Athbhreithniú oibriúcháin

Dúshláin agus éachtaí móra 2024

Tá ról ríthábhachtach ag Uisce Éireann ag tacú le fás agus forbairt ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta

Ag teacht le Ráiteas Beartais an Rialtais um Sheirbhísí Uisce, sonraítear ár n-uaillmhian do sheirbhísí uisce poiblí in Éirinn inár bPlean Maoinithe Straitéiseach agus leagtar amach ár dtosaíochtaí infheistíochta caipitil thar thimthriallta ioncaim 5 bliana inár bPleananna Infheistíochta Caipitil. Ón mbliain 2020 go 2024, tá thart ar €5.4 billiún infheistithe againn chun bonneagar agus sócmhainní seirbhísí uisce agus fuíolluisce a uasghrádú agus a fheabhsú ar fud na tíre chun cáilíocht na beatha a fheabhsú do mhuintir na hÉireann, ár gcomhshaol a chosaint agus ár ngeilleagar a fhás. In 2024, d’infheistigh Uisce Éireann €1.372 billiún i mbonneagar uisce agus fuíolluisce. Mar sin féin, teastaíonn clár infheistíochta il-bhilliún euro thar na blianta fada chun bonneagar ríthábhachtach uisce a thógáil, a dheisiú agus a uasghrádú. Ba chun tairbhe Uisce Éireann an tacaíocht sheasmhach ón Rialtas d’fhonn seachadadh a dhéanamh do phobail mar aon leis an tacaíocht rialtais maidir le fógraí maoinithe agus an faomhadh i bprionsabal a tugadh chun an Tionscadal Soláthar Uisce do Réigiún an Oirthir agus do Lár na Tíre a sheoladh chuig pleanáil. Cuireann Uisce Éireann san áireamh beartais agus pleananna náisiúnta a bhraitheann ar an mbonneagar uisce poiblí agus fuíolluisce mar bheartais tithíochta,beartais fáis post, agus pleananna gníomhaíochta aeráide. Tá Uisce Éireann treoraithe freisin ag caighdeáin agus beartais rialála, ar nós na rialacháin um uisce óil agus fuíolluisce, agus ár gcreat maoinithe agus ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chur san áireamh.

Faoin Dréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce (PSSU) 2050, ceanglaítear ar Uisce Éireann riachtanais infheistíochta fadtéarmacha dár sócmhainní uisce agus fuíolluisce a chainníochtú agus a chur in iúl. Léiríonn ár meastacháin, sa tréimhse go 2050, go mbeidh infheistíocht chaipitil íosta de thart ar €55-60 billiún (in airgead 2022) ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais agus ar na rioscaí aitheanta do sholáthar seirbhísí uisce agus fuíolluisce de réir na gcaighdeán reatha. Tá gá le caiteachas caipitil suntasach a dhéanamh gach bliain lena chinntiú go gcoimeádtar leibhéil fóinteachta ar fud ár raon mór sócmhainní bonneagair de réir mar a dhéanaimid infheistíocht i ngléasra níos sofaisticiúla agus na caighdeáin rialála ag síorathrú. Sáróidh an riachtanas iomlán é sin, agus mar sin, beidh bealaí eile riachtanach chun an bhearna maoinithe a líonadh amhail caomhantas uisce agus éifeachtúlacht uisce, comhoibriú le páirtithe leasmhara maidir le bealaí níos cliste chun comhlíonadh ó thaobh fuíolluisce a bhaint amach, nuálaíocht agus cineálacha cur chuige nua soláthair a mbeadh cinnteacht maoinithe ilbhliantúil ag teastáil uathu. In éagmais an leibhéil seo d’infheistíocht mharthanach, beidh rioscaí ann do sholáthar seirbhíse agus brúnna gaolmhara ar chaiteachas oibriúcháin chun leibhéil seirbhíse a chothabháil.

Tá ról lárnach ag Uisce Éireann maidir le freastal ar an éileamh ar thithíocht

Tá ról lárnach ag Uisce Éireann agus é ag tacú le fás inbhuanaithe tráchtála agus le forbairt agus le seachadadh tithíochta faoi straitéis Tithíocht do Chách an Rialtais. Tá ról lárnach ghlactha chuige féin ag Uisce Éireann i ndáil le tabhairt faoi dhúshlán an tsoláthair tithíochta, agus é ag obair i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla agus le forbróirí. Beidh gá le hinfheistíocht leanúnach i mbonneagar uisce sna blianta amach romhainn chun leanúint ar aghaidh ag éascú forbairt tithíochta de réir an bheartais reatha agus beidh gá le maoiniú breise má shocraíonn an Rialtas spriocanna tithíochta níos uaillmhianaí.

