Creat Bainistithe Riosca
I rith na bliana 2024, bhain Uisce Éireann leas as cur chuige éifeachtach, comhtháite agus struchtúrtha i ndáil le bainistiú riosca, lena n-áirítear próiseas cuimsitheach bainistithe riosca chun bainistíocht, athbhreithniú, monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar na príomhrioscaí agus na héiginnteachtaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chomhlíonadh ár gcuspóirí straitéiseacha.
Tá Creat Bainistithe Riosca Eagraíochtúil, beartas agus próisis Uisce Éireann seanbhunaithe agus cuirtear i bhfeidhm iad go comhsheasmhach ar fud na heagraíochta, rud a éascaíonn sainaithint, measúnú, monatóireacht agus tuairisciú rioscaí ar gach leibhéal den eagraíocht, ar an leibhéal aonair agus ar an leibhéal comhiomlán.
Cultúr Riosca
Aithníonn Uisce Éireann go mbraitheann bainistiú riosca rathúil ar chultúr riosca éifeachtach lena gcuimsítear iompraíocht, noirm agus dearcthaí ár ndaoine. Aithníonn bainistíocht Uisce Éireann a ríthábhachtaí agus atá cultúr riosca éifeachtach a bhíonn ag forbairt agus ag athrú i gcónaí agus a chuirtear chun cinn trí ‘treisiú ón mbarr’ agus oiliúint rialta ar bhainistiú riosca. Déanaimid faire na fáistine go leanúnach agus go gníomhach chun cuidiú le rioscaí nua agus rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint. Mar thoradh air sin, is léir an tábhacht a bhaineann le bainistiú riosca, lena n-áirítear cuntasacht shoiléir agus úinéireacht rioscaí, ar fud Uisce Éireann. Aithnítear go bhfuil ról ag gach duine san eagraíocht ‘labhairt amach’ faoi riosca.
An Bord agus Bainistiú Riosca
Tá freagracht fhoriomlán ar an mBord as riosca a bhainistiú go héifeachtach ar fud Uisce Éireann, agus athbhreithníonn siad agus tugann siad aghaidh go rialta ar na príomhrioscaí a chuireann an bhainistíocht os a gcomhair, ag cinntiú go ndéanfar iad a mheasúnú, a bhainistiú agus a mhaolú go cuí.
Tá an t-údarás tarmligthe ag an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca chun tacú leis an mBord leis na dualgais sin. Tacaíonn foireann tiomnaithe riosca leis an gcoiste timpeallacht éifeachtach bainistithe riosca a choinneáil mar aon le samhail rialachais riosca ó bharr anuas, ó bhun aníos.
Modheolaíocht um Measúnacht Riosca
Rinne Uisce Éireann athbhreithniú cuimsitheach ar a mhodheolaíocht um measúnacht riosca in 2024. Tá modheolaíocht um measúnacht riosca athnuaite i bhfeidhm anois ina leagtar amach modheolaíocht chaighdeánach nuashonraithe chun rioscaí a mheas ar gach leibhéal den eagraíocht, agus tionchar agus dóchúlacht an riosca á gcur san áireamh. Cuidíonn an cur chuige comhsheasmhach sin le cinnteoireacht agus le tús áite a thabhairt do príomhghníomhaíochtaí maolaitheacha. Rinne an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca, agus an Bord, an mhodheolaíocht a athbhreithniú agus a fhaomhadh.
Straitéis Riosca
D’fhaomh an Bord Straitéis Riosca nua d’Uisce Éireann in 2024. Leagtar amach sa Straitéis Riosca fhaofa (2025-2029) uaillmhianta don chéad 5 bliana eile sna réimsí ceannaireachta agus rialachais, daoine agus cultúir, comhtháthú agus uirlisí, agus teicneolaíocht. Is í an uaillmhian sa straitéis tuilleadh aibíochta a sholáthar den tsamhail riosca agus tacú le cinnteoireacht bunaithe ar riosca agus í a chumhachtú ar fud na heagraíochta.
Inghlacthacht Riosca
Le linn na bliana 2024, shocraigh an Bord Inghlacthacht Riosca athbhreithnithe don eagraíocht, lena gcuirtear in iúl an leibhéal agus an cineál riosca a bhfuil Uisce Éireann sásta glacadh leo agus a chuspóirí straitéiseacha á mbaint amach aige. Tá an Inghlacthacht Riosca ailínithe le catagóirí riosca a bhfuil Uisce Éireann nochta dóibh.
Athbhreithnithe Cuimsitheacha
Le linn 2024, bhreithnigh an Coiste um Iniúchóireacht agus Riosca stádas na bpríomhrioscaí agus na ngníomhaíochtaí maolaithe gaolmhara agus cuireadh roinnt Athbhreithnithe Cuimsitheacha faoina bhráid chun a dtuiscint ar phríomhrioscaí áirithe agus ar a bpríomh-mhaoluithe a fheabhsú tuilleadh.
Próiseas 4 chéim um Bainistiú Riosca Eagraíochta (BRE)
Leanann Uisce Éireann sárchleachtas agus úsáideann sé próiseas ceithre chéim chun sainaithint, measúnú, freagairt agus monatóireacht leanúnach rioscaí a chinntiú ar fud na heagraíochta, chun tacú lenár gcuspóirí straitéiseacha a bhaint amach.