Comhairliúchán
Treochlár PNFUD
Conas aighneacht a chur isteach
Is féidir leat na doiciméid chomhairliúcháin a scrúdú agus aighneacht a dhéanamh ar líne, le ríomhphost nó sa phost. Níl na freagraí teoranta do cheisteanna an chomhairliúcháin.
Tá fáilte romhat barúlacha nó moltaí eile ar bith a chur ar fáil a d’fhéadfadh cuidiú le forbairt an Plean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála (PNFUD).
Cuir Aighneacht isteach
Ar líne: Tairseach an chomhairliúcháin: www.consult.water.ie
Ríomhphost: nwwdp@water.ie
Post: Plean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála, Uisce Éireann, Bosca Oifig Phoist 860, Oifig Sheachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí
Caithfear aighneachtaí a fháil tráth nach déanaí ná meán oíche an 17 Nollaig 2026.
Seimineár Gréasáin Poiblí
Táimid ag dul i dteagmháil le raon leathan páirtithe leasmhara, agus eagróimid seimineár gréasáin poiblí freisin an 16 Samhain 2026.
| Imeachtaí Comhairliúcháin ar Líne | Dáta | Aga | Clárú |
|---|---|---|---|
| Seimineár gréasáin poiblí | 16 Samhain | 12:30PM - 1:30PM | Cláraigh anseo |
An Chéad Chéim Eile
Tar éis an comhairliúcháin, déanfaidh Uisce Éireann athbhreithniú agus plé ar an aiseolas uile a fuarthas. Déanfar aiseolas ó dhaoine aonair a thuairisciú go hanaithnid agus cuirfear aiseolas ó eagraíochtaí síos dóibh siúd.
Le haiseolas ábhartha déanfar eolas do na nithe a leanas:
- an Dréachtphlean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála;
- mionchoigeartú na modheolaíochta molta agus na dTáscairí Feidhmíochta;
- an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta - Tuarascáil Timpeallachta.
Foilseofar an Dréachtphlean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála in 2027 ar mhaithe le comhairliúchán poiblí reachtúil ocht seachtaine. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an aiseolas sin, foilseofar an PNFUD deiridh, an Ráiteas MST, an Cinneadh MC agus Tuarascáil an Chomhairliúcháin in 2028.
Ansin déanfar athbhreithniú ar an bPlean go tréimhsiúil.
Déan teagmháil le foireann PNFUD
Maidir le ceisteanna faoin PNFUD nó faoin gcomhairliúchán seo:
Ríomhphost: nwwdp@water.ie
Post: Plean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála, Uisce Éireann, Bosca Oifig Phoist 860, Oifig Sheachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí
Ar líne: Tairseach an chomhairliúcháin: www.consult.water.ie