Tá tuairim is 342 Cheantar Ardfháis aitheanta ag Uisce Éireann, agus níl bonneagar uisce ag freastal ar líon suntasach de na ceantair seo faoi láthair. Chun spriocanna tithíochta nua nó níos uaillmhianaí a sheachadadh, creidimid go bhfuil forbairt inbhuanaithe chomhchruinnithe ina choinníoll riachtanach chun seachadadh éifeachtach seirbhísí uisce a chumasú chun tacú le spriocanna tithíochta amach anseo do na cistí leithdháilte.

In 2024, d’eisíomar freagraí dearfacha ar 3,041 fiosrúchán réamhcheangail a bhain le 114,981 aonad tithíochta agus d’eisíomar 5,508 tairiscint naisc a bhain le 52,133 aonad tithíochta. Níor eisigh Uisce Éireann ach 200 diúltú a bhain le 192 aonad tithíochta go náisiúnta in 2024. Bhain formhór na ndiúltuithe le tithe aonair aonuaire nó le forbairtí beaga tithíochta. Ghlac custaiméirí le 4,252 tairiscint a bhain le 41,169 n-aonad tithíochta.

Ag féachaint chuige go seasfar an aimsir, go ndéanfar freastal ar riachtanais gheilleagair agus daonra atá ag fás

In 2024, d’fheabhsaíomar athléimneacht seirbhísí uisce agus fuíolluisce. Freisin chuireamar le hacmhainn cóireála uisce agus fuíolluisce trí hionaid nua a thógáil nó trí uasghrádú a dhéanamh ar ionaid atá ann cheana. Leagamar príomhphíobán uisce agus príomhphíobán séarachais nua agus rinneamar athchóiriú ar na líonraí atá ann cheana. Tá srianta acmhainne i gceist, áfach, i gcás seirbhísí uisce agus fuíolluisce i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (MBÁC). Ní foláir go mbeidh laghduithe leanúnacha sceite, acmhainn cóireála uisce nua agus foinse nua uisce do MBÁC ag teastáil do réiteach fadtéarmach, mar aon leis an acmhainn bhreise chun an fuíolluisce a chóireáil. Soláthróidh Tionscadal Soláthair Uisce do Réigiún an Oirthir agus do Lár na Tíre mar aon le Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath an méadú riachtanach ar acmhainn seirbhíse.

“Chun spriocanna tithíochta nua nó níos uaillmhianaí a sheachadadh creidimid go bhfuil forbairt inbhuanaithe chomhchruinnithe ina choinníoll riachtanach chun seachadadh éifeachtach seirbhísí uisce a chumasú chun tacú le spriocanna tithíochta amach anseo.”

Srianta acmhainne 

I Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear Baile Átha Cliath agus codanna den Mhí, Cill Dara agus Cill Mhantáin, tá an t-éileamh ar an soláthar uisce reatha ag méadú. Ciallaíonn an fás suntasach le trí bliana anuas ar an daonra agus an borradh eacnamaíochta i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, atá tar éis réamhaisnéisí a shárú go bhfuil riosca níos dóchúla ann, go mbeidh ganntanas uisce i gceist do gach custaiméir laistigh de na cúig bliana atá romhainn. Ní féidir déileáil i gceart leis an an nganntanas seo ach trí thosaíocht a thabhairt do chur i gcrích Tionscadal an tSoláthair Uisce do Réigiún an Oirthir agus do Lár na Tíre (WSP) agus do Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Tionscadal Soláthair Uisce do Réigiún an Oirthir agus do Lár naTíre

  • Tá go leor dúshlán tromchúiseach roimh sholáthar uisce i Réigiún an Oirthir agus i Lár na Tíre. Is foinse amháin, An Life, a sholáthraíonn 85% de na riachtanais uisce do 1.7 milliún duine i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Cruthaíonn an spleáchas seo ar An Life (agus an dá phríomhionad cóireála sa Bhaile Mór agus Léim an Bhradáin) leochaileacht thromchúiseach do rioscaí ar nós triomach fada agus/nó éilliú. Cuirtear suas gach lá le nochtadh don leochaileacht lárnach sin agus ní féidir aghaidh a thabhairt uirthi ach trí fhoinse uisce neamhspleách nua do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do Réigiún an Oirthir agus do Lár na Tíre. Le fás an daonra, fás eacnamaíoch agus athrú aeráide déanfar níos measa fós dúshláin soláthair uisce an réigiúin.
  • Tá an Tionscadal Soláthair Uisce do Réigiún an Oirthir agus do Lár na Tíre ina chuid lárnach de straitéis fhadtéarmach Uisce Éireann chun athléimneacht an tsoláthair agus leibhéil seirbhíse a mhéadú sa réigiún trí mhórfhoinse nua uisce a chruthú chun freastal ar na héilimh soláthair a bhfuiltear ag súil leo go dtí an bhliain 2050. Soláthróidh an Tionscadal Soláthair Uisce do Réigiún an Oirthir agus do Lár na Tíre acmhainneacht do sheachbhealaí feadh an bhealaigh chun soláthar a dhéanamh do phobail i dTiobraid Árann, in Uíbh Fhailí agus san Iarmhí. Cumasóidh sé atreorú soláthairtí a fhreastalaíonn ar Bhaile Átha Cliath ar ais go háitiúil i gCeatharlach, i gCill Mhantáin, sa Mhí agus i Lú. Ceadóidh sé freisin do bhainistíocht níos doichte agus rialuithe oibriúcháin ar cháilíocht uisce.
  • Tá staidéir fairsing comhshaoil ​​déanta ag Uisce Éireann agus tá teagmháil déanta aige le breis agus 1,500 páirtí leasmhar trí cheithre bhabhta comhairliúcháin neamhreachtúla, lena n-áirítear le húinéirí talún a bhfuil tionchar orthu.
  • I mí Iúil 2024, baineadh garsprioc mhór tionscadail amach nuair a cheadaigh an Rialtas an réamhchás gnó don tionscadal faoi na Treoirlínte Bonneagair. Chuir an faomhadh seo i bprionsabal ar chumas an tionscadail dul ar aghaidh chuig babhta eile de chomhairliúchán neamhreachtúil sula gcuirfear iarratas pleanála um Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh faoi bhráid an Bhoird Pleanála in R4 2025, agus é faoi réir ag spleáchais sheachtracha.

Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath

  • De réir mar a thagann fás ar ár ndaonra agus ar ár ngeilleagar, is amhlaidh freisin a mhéadaítear ar an toirt fuíolluisce. Meastar go dtiocfaidh méadú de bhreis is 50% ar an méid fuíolluisce a ghintear i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath sa tréimhse go dtí an bhliain 2050. Ní mór dúinn an fuíolluisce seo a bhailiú agus a chóireáil ionas gur féidir an t-uisce cóireáilte a thabhairt ar ais go sábháilte don chomhshaol.
  • Is é atá i gceist le Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ná saoráid nua um chóireáil fuíolluisce a thógáil i mBaile Átha Cliath Thuaidh, chomh maith leis an mbonneagar gaolmhar chun freastal ar chodanna de Bhaile Átha Cliath, den Mhí agus de Chill Dara. Soláthróidh an bonneagar nua sin acmhainn breise cóireála a bhfuil géarghá léi don réigiún, nuair a shroichfidh an tsaoráid cóireála fuíolluisce is mó sa tír sa Rinn a chumas uasta uasghrádaithe níos deireanaí sna 2020idí.
  • I mí an Mheithimh 2024, reáchtáil an Bord Pleanála (ABP) comhairliúchán reachtúil ar thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin chuir Uisce Éireann freagra ar fáil don Bhord Pleanála ar na haighneachtaí lena mbreithniú. Breathnóidh an Bord Pleanála ar an eolas breise a sheolfar isteach, chomh maith le haon aighneachtaí nó tuairimí a gheofar, agus soláthróidh sé cinneadh in am trátha.

Deiseanna a chuirtear ar fáil leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024

Is minic go mbíonn tionchar ag an bpróiseas pleanála agus toilithe in Éirinn ar chumas Uisce Éireann bonneagar uisce agus fuíolluisce a sholáthar go tráthúil. Is gnách go dtógfaidh sé 5-7 mbliana ar thionscadal dul ar aghaidh ó phleanáil go críoch agus 7-10 mbliana agus ina dhiaidh sin i gcás ina dtagann castachtaí breise chun cinn, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do thoilithe breise, m.sh. ceadúnais urthrá (toiliú muirí anois), orduithe ceannaigh éigeantaigh agus ceadúnais doirte fuíolluisce. Is féidir go mbeadh síneadh i bhfad níos faide ar am línte nuair a bhíonn achomhairc, athbhreithnithe breithiúnacha agus dúshláin eile i gceist. Féachann an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2024, a achtaíodh le déanaí, le cinnteacht a bhaint amach trí, den chéad uair, amlínte cinnteoireachta éigeantacha a leagan síos don Bhord Pleanála (a bhaistfear An Coimisiún Pleanála air go luath). Táthar ag súil le soiléireacht agus cinnteacht maidir le hamlíntenuair a bheidh an córas nua leabaithe.

