Tuarascáil an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca

Thar ceann Choiste Iniúchóireachta agus Riosca Uisce Éireann, tá mé sásta tuarascáil an choiste a chuir i láthair don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2024.

Gerard Britchfield
Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca

Gerard Britchfield, Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca

Is é aidhm na tuarascála seo ná léargas a sholáthar maidir le hoibriúcháin an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca le 12 mhí anuas.

Baill an Choiste

Tá 4 Comhaltaí Boird Neamh-fheidhmiúcháin neamhspleácha de chuid Uisce Éireann ar an gCoiste. Is iad Gerard Britchfield (Cathaoirleach), Cathy Mannion, Eileen Maher agus Michael Walsh comhaltaí an Bhoird. Tugann na comhaltaí eispéireas agus saineolas ó réimse earnálacha agus cúlraí, rud atá rí-thábhachtach chun tacú le rialachas éifeachtach.

Is é Bord Uisce Éireann, i gcomhairle le Cathaoirleach an Choiste, a dhéanann Comhaltaí an Choiste a cheapadh. Tá an Coiste neamhspleách ar lucht bainistíochta na Cuideachta.

Ról agus Freagrachtaí an Choiste

Is é ról an Choiste, mar a leagtar amach é sna Téarmaí Tagartha ná tacú le Bord Uisce Éireann maidir lena fhreagrachtaí do na cúrsaí seo a leanas:

  • Tuairisciú airgeadais,
  • Bainistiú Riosca,
  • Rialuithe Inmheánacha,
  • Iniúchadh inmheánach,
  • Iniúchadh seachtrach.

Tugann an coiste faoi ghníomhaíochtaí gaolmhara eile, lena n-áirítear forléargas ar Oibleagáidí maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáidí, beartais agus nósanna imeachta maidir le nochtaí cosanta, frithchalaoise, frithbhreabaireachta agus frith-éillithe.

Tuairiscíonn Cathaoirleach an Choiste do Bhord Uisce Éireann maidir le hábhair a phléitear ag gach cruinniú Coiste.

Bearta an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca

Le linn 2024, ghlac an Coiste neart ama chun a phríomhfhreagrachtaí maoirseachta a chomhlíonadh, bhuail siad le chéile 8 n-uaire i rith na bliana. I measc lucht freastal rialta ag cruinnithe an Choiste, a fuair cuireadh ón gCoiste, bhí an POF, an Príomh-Oifigeach Airgeadais, an Príomh-Oifigeach Dlí, Rúnaí na gCuideachta, an Stiúrthóir Straitéise, Athléimneachta agus Rialúcháin, Ceannasaí Iniúchóireachta Inmheánaigh, Ceannasaí Rialála agus Pleanála Airgeadais, Ceannasaí Rialachais agus Comhlíonta Airgeadais, Ceannasaí Riosca Eagraíochta agus Athléimneachta agus ionadaithe ó iniúchóirí seachtracha. Nuair is cuí, tugtar cuireadh do phríomhfheidhmeannaigh agus do bhaill eile den bhainistíocht shinsearach a bheith láthair chun léargas níos doimhne a chur i láthair agus a chur ar fáil maidir le topaicí éagsúla de réir mar a cheanglaítear ag an gCoiste chun a dhualgais a chomhlíonadh.

Chuaigh an Coiste i dteagmháil go minic le bainistíocht shinsearach, iniúchóireacht inmheánach, bainistíocht riosca agus na hiniúchóirí reachtúla. Tá Uisce Éireann faoi réir iniúchta dúbailte ag Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a iniúchóir tráchtála reachtúil araon, Deloitte, faoi Achtanna na gCuideachtaí. Bhuail an Coiste ar leithligh le hionadaithe ón Oifig C&AG agus Deloitte le linn na bliana. Anuas air sin, thug an Coiste faoi chlár iomlán athbhreithnithe ina chruinnithe i rith na bliana lena fhreagrachtaí a chomhlíonadh go héifeachtach.

Sonraítear thíos achoimre maidir leis na gníomhaíochtaí curtha i gcrích ag an gCoiste sa bhliain 2024.

Dualgas

Gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích sa bhliain 2024

Tuairisciú airgeadais

  • Rinneadh athbhreithniú ar Thuarascáil Bhliantúil Uisce Éireann agus Ráiteas Airgeadais, sular moladh faomhadh an Bhoird.
  • Rinneadh breithniú maidir le oiriúnacht mheastacháin agus breithnithe cuntasaíochta a cuireadh i bhfeidhm in ullmhú na ráiteas airgeadais lena n-áirítear oiriúnacht glacadh le bonn ullmhúchán gnóthais leantaigh na ráiteas airgeadais.
  • Rinneadh athbhreithniú ar na beartais chuntasaíochta agus cúrsaí a raibh tionchar acu ar thuairisciú airgeadais.
  • Rinneadh athbhreithniú ar chuntais neamhiniúchta Uisce Éireann don sé mhí dar críoch 30 Meitheamh.
  • Cuireadh measúnacht i gcrích maidir le héifeachtúlacht an iniúchóra seachtraigh (Deloitte), lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh le treoir eiticiúil agus gairmiúil maidir le neamhspleáchas, cáilíochtaí, saineolas agus acmhainní a chur ar fáil.
  • Rinneadh breithniú maidir le pointí litreach an iniúchóra seachtraigh.
  • Rinneadh breithniú maidir le pleananna iniúchta ó Deloitte agus C&AG araon.
  • Bualadh le Deloitte agus an C&AG, ar leithligh ón mbainistíocht.
  • Rinneadh athbhreithniú maidir le téarmaí rannpháirtíochta an iniúchóra seachtraigh ó Deloitte agus C&AG.
  • Moladh beartas don Bhord, maidir le fostú iar-fhostaithe na n-iniúchóirí reachtúla.
  • Rinneadh athbhreithniú ar mhaoiniú na scéime pinsin
  • Formheasadh teorannacha maidir le conarthaí a dhámhachtain don iniúchadh seachtrach le haghaidh obair neamh-iniúchóireachta.
  • Moladh na táillí iniúchta a fhormheas.

