Rannpháirtíocht straitéiseach páirtithe leasmhara

Is éard atá i gceist le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara an próiseas trína ndéanaimid teagmháil go gníomhach lenár gcuid custaiméirí agus lenár bpáirtithe leasmhara ar bhealach atá oscailte, trédhearcach agus fiúntach. Tugaimid tosaíocht do ról ríthábhachtach ár bpáirtithe leasmhara agus oibrímid i ndlúthpháirt leo chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas agus ionchas. Chomh maith leis sin, lorgaímid aiseolas go gníomhach ónár bpáirtithe leasmhara chun tuiscint a fháil ar cé chomh maith agus atáimid ag comhlíonadh na n-ionchas sin.

Príomhchaidreamh

Fostaithe

Tosaíochtaí

Sábháilteacht

Feidhmíocht Eagraíochtúil

Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú

Folláine

Cur Síos

I rith na bliana, tugaimid faoi ghníomhaíochtaí rialta rannpháirtíochta agus folláine na bhfostaithe.

Cuirimid cultúr sábháilteachta dearfach agus réamhghníomhach bunaithe ar iompraíocht chun cinn, rud a threisíonn ár gcultúr ‘Obair Shábháilte, Baile Sábháilte’ go bhfuil an ceart againn go léir oibriú agus dul abhaile go sábháilte’.

Aithníonn Uisce Éireann an tábhacht a bhaineann le comhionannas, éagsúlacht agus cuimsitheacht i measc ár lucht saothair. Tá ár gComhairle um Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú comhdhéanta d’ionadaithe fostaithe.

Tá caidreamh cothaithe ag Uisce Éireann le ceardchumainn tríd an struchtúr inmheánach atá againn sa Ghrúpa Ceardchumann agus trí Ghrúpa Comhairleach Uisce Éireann maidir le foireann Seirbhísí Uisce na nÚdarás Áitiúil a aistriú faoi Chreat an Choimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre (WRC) maidir le Seirbhísí Uisce a Sholáthar Amach Anseo.

Fear agus bean i dtimpeallacht spás ar leithligh oifige suaimhneach agus mugaí ina láimh ag an mbeirt acu. Is cosúil go bhfuil an plé eatarthu cairdiúil.

Custaiméirí agus Pobail

Tosaíochtaí

Seirbhísí éifeachtacha a dhírítear ar chustaiméirí

Seirbhísí uisce atá slán sábháilte

An comhshaol a chosaint

Cur Síos

Is iad ár gcuid custaiméirí agus ár bpobail na páirtithe leasmhara is tábhachtaí atá againn. Bíonn rannpháirtíocht ar bun gach lá trínár gcuid bealaí custaiméirí agus soláthraímid comhairliúchán poiblí, feachtais eolais phoiblí agus bainistímid teagmhais agus cur isteach trí sheirbhís teachtaireachtaí téacs, rannpháirtíocht leis na meáin chumarsáide, na meáin dhigiteacha agus shóisialta, imeachtaí oscailte, fógraíocht agus cruinnithe duine le duine nó fíorúla. Soláthraímid ionad teagmhála custaiméirí 24/7.

Bean i dtimpeallacht obair ón mbaile i bhfísghlao ar ríomhaire glúine.

Ionadaithe Tofa

Tosaíochtaí

Seirbhísí uisce atá slán sábháilte

Múscailt feasachta maidir le hathléimneacht seirbhísí uisce

Tacaíocht d’infheistíocht leanúnach chun tacú le forbairt eacnamaíoch

Cur Síos

Cuireadh tús lenár seirbhís teagmhála d’ionadaithe tofa in 2014 agus le 10 mbliana anuas tá freagra tugtha againn ar os cionn 100,000 fiosrú a fuarthas go díreach ó os cionn 1,100 ionadaí tofa. Faigheann siad nuashonruithe leanúnacha freisin maidir le saincheisteanna áitiúla agus saincheisteanna níos leithne trí phreaseisiúintí, na meáin shóisialta, ár suíomh gréasáin, foirne cumarsáide réigiúnacha, ár bhfoireann gnóthaí poiblí, foirne oibríochtaí réigiúnacha agus clinicí comhairleoirí. Bímid i dteagmháil dhíreach leis an Oireachtas maidir le saincheisteanna straitéiseacha seirbhísí uisce trí fhreastal ar éisteachtaí coiste rialta.

3 dhuine i dtimpeallacht chruinnithe le mugaí os a gcomhair i staidiúir suaimhneach. Níl ach bean amháin i bhfócas.

