Project History
Tá Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath bunaithe ar thorthaí Staidéar Straitéiseach Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a foilsíodh in 2005.
This study took a high level view of the wastewater drainage and treatment requirements of the Greater Dublin Area (GDA) and its key findings were the subject of a Strategic Environmental Assessment (2008).
Thug an staidéar seo léargas ardleibhéil ar riachtanais draenála agus cóireála fuíolluisce Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (MCBÁC) agus ba iad a phríomhthorthaí ábhar Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (2008).
D’aithin Staidéar Straitéiseach Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliatha acmhainneacht theoranta ionad na Rinne agus na mórshéarach artaireach a dhraenálann chuige. Tháinig an Staidéar Straitéiseach Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliatha ar an gconclúid, chomh maith le hacmhainneacht na ngléasraí cóireála fuíolluisce atá ann cheana i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath a uasmhéadú, go bhfuil gá le saoráid cóireála fuíolluisce réigiúnach nua, lena n-áirítear séarach fithiseach nua chun sreafaí ó dhobharcheantar na Rinne a idircheapadh, a bheith lonnaithe i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus é ag imeacht go Muir Éireann.
Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath in 2011 thar ceann na gceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath, an Mhí, Cill Dara agus Cill Mhantáin. Thug Fine Gall tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath trí dhianphróiseas measúnaithe suíomhanna agus bealaí malartacha agus d'aithin sé réiteach tionscadail ab fhearr leis.
Chríochnaigh an Fhoireann Tionscadail roghnú an tsuímh in 2013 agus d'aithin sí gurb é an réiteach is fearr chun acmhainn chóireála fuíolluisce a fhorbairt amach anseo i mór-réigiún Bhaile Átha Cliath ná; séarach fithiseach faoi thalamh ó Bhaile Bhlainséir go Cluain Seach agus dhá stáisiún caidéalaithe nua; saoráid chóireála fuíolluisce nua i gCluain Seach; píobán sceite ón tsaoráid chóireála fuíolluisce a sceitheann an t-uisce cóireáilte go Muir Éireann. Rinne Uisce Éireann na staidéir chomhshaoil is gá chun iarratas pleanála a ullmhú do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.