Tugann Uisce Éireann le fios faoi bhriseadh pleanáilte i gceantar an Spidéil maidin Dé Céadaoin
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Déanfaidh Uisce Éireann oibreacha uasghrádaithe riachtanacha ag Gléasra Cóireála Uisce an Spidéil ar maidin Dé Céadaoin, an 30 Iúil.
D’fhéadfadh cur isteach ar sholáthar uisce sna ceantair máguaird agus na hoibreacha uasghrádaithe riachtanacha seo ar siúl.
D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an gcás ar cheantair soir ón Spidéal, lena n-áirítear Na Forbacha, an Pháirc, an Lipe agus Baile Liam, agus d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an gcás ar cheantair siar ón Spidéal, lena n-áirítear an Tulaigh, chomh maith. Is iad custaiméirí ar thalamh níos airde is dóichí a mbeidh tionchar orthu.
Tá na hoibreacha le bheith ar siúl idir 8rn agus 1in Dé Céadaoin.
De ghnáth, tógann sé dhá nó trí huaire an chloig chun an soláthar gnáth a athbhunú do gach custaiméir i ndiaidh briseadh cumhachta pleanáilte. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go dtógfadh sé níos faide chun an soláthar gnáth a athbhunú do chustaiméirí ar thalamh níos airde nó ag deireadh an líonra.
Ghabh Tony Kelly ó Uisce Éireann buíochas le custaiméirí lena mbaineann as a dtuiscint agus na hoibreacha uasghrádaithe riachtanacha seo ar siúl.
“Aithníonn Uisce Éireann an mhíchaoithiúlacht a eascraíonn as cur isteach ar sholáthar uisce, agus ba mhaith linn a dhearbhú do chustaiméirí atá buailte i gceantar an Spidéil go ndéanfar a soláthar a athbhunú go gnáthleibhéil a luaithe is féidir,” a dúirt Tony.
Faigheann custaiméirí leochaileacha a chláraigh le hUisce Éireann cumarsáid dhíreach uainn i gcás bristeacha beartaithe agus neamhbheartaithe a mhairfidh níos mó ná ceithre uair an chloig. Chun clárú mar chustaiméir leochaileach nó mar theagmhálaí malartach, tabhair cuairt ar ár leathanach Custaiméirí Leochaileacha.
Tá Uisce Éireann tiomanta do chustaiméirí a choinneáil ar an eolas ar fud ardáin éagsúla 24/7 agus molaimid do chustaiméirí dul i dteagmháil linn tríd ár suíomh Gréasáin, cainéil X @IWCare, agus tríd ár líne chabhrach cúram custaiméirí atá oscailte 24/7 ar 1800 278 278.
Cuireann Uisce Éireann seirbhís téacs saor in aisce ar fáil a thugann nuashonruithe fíor-ama maidir le saincheisteanna áitiúla. Féadann custaiméirí clárú leis lena nÉirchód nó lena n-uimhir fóin póca ar ár leathanach Nuashonruithe Téacs
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.