Skip to main content

Ceisteanna Coitianta

Thug An Coimisiún Pleanála cead pleanála do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (DMBÁC) i mí Iúil 2025. Cuireadh an t-iarratas isteach ar dtús i mí Iúil 2018, agus cuireadh an tIarratas Tarchuir faoi bhráid an Bhoird Pleanála (ar a dtugtar An Coimisiún Pleanála anois) i mí na Nollag 2021.

Tá Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ina chuid bharrthábhachtach den infheistíocht atá á déanamh ag Uisce Éireann i mbonneagar fuíolluisce nua chun sláinte phoiblí a chosaint, ár gcomhshaol a chaomhnú agus fás a éascú suas go dtí an bhliain 2050.  Cuimsítear leis an tionscadal saoráid chóireála fuíolluisce réigiúnach nua agus ionad moil sloda ar shuíomh 30 heicteár i gCluain Seach, agus séarach fithiseach faoi thalamh ó Bhaile Bhlainséir go Cluain Seach lena n-áirítear stáisiún caidéalaithe nua i mBaile an Aba.

A luaithe a bheidh sé ag feidhmiú, cuirfidh Draenáil Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath cóireáil fuíolluisce ar fáil do choibhéis de leathmhilliún duine atá ina gcónaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha máguaird. Anuas air sin, cuirfidh sé go mór le hacmhainn forbartha tithíochta i mBaile Átha Cliath, sa Mhí, i Lú agus i gcodanna de Chill Dara agus Cill Mhantáin trí bhonneagar nua a sholáthar a mhaolóidh an brú laistigh den líonra fuíolluisce atá ann cheana.

Rachaidh Uisce Éireann ar aghaidh anois le próiseas soláthair conraitheora maidir le tógáil an tionscadail. Nuair a bheidh sé seo curtha i gcrích, meastar go dtógfaidh an chéim tógála trí bliana.

Tá tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath bunaithe ar thorthaí Staidéar Straitéiseach Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a foilsíodh in 2005. D’aithin Staidéar Straitéiseach Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath acmhainn theoranta ionad cóireála na Rinne agus chinn sé, chomh maith le hacmhainn na n-ionad cóireála fuíolluisce atá ann ceana a uasmhéadú i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, go bhfuil gá le saoráid réigiúnach nua i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, le píobán sceite a sceitheann an t-uisce go Muir Éireann.

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath in 2011 thar ceann na gceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath, an Mhí, Cill Dara agus Cill Mhantáin. Thug Fine Gall Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath trí dhianphróiseas measúnaithe suíomhanna agus bealaí malartacha agus d'aithin sé réiteach tionscadail ab fhearr leis.

Rinne Uisce Éireann na staidéir chomhshaoil is gá chun iarratas pleanála a ullmhú do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Cuireadh an t-iarratas pleanála isteach in 2018 agus tionóladh éisteacht ó bhéal ina dhiaidh sin.

I mí na Samhna 2019, thug an Bord Pleanála (ar a dtugtar An Coimisiún Pleanála anois) cead pleanála agus dheimhnigh sé an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ) do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tarcuireadh an t-iarratas pleanála do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath chuig an mBord (ar a dtugtar an Coimisiún anois) lena athbhreithniú i ndiaidh Ordú ón Ard-Chúirt an 16 Iúil 2021 (an tIarratas Tarchuir).

Tar éis treoir a fháil ón mBord Pleanála, chuir Uisce Éireann faisnéis bhreise faoi bhráid an Bhoird i mí Dheireadh Fómhair 2023 maidir leis an Iarratas Tarchuir. Pléann an Fhaisnéis Bhreise athruithe atá tar éis tarlú sa chomhthéacs comhshaoil, beartais agus reachtaíochta ó rinneadh an t-iarratas pleanála bunaidh do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath in 2018.

Rinne Uisce Éireann iarratas chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ( GCC) ar Cheadúnas Scaoilte Fuíolluisce (WWDL) i mí na Nollag 2024. Is cuid riachtanach de Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath é seo.

I mí Iúil 2025, thug an Coimisiún Pleanála cead pleanála do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a chuir ar chumas Uisce Éireann leanúint le cóireáil shábháilte fuíolluisce a chur ar fáil i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Is tionscadal claochlaitheach é seo trína ndéanfar sláinte phoiblí a chosaint, ár gcomhshaol a chaomhnú agus fás a éascú suas go dtí an bhliain 2050 agus ina dhiaidh sin.