Scairshealbhóirí agus Rialtóirí

Tosaíochtaí

Cur chun feidhme bheartas an rialtais

Oibríochtaí éifeachtacha agus comhlíontacha

Cur Síos

Bíonn caidreamh leanúnach againn leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) i ndáil le maoiniú, soláthar seirbhísí uisce poiblí agus cur chun feidhme bheartas an rialtais.

Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) ár rialtóir eacnamaíoch agus is é an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil (GCC) ár Rialtóir Comhshaoil. Bímid ag plé go díreach leis an dá rialtóir agus tuairiscímid chucu ar ár bhfeidhmíocht agus ar chomhlíonadh na reachtaíochta ar rialú praghsanna agus ar an gcomhshaol.

4 duine d’inscne éagsúil le ríomhairí glúine i suíomh cruinnithe oifige ag glacadh nótaí fad is atá duine amháin ag caint.

Comhpháirtithe Soláthair Seirbhíse

Tosaíochtaí

Sábháilteacht

Luach ar airgead

Inbhuanaitheacht laistigh den slabhra luacha

Cur Síos

Oibríonn Uisce Éireann go dlúth le conraitheoirí agus tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta dúinn chun an soláthar éifeachtach agus éifeachtúil d’infheistíocht shuntasach chaipitiúil a chinntiú agus déanann siad maoirseacht ar oibríochtaí laethúla an fhóntais náisiúnta uisce chun buntáistí a sholáthar dár gcustaiméirí, don gheilleagar agus don chomhshaol.

Innealtóirí Uisce Éireann i dtrealamh cosanta pearsanta iomlán ag iompar píosa fada píobáin ag airde gualainne ag láthair oibre ar thaobh an bhóthair.

Grúpaí Ionadaíocha Foirmiúla na bPáirtithe Leasmhara

Tosaíochtaí

Cáilíocht acmhainní uisce agus cinnteacht an tsoláthair

Tionchair ar an gcomhshaol

Cur Síos

Oibríonn Uisce Éireann le réimse leathan de ghrúpaí foirmiúla ionadaíocha na bpáirtithe leasmhara, amhail Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta agus Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, chun nuashonruithe a thabhairt maidir lenár bpleananna, bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht dhá bhealach, cultúr trédhearcachta agus idirphlé a fhorbairt ar théamaí sonracha, agus mionteagasc ábhartha saineolaithe a sholáthar.

Cainéal tábhachtach cumarsáide lenár gcustaiméirí agus lenár bpáirtithe leasmhara atá sna meáin chumarsáide, go háirithe sna cásanna seo a leanas: cur isteach ar sheirbhís nó fadhbanna le caighdeán an uisce, nó nuair a bhíonn tionchar ar phobal mar gheall ar thionscadail nó uasghrádaithe bonneagair.

Grianghraf gar-amhairc de bheirt duine atá ar tí lámha a chroitheadh i suíomh oifige.

Grúpaí Ionadaíocha Gnó

Tosaíochtaí

Múscailt feasachta maidir le hathléimneacht seirbhísí uisce

Tacaíocht d’infheistíocht leanúnach chun tacú le forbairt eacnamaíoch

Cur Síos

Oibríonn Uisce Éireann le Grúpaí Ionadaíocha Gnó lena n-áirítear IBEC, Comhlachas Tráchtála na hÉireann agus Cumann Tráchtála Mheiriceá chun feasacht agus tuiscint a mhéadú maidir leis an tábhacht a bhaineann le soláthairtí uisce athléimneacha d’fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, chomh maith lena chinntiú go dtabharfar tús áite dó sin ina mbeartais agus ina bhfeachtais.

4 duine i dtimpeallacht gheal oifige i suíomh cruinnithe le ríomhairí glúine agus ceapa nótaí.
Saighead dírithe ar an mbun.

Conas a bhímid rannpháirteach

Déanann Uisce Éireann teagmháil le páirtithe leasmhara trí chomhairliúchán poiblí maidir lenár gcuid tionscadal agus pleananna bonneagair. Táimid tiomanta do chumarsáid dhá bhealach leanúnach agus freagrúil a dhéanamh, ag gach céim den phróiseas comhairliúcháin, chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas inrochtana, luachmhar, trédhearcach agus freagrúil le haghaidh gach páirtí leasmhar. Ní bhaineann plé le páirtithe leasmhara le comhairliúchán reachtúil amháin agus is féidir é a chatagóiriú go leathan thar raon catagóirí. Úsáideann Uisce Éireann ardáin chianda amhail ár suíomh gréasáin agus cainéil ar líne mar aon leis na meáin, cruinnithe aghaidh ar aghaidh, imeachtaí faisnéise agus cumarsáid inmheánach chun oibriú lenár bpáirtithe leasmhara.