Fóntas uisce comhtháite a sheachadadh

An 1 Eanáir 2023, aistríodh Irish Water go Uisce Éireann agus rinneadh de, fóntas nua,neamhspleách uisce d’Éirinn, agus an fhreagracht air gach seirbhís uisce poiblí a chur ar fáil in Éirinn. Le linn na bliana 2024, leanamar ar aghaidh ag tabhairt tosaíochta d'athrú na hearnála uisce, ag comhtháthú 31 bhealach éagsúil le seirbhísí uisce a sholáthar i gceann amháin. Leantar le haistriú fhoireann na seirbhísí uisce go hUisce Éireann, chomh maith le folúntais a líonadh, agus le comhtháthú ár ndaoine go léir inár n-eagraíocht chomhroinnte nua a chumasú. Tá an obair seo ríthábhachtach ionas gur féidir linn na buntáistí a bhaineann le múnla náisiúnta údaráis uisce a sheachadadh go hiomlán le foirne áitiúla láidre ag seachadadh inár bpobail agus ar a son. Faoi chreat an Rialtais um Sheachadadh Seirbhísí Uisce sa Todhchaí (an Creat), fanfaidh an fhoireann ar fad i bhfostaíocht dhíreach a nÚdarás Áitiúil ar a dtéarmaí agus coinníollacha reatha mura roghnaíonn siad aistriú go deonach go hUisce Éireann. Leanfar le caidreamh leanúnach le gach ball foirne seirbhísí uisce eile a d’fhéadfadh smaoineamh ar aistriú trasna go hUisce Éireann suas go deireadh na bliana 2026. Tá an t-aistriú á chur chun cinn ag Foireann an Chláir um Athrú Chun Feabhais ar bhonn céimnithe, agus béim ar leith á leagan ar chobhsaíocht oibríochtaí, ar leanúnachas seirbhíse agus ar shábháilteacht na foirne agus na sláinte poiblí araon. Soláthróidh an tionscadal um athrú tairbhí fadtéarmacha trí ionaid saineolais a fhorbairt chun tacú le hoibríochtaí túslíne, pleanáil theagmhasach agus athléimneachta, monatóireacht agus uathoibriú trí úsáid teicneolaíochta agus cleachtais agus caighdeáin oibre feabhsaithe.

Dhá phictiúr taobh le chéile, ceann ina thaispeántar suíomh cé agus duine amháin san uisce agus duine eile ag léim isteach. Tá snámhaí eile ag breathnú uaithi. Tá cultacha uisce agus hataí snámha orthu go léir. Sa phictiúr eile taispeántar suíomh leighis le gairmí leighis le gúna iomlán ag ní lámha ag áis mhór níocháin láimhe leighis.

Dul chun cinn de réir cuspóirí straitéiseacha

CUSTAIMÉIR

Táimid tiomanta do sheirbhísí uisce agus fuíolluisce atá sábháilte, slán agus iontaofa a sholáthar dár gcustaiméirí agus dár bpobail. Tá ár bhfócas dírithe ar thus áite a thabhairt don chustaiméar ag déanamh iarrachtaí leanúnacha eispéireas ár gcustaiméirí a fheabhsú. Bainfear é seo amach trí theicneolaíochtaí nua a úsáid chun ár mbealaí atá dírithe ar chustaiméirí a fhorbairt agus a fheabhsú agus ár straitéisí cumarsáide a fhorbairt.

Sheol Uisce Éireann a Sheirbhís Foláirimh Téacs atá in aisce le húsáid i mí Lúnasa 2024, ag cur nuashonruithe agus faisnéis ar fáil do chustaiméirí ar fud 1.8 milliún teaghlach agus gnó. Is é an foláireamh téacs an chéad uair a bheidh an rogha ag custaiméirí uile Uisce Éireann a rá go bhfuil an tseirbhís uathu agus fógraí a fháil maidir lena dtithe féin. Soláthraíonn an tseirbhís sonraí do chustaiméirí faoi éaradh soláthair a mheastar a mhairfidh níos faide ná ceithre huaire an chloig. Áiríonn sé freisin sonraí maidir le héaradh pleanáilte agus neamhphleanáilte agus fógraí fiuchta uisce má bhíonn gá leo, chun sláinte an phobail a chosaint. Tógann an tseirbhís foláirimh téacs ar chumarsáid atá i bhfeidhm cheana féin agus is léir go bhfuil gá le tacú le custaiméirí. Léiríonn sonraí ó Uisce Éireann gur fhreagair sé agus gur bhainistigh sé os cionn 14,000 éaradh pleanáilte agus neamhphleanáilte in 2024 agus réitíodh os cionn 95% laistigh de 24 uair an chloig.

Aithníonn Uisce Éireann an gá atá le pleananna teagmhais láidre a bheith i bhfeidhm lena chinntiú gur féidir linn tacú lenár gcustaiméirí le linn tréimhsí ina mbíonn éileamh suntasach teagmhála custaiméirí orainn de bharr drochaimsire. I gcomhpháirtíocht lenár soláthraí lárionad teagmhála, dírímid ar phleanáil, ar struchtúr agus ar phrótacail chun leanúnachas gnó a chinntiú do chroísheirbhísí custaiméirí le linn tréimhsí aimsire foircneacha atá ag éirí níos minicí in Éirinn.

CÁILÍOCHT

Cáilíocht uisce

Tá cosaint na sláinte poiblí ina tosaíocht d’Uisce Éireann agus tá go leor dul chun cinn déanta againn maidir le rioscaí do sholáthairtí poiblí uisce óil a aithint agus dul i ngleic leo i gcaitheamh na mblianta. I mí Iúil 2024, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ​​(GCC) Cáilíocht Uisce Óil i Soláthairtí Poiblí 2023. Tuairiscíodh go bhfuil os cionn 99.7% de sholáthairtí uisce poiblí ag cloí le teorainneacha baictéaracha agus ceimiceacha, rud a chiallaíonn go bhfuil an soláthar uisce poiblí sábháilte le hól agus go bhfuil comhlíonadh ard i gcónaí.

