Plean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála
Cuir do thuairimí in iúl
Tá ár gcéad phlean straitéiseach náisiúnta á fhorbairt againn do chórais fuíolluisce phoiblí uile. Tríd an bPlean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála (PNFUD) cuirfear creat fianaisebhunaithe, fadtéarma ar fail a bheidh comhsheasmhach ar bhonn náisiúnta chun tuiscint a fháil ar fheidhmíocht reatha, rioscaí amach anseo a mheasúnú agus riachtanais phleanála agus infheistíochta sa todhchaí a shainaithint go dtí 2055.
View consultation documents
- Osclófar an comhairliúchán: 22 Deireadh Fómhair 2026 ag 9:00rn
- Dúnfar an comhairliúchán: 17 Nollaig 2026 ag Meán Oíche
An méid a bhfuilimid ag dul i gcomhairle ina leith
Seo an chéad chéim fhoirmiúil den chomhairliúchán poiblí maidir leis an PNFUD.
Tá do chuid tuairimí á lorg againn maidir leis na nithe a leanas:
- na dúshláin, na deiseanna agus na treochtaí sa todhchaí a rachadh i bhfeidhm ar an bPlean;
- an cur chuige molta le haghaidh an PNFUD a fhorbairt;
- na Táscairí feidhmíochta atá molta;
- raon feidhme agus modheolaíocht na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta; agus
- conas ba cheart d’Uisce Éireann cumarsáid agus teagmháil a dhéanamh de réir mar a fhorbrófar an Plean.
Tá aiseolas á lorg againn freisin faoi raon feidhme beartaithe na Measúnachta Straitéiseach Timpeallachta (MST), rud a thabharfaidh deis do dhaoine tionchar a bheith acu ar an gcaoi a ndéantar seirbhísí fuíolluisce a phleanáil agus a sholáthar amach anseo.
Leis an aiseolas, déanfar eolas d’ullmhú an Dréachtphlean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála agus do na measúnachtaí timpeallachta a ghabhann leis.
Féach ar ár leathanach comhairliúcháin chun tuilleadh eolais a fháil faoin dóigh le haighneacht a dhéanamh.
Forbhreathnú ar an Tionscadal
Leis an PNFUD, bunófar na boinn straitéiseacha le haghaidh pleanáil fuíolluisce sa tréimhse go dtí 2055.
An chéad phlean náisiúnta
Brúnna ar chórais fuíolluisce
Táscairí feidhmíochta
Comhoibriú
Bonn straitéiseach
Seo a leanas an méid atá sa PNFUD:
Doiciméid an chomhairliúcháin agus foilseacháin (Nasc le doiciméid)
Is féidir féachaint ar dhoiciméid an chomhairliúcháin agus iad a íoslódáil:
Déan teagmháil le foireann PNFUD
Maidir le ceisteanna faoin PNFUD nó faoin gcomhairliúchán seo:
Ríomhphost: nwwdp@water.ie
Post: Plean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála, Uisce Éireann, Bosca Oifig Phoist 860, Oifig Sheachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí
Ar líne: Tairseach an chomhairliúcháin: www.consult.water.ie