Tá Uisce Éireann ag obair chun a chinntiú go leantar den chóireáil chuí ar an bhfuíolluisce a ghintear gach lá inár dtithe, inár scoileanna agus inár n-ionaid oibre - ag tacú le fás inbhuanaithe ár bpobal agus ag cosaint ár gcomhshaoil.

Tá Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ríthábhachtach chun srianta acmhainneachta fuíolluisce i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath a réiteach trí shreafaí a aistriú ó thuaidh agus siar ón dobharcheantar chuig Mórionad Cóireála Fuíolluisce Dhraenála Bhaile Átha Cliath nua, agus ar an gcaoi sin toilleadh a shaoradh ag saoráid na Rinne chun freastal ar fhás sa chuid eile dá dhobharcheantar.

Is dúshlán fós é freastal ar an éileamh ar fhuíolluisce agus comhlíonadh a choinneáil i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath go dtí go seachadfar Mórthionscadal Draenála Bhaile Átha Cliath. Áirítear leis sin breis agus €500 milliún a infheistiú chun Ionad Cóireála Fuíolluisce na Rinne a uasghrádú, chun cóireáil a chur ar fáil do choibhéis daonra 2.4 milliún duine faoi dheireadh 2025. 

Tá uasghráduithe agus idirghabhálacha tábhachtacha líonra á gcur chun cinn freisin ar fud Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath chun acmhainn an líonra atá ann cheana a uasmhéadú. Tá Uisce Éireann ag infheistiú €150 milliún eile idir 2022 agus 2030 chun na hidirghabhálacha oirbheartaíochta seo a sholáthar. 

Tá gá leis na hidirghabhálacha sin chun seirbhís a choinneáil ar bun ach ní sholáthróidh siad an athléimneacht is gá ná ní fhreastalóidh siad ar fhás eacnamaíoch agus daonra san fhadtéarma. 

Éilíonn gach sceitheadh fuíolluisce ó shaoráidí Uisce Éireann ceadúnas scaoilte fuíolluisce ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.  Tá an ceadúnas seo riachtanach chun a chinntiú go gcomhlíontar reachtaíocht na hÉireann agus an AE a rialaíonn diúscairt shábháilte fuíolluisce chóireáilte isteach sa chomhshaol. Tacaíonn sé sin le haidhmeanna Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath sláinte an phobail agus an comhshaol a chosaint. 

Mar chuid de phróiseas toilithe foriomlán Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, rinne Uisce Éireann iarratas chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar Cheadúnas Scaoilte Fuíolluisce don dobharcheantar beartaithe a bhfreastalóidh an tionscadal air.  Tugtar Ceirtleán Bhaile Átha Cliath Thuaidh ar an dobharcheantar atá beartaithe. Clúdaíonn an t-iarratas ar Cheadúnas Scaoilte Fuíolluisce do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath sceitheadh eisiltigh chóireáilte ag an suíomh scaoilte beartaithe, 1 km soir ó thuaidh ó Inis Mac Neasáin, mar aon le measúnuithe ar an líonra atá ann cheana, lena n-áirítear uisce stoirme agus forsceitheadh éigeandála. 

Tá measúnú na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar an iarratas ar cheadúnas scaoilte fuíolluisce ar leithligh ón bpróiseas pleanála agus sa bhreis air.

I bhfianaise scála Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus a dhobharcheantair shuntasaigh, tacaíonn Tuarascáil Measúnaithe Tionchair Timpeallachta (TMTT) iomlán leis an iarratas ar cheadúnas scaoilte fuíolluisce. 

Tá dearadh coisctheach, bearta faireacháin agus bearta freagartha ar theagmhais leabaithe freisin i ndearadh an tionscadail chun sceitheadh neamhbheartaithe isteach sa chomhshaol a mhaolú. 

Tá gach doiciméad maidir leis an iarratas ar cheadúnas scaoilte fuíolluisce ar fáil ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil. Féadfaidh páirtithe leasmhara tuairimí nó aighneachtaí i scríbhinn maidir leis an iarratas ar an gCeadúnas Scaoilte Fuíolluisce nó an TMTT a ghabhann leis a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil trína suíomh gréasáin, nó ag a ceanncheathrú ag Bosca Poist 3000, Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. 

