Skip to main content

An fáth a dteastaíonn an Plean

Feidhmíonn an córas fuíolluisce poiblí i dtimpeallacht atá ag éirí níos casta. Éilítear leis na dúshláin sin cur chuige i leith pleanála atá níos straitéisí, níos fadtéarmaí agus níos comhsheasmhaí ar bhonn náisiúnta.

Bailíonn agus cóireálann Uisce Éireann, mar sholáthraí náisiúnta seirbhísí uisce phoiblí na hÉireann, os cionn 1.2 billiún lítear fuíolluisce gach lá sula gcuirtear ar ais go sábháilte sa timpeallacht é. Tá sé ríthábhachtach go soláthrófaí seirbhísí fuíolluisce sábháilte, slána agus inbhuanaithe chun an tsláinte phoiblí a chosaint, chun tacú le tithíocht agus fás eacnamaíoch, agus chun timpeallacht uisce agus acmhainní nádúrtha na hÉireann a chosaint.

D’fhonn treochtaí sa todhchaí agus riachtanais a athróidh a shásamh, tríd an Plean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála (PNFUD) cuirfear creat inoiriúnaithe, fianaisebhunaithe, comhsheasmhach ar fáil le haghaidh na hathruithe sin a mheasúnú, tuiscint a fháil ar rioscaí amach anseo agus riachtanais fhadtéarma a shainaithint maidir le pleanáil agus infheistíocht.

Tairbhí an PNFUD

Leis an PNFUD cuideofar lena chinntiú go mbíonn seirbhísí fuíolluisce ar fáil in Éirinn atá sábháilte, inbhuanaithe agus seasmhach chun tacú le pobail, le tithíocht, le fás eacnamaíoch agus le cosaint an chomhshaoil. Soláthrófar creat fadtéarma leis chun rioscaí agus riachtanais infheistíochta a shainaithint amach anseo , cáilíocht uisce a fheabhsú, seasmhacht ó thaobh na haeráide de a neartú, rioscaí tuilte agus truaillithe a laghdú, agus tacú le torthaí níos fearr do chustaiméirí, do phobail agus don timpeallacht.

I measc na dtairbhí sin tá:

Icon

Tacaítear le tithíocht agus le fás inbhuanaithe

Icon

Cosnaítear agus feabhsaítear ár dtimpeallacht

Icon

Laghdaítear rioscaí tuilte agus truaillithe

Icon

Neartaítear seasmhacht ó thaobh na haeráide de

Icon

Cuidítear le luach níos fearr a sholáthar trí phleanáil agus trí infheistíocht fhadtéarma

Déan teagmháil le foireann PNFUD

Maidir le ceisteanna faoin PNFUD nó faoin gcomhairliúchán seo:

Ríomhphost: nwwdp@water.ie

Post: Plean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála, Uisce Éireann, Bosca Oifig Phoist 860, Oifig Sheachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí

Ar líne: Tairseach an chomhairliúcháin: www.consult.water.ie