Mar chuid dár n-iarrachtaí soláthairtí uisce poiblí a chosaint, tógadh 8,500 sampla in 2024 agus rinneadh thart ar 199,000 tástáil aonair. Foilsítear torthaí samplála do gach soláthar poiblí uisce ar ár láithreán gréasáin.

Feidhmíonn ár Lárionad Bainistíochta Oibríochtaí Náisiúnta atá suite i mBaile Átha Cliath 24/7 agus tá sé ag déanamh monatóireachta anois ar aláraim ag 517 dár n-ionaid chóireála uisce, ag clúdach daonra de thart ar 3.8 milliún. Braithimid ar na gníomhaíochtaí sin chun caighdeáin arda cháilíochta a choinneáil, ionas, i gcás inar gá, gur féidir linn Fógra Fiuchta Uisce nó Fógra Ná hÓltar an tUisce a chur i bhfeidhm gur féidir linn cúrsaí a leigheas agus a chinntiú go bhfuil soláthairtí uisce sábháilte le hól.

Tá dúshláin dá chuid féin ag baint lenár ngealltanas a chinntiú go mbeidh uisce óil sábháilte, glan ag custaiméirí. Le dhá mhí dhéag anuas eisíodh 32 Fhógra Fiuchta Uisce agus cuireadh 37 bhFógra Fiuchta Uisce ar ceal, laistigh de 30 lá cuireadh deireadh le 72% de na fógraí a eisíodh in 2024. Cuireadh Fógraí Fiuchta Uisce i bhfeidhm ar dhaonra de thart ar 91,000 Ag deireadh na bliana, bhí 5 Fhogra Fiuchta Uisce i bhfeidhm, agus tionchar acu ar dhaonra de thart ar 17,465.

Coinníonn an GCC liosta, ar a dtugtar an Liosta Gníomhaíochta Feabhais (LGF), de na hionaid chóireála uisce go léir a mheastar a bheith i mbaol uisce neamhchomhlíontach a tháirgeadh. Foilsíonn sé sin dhá uair sa bhliain. Ag tús na bliana bhí 57 soláthar ar an liosta. Chríochnaíomar oibreacha ar 14 sholáthar chun caighdeáin riachtanacha an GCC a chomhlíonadh agus chuir an GCC 2 sholáthar leis an liosta i rith na bliana, rud a d’fhág go raibh 45 sholáthar ar an liosta ag deireadh na bliana 2024.

Thugamar tús áite d'infheistíocht sna scéimeanna a sainaithníodh i gcás um shárú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith i mbaol de bharr sáruithe Tríhalaimeatán (THM). As na 74 soláthar uisce poiblí bunaidh a áiríodh sa chéad litir sáraithe de chuid na Cúirte Breithiúnais Eorpaí, tá aghaidh tugtha anois ar gach ceann acu seachas 5 cinn. Dóibh siúd atá fágtha, tá pleananna cuimsitheacha i bhfeidhm againn chun dul i ngleic leis na saincheisteanna. Táimid ag obair go dian chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthairtí atá ar an LGF agus iad a thabhairt suas go dtí an caighdeán riachtanach atá ag an GCC le haghaidh aistrithe.

Sheas foireann an Phlean Sábháilteachta Uisce Óil chun géillilacht na Treorach um Uisce Óil a chomhlíonadh.

Sa bhliain 2024, agus cláir oibreacha náisiúnta idir láimhe rinneadh dul chun cinn sna réimsí seo a leanas:

  • Glanadh agus athchóiriú taiscumar, monatóireacht teiliméadrachta ar pharaiméadair oibriúcháin chriticiúla, cláir shábháilteachta agus cláir cháilíocht an uisce.
  • Críochnaíodh uasghrádú 8 láithreán tríd an gClár Téachta, Scagacháin agus Gléghlántacháin (TFG). Áirítear leis sin saoráidí Téachta, Scagacháin agus Gléghlantacháin nua nó uasghrádaithe, a chur isteach in ionaid chóireála uisce chun baol aon neamhghéilliúlacht a choimeád chomh híseal agus is féidir.
  • Cuireadh tús le cóireáil luaidhe in uisce óil trí ortafosfáit, mar atá sonraithe sa Phlean Maolaithe Luaidhe in Uisce Óil.

Le cuíchóiriú a bhaint amach, déantar ionad a dhíchoimisiúnú, agus déantar príomhphíobán uisce a leagan chuig ionad cóireála in aice láimhe a dhéanann uisce óil ar dóigh níos éifeachtúla agus/nó ar chaighdeán níos airde. I rith na bliana 2024, rinneadh cuíchoiriú ar 8 n-ionad cóireála uisce.