Is féidir an t-iarratas pleanála agus Faisnéis Bhreise, mar aon le hábhar eile ar Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, a fheiceáil nó a íoslódáil ó www.gddapplication.ie

Tá cóipeanna crua den iarratas pleanála agus Faisnéis Bhreise ar fáil lena n-iniúchadh saor in aisce. 

Ar an 20 Meitheamh 2018, chuir Uisce Éireann iarratas pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála (ar a dtugtar An Coimisiún Pleanála anois) do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, mar aon le Tuarascáil ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta (TMTT) agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN). Rinneadh an t-iarratas faoi reachtaíocht pleanála a bhaineann le Forbairtí Bonneagair Straitéisigh. Cuireadh Ordú Ceannaigh Éigeantaigh isteach freisin. Ansin thionóil an Bord Pleanála comhairliúchán poiblí reachtúil lena n-áirítear éisteacht ó bhéal. 

Ar an 13 Samhain 2019, thug an Bord Pleanála cead pleanála agus dheimhnigh sé an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. 

Cuireadh an cead pleanála seo ar neamhní tar éis imeachtaí dlíthiúla agus éisteacht Chúirte a bheith eisithe. Cuireadh an t-iarratas pleanála ar ais chuig an mBord Pleanála ina dhiaidh sin le hOrdú ón Ard-Chúirt ar an 16 Iúil 2021 le haghaidh cinneadh nua. 

Scríobh an Bord Pleanála chuig Uisce Éireann ina dhiaidh sin i mí Lúnasa 2022 ag tabhairt deis d'Uisce Éireann nuashonrú a dhéanamh, nuair is cuí, ar an TMTT agus ar an Ráiteas Tionchair Natura agus ar aon fhaisnéis eile a cuireadh faoina bhráid. 

I mí Dheireadh Fómhair 2023, chuir Uisce Éireann an Fhaisnéis Bhreise isteach mar fhreagairt ar an gcomhfhreagras sin. Mar a d'ordaigh an Bord Pleanála, agus an Fhaisnéis Bhreise á hullmhú, tá breithniú déanta ag Uisce Éireann agus ag a chomhairleoirí teicniúla ar a mhéid is gá gach ceann de chaibidlí teicniúla na TMTT agus an Ráitis Tionchair Natura a thabhairt cothrom le dáta, ag féachaint go háirithe do na nithe seo a leanas: 

  • Athruithe ar an timpeallacht bhonnlíne;
  • An ceanglas maidir le suirbhéanna nuashonraithe; agus
  • Athruithe ar an dlí, beartas, agus caighdeáin tionscail agus treoir sa tréimhse idir an dá linn. 

Bhí an Fhaisnéis Bhreise sin ina hábhar comhairliúcháin phoiblí inar iarradh ar pháirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach maidir lena ábhar i samhradh 2024. Tar éis breithniú a dhéanamh, thug An Coimisiún Pleanála cead pleanála do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (DMBÁC) i mí an Mheithimh 2025.

Mar chuid de phróiseas toilithe foriomlán Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, rinne Uisce Éireann iarratas chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar cheadúnas scaoilte fuíolluisce (WWDL).Baineann an t-iarratas ar Cheadúnas Scaoilte Fuíolluisce leis an dobharcheantar atá beartaithe, Ceirtleán Bhaile Átha Cliath Thuaidh, a ndéanfaidh an tionscadal freastal air.  Tá sé ar leithligh ón bpróiseas pleanála agus sa bhreis air. Is cuid ríthábhachtach é an Ceadúnas Scaoilte Fuíolluisce atá ag teastáil chun Tionscadal DMBÁC a chur i gcrích.

Is éard atá i dTuarascáil Measúnaithe Tionchair Timpeallachta (TMTT) ná anailís ar na héifeachtaí dóchúla a d'fhéadfadh a bheith ag forbairt bheartaithe ar an gcomhshaol. Áirítear leis sin aon éifeachtaí dóchúla ar dhaoine, ar fhlóra, ar fhána, ar ithir, ar uisce, ar aer, ar thírdhreach agus ar oidhreacht chultúrtha. 

Is é an forbróir tionscadail, Uisce Éireann sa chás seo, a ullmhaíonn an TMTT chun bonn eolais a chur faoi phróiseas an Mheasúnaithe ar an Tionchar Timpeallachta (MTT) agus cuirtear faoi bhráid an údaráis pleanála í le haghaidh meastóireachta mar aon leis na doiciméid iarratais phleanála. 

