘Uisce Mianraí Nádúrtha’ air a úsáid toisc go bhféadfadh leibhéil arda sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, cé nach minic a bhíonn sé i gceist. Is féidir ‘Uisce Mianraí Nádúrtha’ a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ann, don tréimhse is lú ama is féidir; tá sé fíorthábhachtach go mbeadh a ndóthain le hól ag naíonáin.
  • Má úsáidtear uisce i mbuidéil chun foirmle a dhéanamh do naíonáin ba chóir é a chur ar fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad), agus lig dó fuarú mar is iondúil.
  • Is féidir leas a bhaint as foirmle réidh-le-húsáid nach gá a thuilleadh uisce a chur leis.
  • Ní fhágfaidh scagairí uisce tí go bhfuil an t-uisce sábháilte lena ól.
  • Ní foláir a bheith cúramach agus tú ag folcadh páistí lena chinntiú nach slogfaidís siad an t-uisce folctha
  • Caith amach ciúbanna oighir atá i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí. 
     

Is féidir uisce a úsáid do na nithe a leanas: 

  • Féadtar an t-uisce a úsáid do shláinteachas pearsanta, folcthaí, chun leithris a shruthlú, chun éadaí a ní agus chun sceanra a ní. 

 

Leanfaidh Uisce Éireann ar aghaidh ag dul i gcomhairle le Feidhmeanancht na Seirbhíse Sláinte d’fhonn críoch agus deireadh a chur leis an bhFógra ‘Ná hÓltar an tUisce’ a luaithe agus a bheidh sé indéanta. 

Tá eolas chun dáta ar fáil ar Eolas chun Dáta maidir le Soláthar Uisce.
ar X @IWCare agus tríd an líne chabhrach um chúram custaiméirí atá ar fáil 24/7 ar 1800 278 278.  
 

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.