Le cinntiú go mbeidh soláthar uisce inbhuanaithe, slán agus iontaofa ag Éirinn do gach duine ar feadh na mblianta atá romhainn tá an Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (PNAU), an chéad phlean dá leithéid don tír, forbartha ag Uisce Éireann. Tá sé déanta suas de cheithre Phlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce (PRAU) ina bhreithnítear níos mó ná 520 crios acmhainní uisce agus ina aithnítear riachtanais aonair.

Radharc ón aer ar abhainn lúbach ag bun ionad cóireála uisce i measc limistéir leathan de pháirceanna glasa i solas na gréine.

“Le cinntiú go mbeidh soláthar uisce inbhuanaithe, slán agus iontaofa in Éirinn do gach duine ar feadh na mblianta atá romhainn tá an Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (PNAU), an chéad phlean dá leithéid don tír, forbartha ag Uisce Éireann.”

Cáilíocht fuíolluisce

Tá cumas cóireála fuíolluisce leordhóthanach ríthábhachtach chun sláinte an phobail a chosaint, chun an comhshaol a chosaint agus chun fás sóisialta agus eacnamaíoch a éascú. ​De réir mar a thagann fás ar ár ndaonra agus ar ár ngeilleagar, is amhlaidh freisin a thagann méadú ar thoirt an fhuíolluisce. Caithfimid an fuíolluisce seo a bhailiú agus a chóireáil ionas gur féidir uisce cóireáilte a thabhairt ar ais go sábháilte don chomhshaol

Tá breis is 1,000 ionad cóireála fuíolluisce ag Uisce Éireann anois, breis is 2,200 stáisiún caidéalúcháin fuíolluisce agus timpeall 26,000km de ghréasán séarachais. In 2024, chomhlíon breis is 90% d’ionaid chóireála na hÉireann an Treoir um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh go hiomlán. Maidir leis na gléasraí sin nach bhfuil ag comhlíonadh na hoibre sin faoi láthair, tá plean gníomhaíochta ag Uisce Éireann chun dul i ngleic le haon easnaimh agus iad a thabhairt suas go dtí an caighdeán cuí chomh tapa agus is féidir. Tugaimid tús áite do na ceantair is mó riachtanais/riosca. Tá tionscadail á dtógáil nó curtha i gcrích againn i 41 as 50 láthair ina raibh séarachas amh á scaoileadh ón ngréasán poiblí isteach in uiscí glactha agus na 9 gcinn eile i bpleanáil agus dearadh. Teastóidh clár infheistíochta il-bhilliún euro thar na blianta fada chun gléasraí cóireála fuíolluisce agus líonra séarachais na hÉireann a thógáil, a dheisiú agus a uasghrádú. Tá cinntí infheistíochta barrfheabhsaithe ag Uisce Éireann trí thosaíocht a thabhairt do na feabhsuithe seirbhíse is fearr is féidir, agus luach ar airgead a uasmhéadú. Go dtí seo, tá bonneagar fuíolluisce nua tógtha againn i 34 láthair nach raibh aon chóireáil ann cheana, agus tá 7 gcinn eile á dtógáil.

I measc na ngarspriocanna tábhachtacha a baineadh amach in 2024, tá oibreacha curtha i gcrích chun deireadh a chur le doirteadh séarachais amh i gCill Rois, in Coolatee agus in Ó Méith agus cuireadh tús leis in Abhóca.

Coinníonn an GCC Liosta Gníomhaíochta Tosaíochta (PAL) le haghaidh réimsí ina measann sé go bhfuil gá le feabhsuithe ar chóireáil fuíolluisce. Tá Uisce Éireann ag cur pleananna nó measúnuithe chun cinn. Le linn na bliana 2024, baineadh 13 cheirtleán agus chuir an GCC 8 gceirtleán leis, rud a d’fhág 75 ar an liosta. D'oibrigh Uisce Éireann lena chinntiú go bhfuil pobail nach bhfuil aon chóireáil fuíolluisce acu nasctha le hionaid chóireála nua agus uasghrádaíodh na hionaid atá ann cheana chun cumas agus cáilíocht na cóireála a fheabhsú.

I mbreithiúnas an 28 Márta 2019, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach raibh Éire ag comhlíonadh Airteagail 3, 4, 5 agus 12 de Threoir 91/271 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh ag 28 ceirtleán ainmnithe ar fud na hÉireann. Mar fhreagairt, thoiligh Éire cláir mhionsonraithe oibreacha agus bearta eile a chur ar bun ionas go mbainfí amach comhlíonadh iomlán an bhreithiúnais. Is éard atá sa chlár go príomha ná tionscadail oibreacha caipitil chun go mbeadh na ceirtleáin ainmnithe géilliúil leis an Treoir, lena n-áirítear oibreacha measúnaithe atá ar siúl faoiláthair i Mainistir Fhear Maí, Mala agus Ros Comáin. Faoi cheann dheireadh 2024, cuireadh oibreacha ar 21 de na 28 ceirtleán ainmnithe i gcrích.