Rinneadh athruithe ar an timpeallacht bhonnlíne agus ar an gceanglas maidir le suirbhéanna nuashonraithe a mheas san Fhaisnéis Bhreise a cuireadh faoi bhráid an Bhoird chun a áirithiú go bhfuil an TMTT cothrom le dáta, cruinn agus láidir. 

Is féidir breathnú ar leasuithe ar an TMTT bunaidh a cuireadh isteach in 2018 in éineacht leis an bhFaisnéis Bhreise a cuireadh isteach anseo

Is féidir breathnú ar an Tuarascáil Measúnaithe Tionchair Timpeallachta ag www.gddapplication.ie. Tá na doiciméid phleanála, reachtúla agus chomhshaoil ar fáil le hamharc orthu agus le híoslódáil ón suíomh gréasáin seo. 

Tá athbhreithniú déanta ag Uisce Éireann ar níos mó ná 34,500 aighneacht a cuireadh faoi bhráid fhoireann tionscadail Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ó 2011 i leith. 

Mar chuid den cháipéisíocht phleanála, d'fhoilsigh Uisce Éireann Tuarascáil Rannpháirtíochta Pobail agus Páirtithe Leasmhara an tionscadail Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ina ndéantar doiciméadú ar na comhairliúcháin agus ar an rannpháirtíocht roimhe seo agus ar an gcaoi ar chuir aiseolas ón bpobal bonn eolais faoi fhorbairt tionscadail Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. 

Is mian le hUisce Éireann buíochas a ghabháil leis na daoine aonair agus na heagraíochtaí a bhí páirteach I dtionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath go dtí seo. Tá Tuarascáil Rannpháirtíochta Pobail agus Páirtithe Leasmhara an tionscadail Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar fáil le féachaint uirthi leis an gcáipéisíocht phleanála agus ar líne ag www.gddapplication.ie 

Is feidhm dhlíthiúil é Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a ligeann do chomhlachtaí reachtúla áirithe a gcaithfidh talamh nó maoin a thógáil déanamh amhlaidh gan toiliú an úinéara. Déantar talamh a fháil go héigeantach in Éirinn chun ligean do thionscadal bonneagair phoiblí dul ar aghaidh ar mhaithe leis an leas coiteann.

Tá Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (CPO) déanta ag Uisce Éireann maidir leis an talamh, ceadanna slí buana, limistéir oibre shealadacha agus cearta slí a theastaíonn chun tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a éascú.

Ar an 13 Samhain 2019, dheonaigh an Bord Pleanála an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.  Cliceáil anseo le do thoil chun an cinneadh maidir le hOrdú Ceannaigh Éigeantaigh a fheiceáil. I mí Mheán Fómhair 2021, tugadh Fógraí Gnóthaíochta do gach úinéir talún a ndearna an tionscadal difear dóibh. 

Nuair a bheidh gach toiliú forbartha ceadaithe, meastar go dtógfaidh sé trí bliana ionad cóireála fuíolluisce Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus séarach fithiseach gaolmhar, sruth éalaithe mara agus stáisiún caidéalaithe a thógáil. 

Tá Uisce Éireann ag obair chun Ionad Cóireála Fuíolluisce na Rinne a uasghrádú. I dteannta a chéile, tá gá leis na tionscadail sin chun cóireáil fuíolluisce leordhóthanach a chur ar fáil chun freastal ar mhórcheantar Bhaile Átha Cliath go dtí 2050. Cuirfidh Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath an acmhainn chóireála bhreise is gá ar fáil.

Tá Uisce Éireann ag obair chun a chinntiú go leantar den chóireáil chuí ar an bhfuíolluisce a ghintear gach lá inár dtithe, inár scoileanna agus inár n-ionaid oibre - ag tacú le fás inbhuanaithe ár bpobal agus ag cosaint ár gcomhshaoil.

Beidh. Moltar scéim sochar pobail do thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath d'fhonn sochair a ghiaráil agus a uasmhéadú do phobail áitiúla atá gar don bhonneagar atá beartaithe. Cuirfidh an scéim sochair ar fáil faoi thrí phríomhthéama: Fostaíocht, Oideachas agus an Comhshaol.

Tá Scéim Sochar Pobail Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath mar chuid den cháipéisíocht phleanála ag www.gddapplication.ie.