Cuspóir
Táimid ábalta don dúshlán a bhaineann le seirbhísí uisce bunathraitheacha a sholáthar, rud a chuireann ar chumas pobal déanamh go maith.
Táimid ábalta don dúshlán a bhaineann le seirbhísí uisce bunathraitheacha a sholáthar, rud a chuireann ar chumas pobal déanamh go maith.
Éire inbhuanaithe, áit a dtugtar meas ar uisce agus a ndéantar é a chosaint, don phláinéad agus don bheatha lena dtacaíonn sé.
Trí sheirbhísí uisce tráthúla, riachtanacha le luach ar airgead a sholáthar
Féach tuilleadh laistigh de roinn na bPríomhtháscairí Feidhmíochta.
Áit a bhfuil ár bhfoireann cumhachtaithe agus ardfheidhmiúil
Léigh faoinár dtionscnaimh éagsúlachta, chothromais agus chuimsitheachta laistigh den Tuarascáil maidir le hInbhuanaitheacht.
Chun seirbhísí uisce sábháilte, inacmhainne, dírithe ar chustaiméirí, a sholáthar dár dtír
Tá nuashonruithe ar sheirbhísí uisce agus fuíolluisce ar fáil laistigh den Athbhreithniú Oibriúcháin.
Bheith mar fhóntas iontaofa seirbhísí uisce na hÉireann
Leagtar amach forbhreathnú ar ár gcur chuige laistigh den mhír Rannpháirtíocht straitéiseach na bpáirtithe leasmhara.
Trí thús áite a thabhairt do cháilíocht agus acmhainneacht ár n-uisce chun go mbeimid inár n-eiseamláir inbhuanaitheachta
Léigh ár dTuarascáil Inbhuanaitheachta.
D’fhonn riachtanais seirbhísí uisce náisiúnta na hÉireann a shásamh
Tá tuilleadh eolais maidir le maoiniú an ghnó ar fáil laistigh den Athbhreithniú Airgeadais.
In 2024, sheol Uisce Éireann ár luachanna agus ár n-iompraíochtaí nua, atá ríthábhachtach chun ár gcuspóir straitéiseach a bhaint amach maidir le leas a bhaint as cultúr sábháilte, éagsúil agus cuimsitheach ina bhfuil cumhacht agus ardfheidhmíocht ag ár ndaoine. Forbraíodh na luachanna seo trí chomhoibriú fairsing le fostaithe Uisce Éireann ag gach leibhéal den eagraíocht, agus le hionchur ár gcomhghleacaithe seirbhísí uisce údaráis áitiúil.
Is iad na cúig luach atá againn a shainíonn carachtar ár n-eagraíochta. Is iad na luachanna sin a threoraíonn ár ngníomhaíochtaí agus ár gcinntí agus a chuireann creat ar fáil don chaoi a ndéanaimid idirghníomhú agus cumarsáid lena chéile, lenár gcustaiméirí agus le páirtithe leasmhara.
Bíonn tionchar ag an obair a dhéanaimid ar shaol laethúil daoine, rud a chuireann ar chumas pobal ar fud na hÉireann a bheith faoi bhláth. Táimid bródúil as ár n-eolas agus ár saineolas áitiúil agus soláthraímid seirbhís den scoth i gcónaí ar féidir le custaiméirí muinín a bheith acu aisti agus brath uirthi.
Oibrímid le chéile agus bainimid úsáid as ár láidreachtaí éagsúla chun rudaí a dhéanamh nach bhféadfaimis féin a dhéanamh. Éistimid. Roinnimid eolas agus foghlaimímid óna chéile. Tá meas againn ar dhifríochtaí a chéile, rud a chruthaíonn timpeallacht ina mothaíonn gach duine go dtacaítear leo fás agus rath a bhaint amach. Aithnímid agus ceiliúraimid éachtaí.
Caithimid lena chéile le meas agus cineáltas. Ar mhaithe le leas ár gcomhghleacaithe, ár bpobail agus an domhain, seasaimid ar son an rud atá ceart, seachas an rud atá éasca. Táimid oscailte, labhraímid os ard agus tá a fhios againn cén uair rud éigin a dhiúltú. Agus tá muinín againn go ndéanann gach duine na rudaí seo, beag beann ar cé atá ann lena fheiceáil.
Ní stopaimid de bheith ag foghlaim, ag fás ná ag lorg bealaí le bheith níos fearr. Ceistímid an rud a bhfuil glacadh leis chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí. Déanaimid beart de réir ár mbriathar. Leagaimid amach sampla dearfach. Tuigimid go gcruthaíonn ár ngníomhartha inniu todhchaí inbhuanaithe do chách.
Is linne ár gcuid oibre agus tá a fhios againn cad atá le déanamh chun é a chur i gcrích go sábháilte. Táimid críochnúil agus cuirimid an t-am isteach. Leanaimid an próiseas. Bímid ag smaoineamh sula ndéanaimid rud. Cuirimid daoine agus a bhfolláine os cionn gach rud eile. Agus téimid abhaile sábháilte ag deireadh gach lae.