Táimid ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin inár líonraí fuíolluisce trínár bPleananna Limistéir Draenála agus táimid ag díriú ar chomhlíonadh comhshaoil, seirbhís do chustaiméirí agus fás. Tá Suirbhéanna Criticiúla na Séarach á gcur chun cinn freisin againn le Clár Tosaíochta Athshlánúchán na Séarach a mheas.

Ionad Cóireála Fuíolluisce na Rinne

Cuirfidh an t-uasghrádú mór ar Ionad Cóireála Fuíolluisce na Rinne ar a chumas cóireáil a dhéanamh ag an caighdeán riachtanach ar an toirt mhéadaithe fuíolluisce a thagann chuig an ionad, rud a chumasóidh forbairt tithíochta agus tráchtála breise. Is é an toradh a bhainfear amach ar bhonn céimnithe leis an tionscadal, ná cumas fuíolluisce a chóireáil do choibhéis daonra de 2.4 milliún agus, ag an am céanna, bainfear amach caighdeáin na Treorach um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh. 

Tá ceithre phríomheilimint ag baint leis an tionscadal um uasghrádú a dhéanamh:

  • Solátharófar acmhainneacht uasghrádaithe don tsaoráid le laghdú cothaitheach (coibhéis daonra 400,000).
  • Déanfar uasghrádú ar na 24 umar cóireála tánaisteach atá ann cheana féin chun acmhainn bhreise a sholáthar.
  • Soláthrófar saoráid athshlánaithe fosfair nua.
  • Leathnófar ar áiseanna cóireála sloda an ionaid.

Chríochnaigh Uisce Éireann tógáil an bhonneagair sa Rinn chun fuíolluisce a chóireáil do choibhéis daonra de 2.1 milliún ag deireadh na bliana 2023. Tar éis tréimhse tástála agus coimisiúnaithe, tá na sócmhainní uasghrádaithe ag feidhmiú agus tháinig feabhas suntasach ar cháilíocht an eisiltigh in 2024. Déantar comhlíonadh na Treorach um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh a mheas go cúlghabhálach bunaithe ar chomhlíonadh 12 mhí le Luachanna Teorainneacha Astaíochta UWWTD (ELVanna) a bheith bainte amach. Tá dianmhonatóireacht á dhéanamh againn ar fheidhmíocht an ghléasra d'fhonn é seo a bhaint amach chomh luath agus is féidir é.

I rith na bliana 2024, leanadh ar aghaidh ag déanamh dul chun cinn leis an tionscadal um uasghrádú a dhéanamh de réir an phlean agus leanadh ar aghaidh le hoibreacha ar uasghrádú ar na 24 umar tánaisteach cóireála chun acmhainn bhreise a chur ar fáil agus chun cothaitheach a laghdú. Rinne Uisce Éireann dul chun cinn maith freisin ar mhéadú saoráidí cóireála sloda an ionaid.

Táthar ag súil go mbeidh tionscadal Príomhdhraenála Bhaile Átha Luain (atá ag dul chun cinn de réir an sceidil) críochnaithe in 2025

Tá Tionscadal Príomhdhraenála Bhaile Átha Luain ar cheann de na tionscadail is mó go dtí seo ag Uisce Éireann, is ionann é agus infheistíocht de thart ar €114 milliún, táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe faoi dheireadh na bliana 2025. Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná stáisiúin chaidéalúcháin nua a thógáil ag Oileán Golden agus ag an gCuasán Thiar, mar aon le beagnach 3km de shéaraigh nua. Déanfar na stáisiúin chaidéalúcháin agus na píopaí reatha atá tearcfheidhmithe a dhíchoimisiúnú. Cuirfear deireadh le forsceití chomhchórais séarachais ag sé shuíomh feadh na Sionainne agus cuirfear dhá fhorsceitheadh uisce stoirme nua ina n-áit a dhearfar d’fhonn caighdeáin cheadúnúcháin reatha a chomhlíonadh, leis sin feabhsófar cáilíocht an uisce, agus tabharfar cosaint don chomhshaoil.

De thoradh ar hoibreacha a dhéanfar mar chuid den tionscadal seo:

  • Laghdófar an baol ó fhorsceitheadh agus tuilte amach as séaraigh trí shéaraigh níos mó a sholáthar.
  • Cuirfear feabhas ar cháilíocht uisce na Sionainne.
  • Méadófar ar acmhainn an líonra séarachais rud a chumasóidh forbairt agus fás daonra i mBaile Átha Luain.
  • Cinnteofar go gcloífear le reachtaíocht fuíolluisce na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh.

Soláthróidh Ionad Cóireála Fuíolluisce an Inbhir Mhóir tairbhí comhshaoil ​​don phobal áitiúil

Beidh tairbhí suntasacha le baint as an ionad cóireála fuíolluisce nua an Inbhir Mhóir in 2025 don bhaile agus do na ceantair máguaird i dtéarmaí sláinte, cosaint an chomhshaoil ​​agus cáilíocht uisce feabhsaithe do chách. Tá an tInbhear Mór aitheanta ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, mar limistéar ina scaoiltear fuíolluisce isteach san Abhóca gan aon chóireáil. Níl an cleachtas seo maidir le fuíolluisce neamhchóireáilte a dhoirteadh isteach san abhainn inghlactha a thuilleadh agus tá sé beartaithe ag Uisce Éireann an fhadhb seo a réiteach i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chill Mhantáin.

Beidh sé mar aidhm ag an tionscadal:

  • Fás geilleagrach agus forbairt tráchtála a sholáthar don Inbhear Mór agus do na ceantair máguaird.
  • Feabhas a chur ar cháilíocht an uisce san Abhóca.
  • Feabhas a chur ar luach taitneamhachta an bhaile agus na gceantar máguaird.
  • Forbairt shóisialta agus tuilleadh fáis a spreagadh.
Radharc ón aer ar dhá thaobh damba agus uisce ag dul isteach ina chaise. Tá siúlbhealach le feiceáil thar an damba.

CAOMHNÚ

Leanann Uisce Éireann air ag tabhairt tosaíochta do laghdú sceite. Is fadhb chasta í mar gheall ar scála an ghréasáin uisce (>65,000km) agus toisc go dtarlaíonn sceitheadh ​​sa ghréasán píobáin faoi thalamh, agus toisc gur ghréasáin é atá mór agus casta.Tá roinnt mhaith de na píobáin seo in aois mhaith agus tá siad loite agus caithfear iad a dheisiú nó a athsholáthar d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an uisce agus ar an soláthar uisce féin. Go mall sa bhliain 2023, chuir Uisce Éireann tús le roinnt staidéar ar na comhpháirteanna atá mar bhonn agus mar thaca ag ár n-áirimh ar chothromaíocht uisce agus sceite (nó uisce gan chuntas). Tugann torthaí táscacha na staidéar seo le fios gur dócha go dtabharfaidh an chuid mheasta dár n-áirimh le fios go bhfuil an leibhéal an tomhaltais níos lú ná mar atá sé agus dá bhrí cuirfear in iúl go bhfuil an leibhéal sceite níos airde ná mar atá sé. Tá na staidéir seo beagnach críochnaithe agus roinnfear iad leis na rialálaithe cuí sula bhfoilseofar iad. Feabhsóidh an cleachtadh seo agus na córais bhainistíochta ghaolmhara spriocdhíriú na gclár sceite. Idir an dá linn, agus go dtí go gcuirfear torthaí an staidéir i bhfeidhm, tá sonraí sceite eatramhacha do 2023 agus 2024 á bhfoilsiú againn sa tuarascáil seo. In 2018, bunaíodh an Clár Náisiúnta um Laghdú Sceitheadh, agus bhí an ráta sceite náisiúnta ag 46% agus laghdaíodh é go 38% in 2024, 32% i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus 41% i neamh-MBÁC, cuimsítear feidhmíocht mhionsonraithe sa bhliain laistigh den chuid “príomhtháscairí feidhmíochta” den tuarascáil seo. Tá na figiúirí sin ar bhonn meánach rollach 12 mhí, go dtí an 1 Deireadh Fómhair gach bliain, agus nuair a bheidh na staidéir dá dtagraítear críochnaithe, déanfar na céatadáin sin a choigeartú dá réir. Táimid tiomanta don ráta náisiúnta sceite a laghdú tuilleadh go 25% faoi dheireadh na bliana 2030 agus é a a laghdú go faoi bhun 20% i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Le linn tréimhsí adhaimsire, déanann Uisce Éireann monatóireacht ar na leibhéil i ngach crios soláthair uisce agus déanann sé cumarsáid shoiléir maidir le haon deacrachtaí áitiúla de réir mar a thagann siad chun cinn chun éileamh a laghdú agus soláthairtí a chosaint. Is gnách go mbíonn rátaí sceite níos airde i bpríomhlíonra agus i seirbhísí mar thoradh ar aimsir an-fhuar mar gheall ar leathnú nó crapadh mar gheall ar an tsioc.

In 2024, sháraigh Clár Maoirseachta Uisce de chuid Uisce Éireann a rabhthas ag súil leis, cuireadh oiliúint ar bhreis is 950 maor uisce agus chuir sé le breis agus 2,000 tionscadal náisiúnta caomhnaithe uisce go dtí seo. Chuir comhpháirtíochtaí straitéiseacha le heagraíochtaí ar nós an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, agus Fiontraíocht Éireann le tionchar an chláir, agus léirigh rannpháirtíocht i bhfóraim idirnáisiúnta ar nós Seachtain Uisce an Domhain gur ceannaire domhanda é Uisce Éireann in ndáil le hinbhuanaitheacht uisce. Bhí ról lárnach ag an gclár freisin maidir le creidiúnú “Gnó ag Obair go Freagrach” a bhaint amach, rud a léiríonn tiomantas Uisce Éireann do cheannaireacht inbhuanaitheachta.