Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid freagrach as uisce glan agus sábháilte a chur ar fáil do na milliúin duine ar fud na hÉireann. Oibrímid agus déanaimid cothabháil ar bhonneagar uisce agus fuíolluisce lena n-áirítear na mílte ionad cóireála agus sócmhainn, chomh maith leis na mílte ciliméadar de líonra píobáin.
Cuirimid soláthar uisce óil sábháilte agus iontaofa ar fáil dár gcustaiméirí agus déanaimid a bhfuíolluisce a bhailiú agus a chóireáil agus a chur ar ais go sábháilte sa timpeallacht. Agus na seirbhísí ríthábhachtacha sin á soláthar, atá mar bhonn faoin bhfás sóisialta agus eacnamaíoch don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht, táimid ag comhoibriú lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil chun líonraí uisce na hÉireann, atá ag dul in aois, a athrú ó bhonn, faoi aon fhóntas náisiúnta amháin a bheidh nua-aimseartha agus éifeachtúil.