Bord Uisce Éireann

Jerry Grant, Cathaoirleach

Jerry Grant

Cathaoirleach

Ceapachán:

16 Iúil 2024

Tionacht:

5 bliana

Taithí gairme:

Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Comhairleoir Straitéiseach Gnó le taithí é Jerry sna hearnálacha bonneagair agus fóntais. Ina ghairm bheatha mar chomhairleoir seirbhísí uisce, d’oibrigh Jerry ar thionscadail ar fud na hÉireann, lena n-áirítear mórthionscadail straitéiseacha uisce agus fuíolluisce i gceantar Bhaile Átha Cliath. Idir na bliana 2002 agus 2012, bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar RPS Consulting Engineers. In 2013, ghlac Jerry le ról Ceannaire Bainistíochta Sócmhainní ag Uisce Éireann agus bhí sé ina Bhainisteoir Stiúrtha ón mbliain 2016 go Meán Fómhair 2018. Ó d’éirigh sé as Uisce Éireann, tá poist neamhfheidhmiúcháin aige, lena n-áirítear mar Bhall de Bhord Rialaithe TU Bhaile Átha Cliath, Stiúrthóir Spórt Éireann, agus róil san earnáil phríobháideach agus san earnáil charthanachta. Tá Jerry ina Chathaoirleach ar Chuideachta Chalafort Átha Cliath faoi láthair agus tá sé ina bhall den Ghrúpa Comhairleach um Mórthionscadail ag DEPNDPNR

Tá Céim Chéad Onóracha ag Jerry san Innealtóireacht Shibhialta agus Dioplóma i nDlí Conartha agus Eadrána ó COBÁC, tá sé ina Chomhalta d'Innealtóirí Éireann, ina Chomhalta d'Acadamh Innealtóireachta na hÉireann agus ina Bhall d'Institiúid na Stiúrthóirí. Fuair ​​sé Gradam an Uachtaráin ón ACEI in 2017 le haghaidh Seirbhísí don Innealtóireacht in Éirinn agus, in 2018, fuair sé Duais Chomhshaoil ​​na hÉireann ó CIWEM (Brainse Phoblacht na hÉireann), Dámhachtain Sár-Ghnóthachtála ó ICE (Brainse Phoblacht na hÉireann) agus Dámhachtain Conraitheora Innealtóireachta Sibhialta as seirbhísí don tionscal.

Ceapacháin sheachtracha:

Cathaoirleach Chomhlacht Chalafort Átha Cliath agus ball den Ghrúpa Comhairleach um Mórthionscadail ag DEPNDPNR, Stiúrthóir Jerry Grant & Associates Ltd.

Niall Gleeson, POF

Niall Gleeson

POF

Ceapachán:

1 Eanáir 2023

Tionacht:

Comhthráthach le ré an róil mar Phríomh-fheidhmeannach Uisce Éireann

Taithí gairme:

Tá taithí shuntasach ag Niall maidir le hairgeadas, tógáil, coimisiúnú agus cothabháil sócmhainní iompair agus fóntais, agus thug sé ceannaireacht ar thionscadail mhóra bonneagair ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na hÁise. Bhí roinnt róil shinsearacha ceannaireachta aige le roinnt de na cuideachtaí bonneagair is fearr ar domhan lena n-áirítear ‘General Electric agus Shanahan Engineering’. Is iar-Stiúrthóir Bainistíochta é freisin do ‘Veolia Ireland’ agus ‘Alstom Ireland’. Tá céim san innealtóireacht ag Niall ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus is Comhalta d’Innealtóirí Éireann é.

Gerard Britchfield, Comhalta boird

Gerard Britchfield

Comhalta boird

Ceapachán:

1 Eanáir 2023

Tionacht:

3 bliana

Taithí gairme:

D’fheidhmigh Gerry mar bhall sinsearach d’fhoireann feidhmiúcháin CGA Choillte ar feadh 15 bliana ón mbliain 2006 go 2021, lena n-áirítear fónamh mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach, Príomhoifigeach Airgeadais agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin. Le taithí dhomhain tráchtála, lena n-áirítear Foraoiseacht, Fuinneamh In-athnuaite agus Déantúsaíocht, bhí ról lárnach aige i sa chlár um Athrú de chuid Choillte, rud as d’eascair athrú céime ar chonair an ghnó. Bhí sé ina Chathaoirleach Bhord Iontaobhaithe Chiste Pinsean neamhspleách Choillte agus mar Stiúrthóir roinnt cuideachtaí agus fochuideachtaí Comhfhiontair Choillte roimhe sin. Is Comhalta de Chuntasóirí Cairte Éireann é Gerry, agus tá MBA aige freisin ó OCBÁC.

Ceapacháin sheachtracha:

Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Buttimer Engineering Trade Holdings Limited, arna cheapadh an 9 Aibreán 2025.

Patricia King, Comhalta boird

Patricia King

Comhalta boird

Ceapachán:

1 Eanáir 2023

Tionacht:

4 bliana

Taithí gairme:

Is iar-Ard-Rúnaí ar an ICTU agus iar-Leas-Uachtarán ar SIPTU í Patricia agus d’fheidhmigh sí freisin mar cheann de bheirt Leas-Uachtarán na Comhdhála. Bhí sí ina hoifigeach lánaimseartha le SIPTU le breis agus 25 bliain, agus ba í an chéad bhean a d’fheidhmigh mar oifigeach náisiúnta den cheardchumann nuair a ceapadh ina Leas-Uachtarán í in 2010. Rinne sí ionadaíocht ar oibrithe i ngach réimse den gheilleagar, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Tá Patricia ina ball den Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide agus ina Cathaoirleach freisin ar Chomhlacht Maoirseachta Seachtraí Óglaigh na hÉireann.

Ceapacháin sheachtracha:

Bord na Seirbhíse Cúirteanna, Comhlacht Rialaithe Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh, an Chomhairle Printíseachta, an Coimisiún Tithíochta agus an Bord Comhairleach um Athrú Aeráide.

Eileen Maher, Comhalta boird

Eileen Maher

Comhalta boird

Ceapachán:

1 Eanáir 2023

Tionacht:

4 bliana

Taithí gairme:

Is comhairleoir straitéiseach í Eileen le taithí a bhfuil saineolas aici ar athrú tráchtála, ar rialú agus ar dhlí. Tá Céim Bhaitsiléara Tráchtála agus MBA aici ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh agus tá sí ina ball d’Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn. Tá teist aici maidir le tionscadail bhonneagair straitéisigh a fhorbairt agus a chur i gcrích, chomh maith le hidirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhfhiontair, comhpháirtíochtaí agus éadálacha tráchtála. D’oibrigh sí sa tionscal teileachumarsáide ar feadh 30 bliain agus faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar an bhFóram um Thionscal na Cumarsáide Núise agus ina Cathaoirleach ar Fhóram Rannpháirtíochta an Tionscail Teileachumarsáide. Is ball í Eileen de Bhord an GNBS. Is iarbhall í freisin de Bhord Eirgrid agus de Choiste Comhlíonta Údarás Craolacháin na hÉireann. Bhí sí ina Stiúrthóir Straitéise agus Gnóthaí Seachtracha ag Vodafone agus ina ball de Bhord Feidhmiúcháin Vodafone Ireland.

Cathy Mannion, Comhalta boird

Cathy Mannion

Comhalta boird

Ceapachán:

1 Eanáir 2023

Tionacht:

5 bliana

Taithí gairme:

Tá taithí ag Cathy sa rialachán eacnamaíoch mar gheall go mbaineann sé leis an eitlíocht, uisce, leictreachas agus gás. Faoi láthair, tá sí ina cathaoirleach ar an gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta; ag tabhairt cúnamh don Choimisiún Eorpach chun feidhmíocht na soláthróirí monaplachta seirbhísí aerloingseoireachta arna n-ainmniú ag na Ballstáit a rialáil agus a dhreasú. Bhí Cathy ina Coimisinéir um Rialáil Eitlíochta in Éirinn, agus ina hÚdarás Maoirseachta Náisiúnta um rialáil eacnamaíoch na seirbhísí aerloingseoireachta go dtí deireadh 2021. D’oibrigh Cathy roimhe seo sa Choimisiún um Rialáil Fóntais agus bhí sí freagrach as creat rialála eacnamaíoch a bhunú do sheirbhísí uisce agus as beartas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le roinnt mhaith gnéithe de mhargaí fuinnimh na hÉireann, lena n-áirítear taraifí agus rialáil eacnamaíoch líonraí leictreachais agus gáis. Tá BA Mod (Hons) aici san Eacnamaíocht agus Riarachán Gnó ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, chomh maith le MBA ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Dioplóma sa Rialachas Corparáideach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Michael Walsh, Comhalta boird

Michael Walsh

Comhalta boird

Ceapachán:

1 Eanáir 2023

Tionacht:

5 bliana

Taithí gairme:

Tá taithí os cionn tríocha bliain ag Michael mar stiúrthóir neamh-fheidhmiúcháin, feidhmiúchán sinsearach agus dlíodóir tráchtála sa tionscal léasaithe agus maoinithe eitleán. Ina theannta sin, ó 2003 go 2005, bhí sé ina Phríomhoifigeach Dlí ar Bhord Gais Éireann. Ó 1986 go 1989, bhí Michael ina thaidhleoir i Seirbhísí Taidhleoireachta na hÉireann. Tá Michael ina Chathaoirleach de Chomhlacht Chuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge agus mar stiúrthóir neamh-feidhmiúcháin faoi láthair le AerCap Holdings N.V., an ceannaire tionscail sa léas eitlíochta, atá liostaithe ar Stocmhalartán Nua-Eabhrac. Is comhalta é Michael den Choiste Feidhmiúcháin Iontaobhas cathartha freisin agus bhí sé ina stiúrthóir neamh-feidhmiúcháin roimhe sin, lena n-áirítear cathaoirleach roinnt cuideachtaí a mhaoiníonn agus a léasaíonn eitleáin agus traenacha ar fud an domhain. Is Abhcóide agus céimí dlí é Michael ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ceapacháin sheachtracha:

AerCap Holdings N.V.

Comhlacht Calafoirt na Sionainne - Fhainge

Michael Nolan, Comhalta boird

Michael Nolan

Comhalta boird

Ceapachán:

20 Eanáir 2024

Tionacht:

5 bliana

Taithí gairme:

Ceapadh Michael ar Bhord Uisce Éireann i mí Eanáir 2024. Bhí Michael ina POF ar Bhonneagar Iompair Éireann ó 2015 go 2020, agus roimhe sin bhí poist aige mar Cheannasaí ar Mhórthionscadail agus ar Chláir Caipitil ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta. Roimhe seo, bhí poist údaráis áitiúil ag Michael, lena n-áirítear tionscadail mhótarbhealaigh idiruirbeacha a bhainistiú. Áirítear lena cheapacháin sheachtracha Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar ESB Networks DAC agus Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Mórthionscadail (MPAG). Is é ról an MPAG ná cabhrú leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe i gcur i bhfeidhm na dTreoirlínte Bonneagair sula ndéanann an Rialtas breithniú ar mholtaí móra infheistíochta poiblí. Iarchéimí innealtóir sibhialta de chuid Ollscoil na Gaillimhe is ea Michael agus tá MSc aige i mBainistíocht Clár Mór ó Ollscoil Oxford. Is Innealtóir Cairte agus Comhalta d’Innealtóirí na hÉireann é.

Ceapacháin sheachtracha:

ESB Networks DAC, Ball de Bhord Clár BusConnects don Údarás Náisiúnta Iompair. Cathaoirleach ar an nGrúpa Comhairleach um Mórthionscadail don Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe.

Douglas Millican, Comhalta boird

Douglas Millican

Comhalta boird

Ceapachán:

12 Deireadh Fómhair 2024

Tionacht:

3 bliana

Taithí gairme:

Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é Douglas le heagraíochtaí a dhíríonn ar shochar poiblí nó pobail a sheachadadh nuair a thugann sé a thaithí ar cheannaireacht, rialachas, bainistíocht straitéiseach airgeadais, inbhuanaitheacht comhshaoil, agus athrú i dtimpeallachtaí atá dírithe ar an gcustaiméir agus i dtimpeallachtaí ard-rialaithe. D’oibrigh Douglas san earnáil uisce in Albain ar feadh 27 bliain, agus bhí ról lárnach aige ina athrú chun feabhais. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Scottish Water ar feadh breis agus 10 mbliana go dtí an bhliain 2023 tar éis dó a bheith ina Stiúrthóir Airgeadais agus Rialála roimhe sin ó cruthaíodh Scottish Water in 2002.

Is cathaoirleach é Douglas ar World Vision UK, tá sé mar Chomalta Cúirte ar Ollscoil Dhún Éideann, áit a bhfuil sé ina chathaoirleach ar an gCoiste um Iniúchóireacht agus Riosca, is comhalta tuata é den General Medical Council sa Ríocht Aontaithe agus is Comhalta Boird é de Bhord na Straitéise Náisiúnta um Athrú Eacnamaíochta Chun Feabhais a Sheachadadh de chuid Rialtas na hAlban.

Is céimí de chuid Ollscoil Dhún Éideann é Douglas agus is comhalta é den Institute of Chartered Accountants of Scotland.

Ceapacháin sheachtracha:

Ollscoil Dhún Éideann, General Medical Council, World Vision UK, Bord na Straitéise Náisiúnta um Athrú Eacnamaíochta Chun Feabhais a Sheachadadh de chuid Rialtas na hAlban.

Paul Reid, Comhalta boird

Paul Reid

Comhalta boird

Ceapachán:

16 Iúil 2024

Tionacht:

4 bliana

Taithí gairme:

Tá ról curtha i gcrích ag Paul le deireanas mar Chathaoirleach Neamhspleách ar Thionól na Saoránach maidir le Drugaí. Is comhairleoir straitéiseach gnó é i láthair na huaire. Bhí róil shinsearacha agus feidhmiúcháin ag Paul cheana sna hearnálacha príobháideacha, seachbhrabúsach, an rialtais láir agus na sláinte. Áirítear i measc na ról sin POF Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ó Bhealtaine 2019 go dtí Nollaig 2022. Le linn na tréimhse sin, rinne sé an tseirbhís sláinte a stiúradh trí phaindéim dhomhanda Covid-19 agus trí chibearionsaí coiriúil a bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith aige. Anuas ar an méid sin, rinne sé sraith leasaithe a chur i bhfeidhm.

Bhí Paul ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Fhine Gall, ceann de na húdaráis áitiúla is mó in Éirinn, ó 2014 go dtí 2019. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomhoifigeach Oibriúcháin sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus chaith sé tréimhse mar Stiúrthóir ar Chúrsaí Corparáideacha le Trócaire. Chaith sé cuid mhaith dá shaol oibre (1982-2010) san earnáil phríobháideach mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin le eir (Eircom Teoranta). Tá Máistreacht ag Paul sa Riarachán Gnó ó Choláiste na Tríonóide agus tá Céim Bhaitsiléara aige in Acmhainní Daonna agus i gCaidreamh Tionsclaíoch le Coláiste Náisiúnta na hÉireann. Tá comhaltachtaí faighte aige ó Choláiste Náisiúnta na hÉireann agus ó Choláiste Uí Ghríofa.

Ceapacháin sheachtracha:

Comhairleoir straitéiseach gnó le Covalen, Cathaoirleach Bhord Ashdale Care (Éire)