Bainistiú riosca

  • Clár Riosca Corparáideach agus Tuarascálacha Athléimneachta agus Nuashonruithe maidir le Riosca Cibearshlándála d’Uisce Éireann a chur san áireamh, agus plé a dhéanamh ar nochtadh riosca, lena n-áirítear rioscaí atá ag treochtáil agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, rialuithe maolaithe agus rátáil sprioc-riosca. Rinneadh breithniú maidir le clár cuimsitheach i ndáil le Nithe Doimhne i rith na bliana, rud a dhírigh ar phríomh-neamhchosaintí ar riosca d’Uisce Éireann.
  • Athbreithniú déanta ar an Modheolaíocht Measúnachta Riosca agus moladh leasuithe air don Bhord.
  • Rinneadh Inghlacthacht Riosca d’Uisce Éireann a mheas, lena n-áirítear Rangú Riosca, roimh a fhaomhadh ag an mBord.
  • Rinneadh Athbhreithniú agus moladh don Bhord, glacadh le Straitéis Riosca 2025-2029.
  • Bualadh le Ceannasaí Riosca Eagraíochta agus Athleimneachta, ar leithligh ón mbainistíocht.
  • Moladh creat il-soláthraithe do sholáthar na Seirbhísí Comhairleacha Riosca don Bhord.
  • Rinneadh athbhreithniú ar an mBeartas Bainistíochta Riosca Eagraíochtúil agus ar an gCreat Bainistíochta Riosca Eagraíochtúil agus moladh leasuithe ina leith don Bhord.

Rialuithe inmheánacha

  • Rinneadh breithniú maidir le tuarascálacha Fhóram Dearbhaithe Comhtháite, lena n-áirítear aon chásanna féideartha chun feabhas a chur ar rialú.
  • Rinneadh athbhreithniú maidir leis an Ráiteas um Córas Rialaithe Inmheánaigh agus tuarascálacha rialaithe agus rialachais gaolmhara, roimh bhreithniú an Bhoird.
  • Rinneadh plé maidir le Maitrís Comhlíonta na Stiúrthóirí i lár agus ag deireadh na bliana, roimh formheas an Bhoird.
  • Rinneadh breithniú ar thuairisciú eatramhach agus deireadh na bliana um chomhlíonadh soláthair

Iniúchadh inmheánach

  • Faomhadh an Plean Iniúchta Inmheánaigh 2024 d’Uisce Éireann.
  • Rinneadh athbhreithniú ar an gCairt Iniúchóireachta Inmheánaí.
  • Rinneadh plé maidir le torthaí na dTuarascálacha Iniúchóireachta Inmheánaí ráithúla d’Uisce Éireann.
  • Rinneadh breithniú faoi nuashonraithe maidir le dul chun cinn ar chur i bhfeidhm na moltaí Iniúchóireachta inmheánaí.
  • Fuarthas tuarascálacha maidir le fadhbanna rúnda.
  • Moladh, creat il-soláthraithe do sholáthar na Seirbhísí Iniúchóireachta Inmheánaí don Bhord
  • Bualadh le Ceannasaí an Iniúchta Inmheánaigh, ar leithligh ón mbainistíocht.
  • Rinneadh éifeachtúlacht fheidhm an Iniúchta Inmheánaigh a mheas.

Ábhair eile

  • Cuireadh an dul chun cinn san áireamh maidir le hullmhúchán Uisce Éireann maidir le hoibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir um Thuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach
  • Rinneadh breithniú faoi Thuarascáil maidir le Nochtaí Cosanta roimh eisiúint don Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe agus roimh fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann.
  • Rinneadh athbhreithniú ar an tsraith eitice a bhaineann le beartais, is é sin, an Beartas Frith-Chalaoise, an Beartas Frith-Bhreabaireachta agus Frith-Éillithe agus an Beartas Nochta Cosanta atá mar chuid den fheachtas ‘An Rud Ceart á Dhéanamh’ agus moladh a fhaomhadh don Bhord.
  • Rinneadh athbhreithniú maidir lena fheidhmíocht féin, i gcomhréir leis an gCód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit. Leasuithe faofa do Théarmaí Tagartha an Choiste, roimh formheas an Bhoird.
  • Rinneadh breithniú maidir le Tuarascáil an Chathaoirligh faoi Alt 1.9 d’iarscríbhinn Tuairisciú Gnólachta agus Airgeadais den Chód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit, roimh formheas an rialtais agus roimh é a chur faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Conclúid

Ag féachaint ar aghaidh go 2025, i measc príomhthosaíochtaí an Choiste, beidh maoirseacht a chothabháil maidir le hionracas tuairiscithe airgeadais, próisis rialála inmheánaí agus cultúr láidir bainistithe riosca a choinneáil ar fud Uisce Éireann. Leanfaidh an Coiste ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt maidir le hullmhúcháin do na hoibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le mo Chomh-chomhaltaí Coiste as a dtiomantas maidir le Clár Oibre iomlán a bhaint amach sa bhliain 2024 agus táim ag súil le bheith ag obair i gcomhar leo agus le foireann Uisce Éireann sa bhliain 2025 agus sinn ag leanúint le maoirseacht a dhéanamh ar rialachas, airgeadais, iniúchóireacht, rialuithe inmheánacha agus ar shocrúcháin bhainistithe riosca in Uisce Éireann.

Gerard Britchfield

Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca