Coistí Boird
I rith 2024, tugadh cuidiú don Bhord a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh ó go ndearnadh róil agus freagrachtaí áirithe a tharmligean chuig na ceithre Choiste seo a leanas:
- Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
- An Coiste Infheistíochta, Bonneagair agus Inbhuanaitheachta
- An Coiste Cláir um Athrú Chun Feabhais Uisce Éireann
- An Coiste Luach Saothair
Chabhraigh na Coistí leis an mBord trí shaincheisteanna gnó, oibriúcháin agus airgeadais a bhreithniú. Tá na feidhmeanna sonracha a tharmligtear chuig gach Coiste leagtha amach ina gcuid Téarmaí Tagartha, ar a ndéantar athbhreithniú agus faomhadh ar bhonn bliantúil. Tar éis gach cruinnithe, tugann na Coistí tuairisc don Bhord maidir leis na cúrsaí a thagann faoina sainchúram.
Tá tinreamh ag cruinnithe Coiste leagtha amach sa tábla ‘Luach Saothair, Costais agus Tinreamh an Bhoird’.
Coiste |
Ballraíocht i rith na bliana 2024 |
Téarmaí Tagartha |
An Coiste Infheistíochta, Bonneagair agus Inbhuanaitheachta |
Michael Nolan (Cathaoirleach ó Mheitheamh 2024)
Chris Banks (Cathaoirleach go dtí Meitheamh 2024)
Niall Gleeson
Jerry Grant (ó mhí Iúil 2024)
Cathy Mannion
Michael Walsh
|
Comhairle a chur ar an mBord faoi na nithe go léir a bhaineann le tionscadail agus cláir caipitil, chomh maith le deiseanna forbartha agus inbhuanaitheachta.
Bhuail an Coiste le chéile 11 uair i rith na bliana 2024.
|
An Coiste Luach Saothair |
Eileen Maher(Cathaoirleach)
Gerard Britchfield
Jerry Grant (ó mhí Iúil 2024)
Liz Joyce (go dtí Deireadh Fómhair 2024)
Tony Keohane (go dtí Meitheamh 2024)
Patricia King
Paul Reid (ó Dheireadh Fómhair 2024)
|
Comhairle a chur ar an mBord faoi Luach Saothair an POF (ag féachaint do riachtanais dhlíthiúla agus rialála an Chóid Cleachtais), Luach Saothair na Bainistíochta Sinsearaí, comharbais ceannaireachta a phleanáil agus a fhorbairt, samhail phá na cuideachta, scórchlár cothromaithe, cúrsaí pinsin agus nithe a bhaineann leis an mbearna phá idir na hinscní.
Bhuail an Coiste le chéile 6 huaire i rith na bliana 2024.
|
An Coiste Cláir um Athrú Chun Feabhais Uisce Éireann |
Paul Reid (ó mhí Iúil 2024 agus Cathaoirleach ó Dheireadh Fómhair 2024)
Liz Joyce (Cathaoirleach go dtí Deireadh Fómhair 2024)
Chris Banks (go dtí Meitheamh 2024)
Niall Gleeson
Patricia King
Douglas Millican (ó Dheireadh Fómhair 2024)
Michael Nolan
|
Comhairle a chur ar an mBord faoi na nithe go léir (is é sin, dlí, sábháilteacht, rialachas, airgeadais, eispéireas custaiméara agus seirbhís oibríochtaí) a bhaineann le cuntasacht agus seachadadh seirbhísí uisce agus bainistiú díreach ar aon fhoireann seirbhísí uisce a aistriú ó Údaráis Áitiúla go Uisce Éireann.
Bhuail an Coiste le chéile 7 n-uaire i rith na bliana 2024.
|
Coiste Iniúchóireachta agus Riosca |
Gerry Britchfield (Cathaoirleach)
Eileen Maher
Cathy Mannion
Michael Walsh
|
Comhairle a chur ar an mBord faoi nithe a bhaineann leis na ráitis airgeadais, rialuithe inmheánacha, riosca, iniúchóireacht inmheánach, iniúchóireacht sheachtrach agus nithe eile lena n-áirítear An Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheacht Chorparáideach agus beartais a bhaineann le heitic Uisce Éireann.
Bhuail an Coiste le chéile 8 n-uaire i rith na bliana 2024.
Tagann Tuarascáil Mhionsonraithe ón gCoiste i ndiaidh Thuarascáil an Bhoird.
|
Éifeachtúlacht an Bhoird
Rinne an Bord meastóireacht ar a fheidhmíocht féin agus ar fheidhmíocht a chuid Coistí i mí na Samhna 2024. Tá na réimsí feidhmíochta a ndearnadh measúnú orthu ag teacht leis an gceistneoir meastóireachta dá bhforáiltear sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.
Déanfar meastóireacht sheachtrach ar an mBord in 2025 i gcomhréir leis an tréimhse ama 3 bliana atá sonraithe sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.
Caidreamh le scairshealbhóirí
Tá gnáthscair amháin de €1.00 ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus tá 99 gnáthscair de €1.00 ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe.
I gcomhréir leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, d’eisigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Litir Ionchais Scairshealbhóirí chuig Uisce Éireann i mí Aibreáin 2023. Tugann an litir treoir don Bhord maidir le cuspóirí reatha an Rialtais d’Uisce Éireann chomh maith leis na socruithe rialachais atá i bhfeidhm. Táthar ag súil go ndéanfar nuashonrú air gach dara bliain ar a laghad. Is é an Cathaoirleach a choinníonn an tAire ar an eolas faoi nithe a thagann chun cinn.
Nochtuithe éilithe ag an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú
Tá an Bord freagrach as a chinntiú go bhfuil Uisce Éireann tar éis riachtanais an Chóid a chomhlíonadh. Éilíonn an Cód na nochtuithe seo a leanas:
Anailís ar shochair fostaithe
Tá sonraí maidir le líon na bhfostaithe a bhfuil sochair iomlána fostaithe acu (gan costais phinsin an fhostóra san áireamh) don bhliain airgeadais do gach banda de €25,000 ó €50,000 ar aghaidh leagtha amach thíos.
|
2024 |
2023 |
€50,000-€75,000 |
700 |
501 |
€75,001-€100,000 |
419 |
332 |
€100,001-€125,000 |
244 |
206 |
€125,001-€150,000 |
102 |
71 |
€150,001-€175,000 |
35 |
34 |
€175,001-€200,000 |
22 |
17 |
€200,001-€225,000 |
9 |
5 |
€225,001-€250,000 |
5 |
9 |
€250,001-€275,000 |
4 |
2 |
Cuimsítear le samhail phá Uisce Éireann, samhail atá bunaithe ar an margadh agus a bhaineann le feidhmíocht, dhá eilimint, is iad sin bunphá agus íocaíocht a bhaineann le feidhmíocht (áirítear sa nochtadh thuas íocaíochtaí a íocadh in 2024). Déantar feidhmíocht a mheas i gcoinne cuspóirí aonair agus cuspóirí corparáideacha trí phróiseas scórchláir comhardaithe. Rinne Uisce Éireann íocaíochtaí bunaithe ar fheidhmíocht le 2,244 fostaí in 2025 i leith 2024. Bhí na híocaíochtaí sin faofa ag Bord Uisce Éireann i mí Eanáir 2025. B'ionann na híocaíochtaí seo, ina gcomhiomlán, agus €13,082,158. B’ionann an mheáníocaíocht agus €5,830. Mar thoradh ar threoir ón rialtas in 2011, níl rochtain ag an POF ar íocaíocht dámhachtana a bhaineann le feidhmíocht, agus mar sin ní dhearnadh aon íocaíochtaí den sórt sin leis an POF.
Costais shainchomhairleoireachta
Áirítear le costais shainchomhairleoireachta an costas a thabhaítear go díreach ó chomhairle sheachtrach. Is mar seo a leanas a dhéantar costais sainchomhairleoireachta a shainmhíniú: ceapacháin a sholáthróidh seirbhísí intleachtúla nó seirbhísí atá bunaithe ar shaineolas (m.sh. anailís agus comhairle ó shaineolaithe) trí thuarascálacha, staidéir, measúnuithe, moltaí, tograí, srl., a chabhróidh le cinnteoireacht nó ceapadh beartas in údarás conraitheoireachta agus é sin ar feadh tréimhse theoranta ama chun tasc ar leith a chur i gcrích. Ní áirítear leo gnáthfheidhmeanna oibre atá á seachfhoinsiú.
|
2024 €’000 |
2023 €’000 |
Comhairle Dlí |
121 |
112 |
Comhairle airgeadais |
776 |
418 |
- Sainchomhairle airgeadais rialála
|
435 |
201 |
- Sainchomhairle seirbhísí airgeadais
|
277 |
143 |
- Sainchomhairle airgeadais eile
|
64 |
74 |
|
|
|
Acmhainní daonna |
487 |
353 |
- Sainchomhairle a bhaineann le pinsean
|
354 |
251 |
|
133 |
102 |
Feabhsú/ athrú gnó |
1,591 |
1,722 |
- Sainchomhairle athrú clár gnólachta
|
435 |
484 |
- Sainchomhairle maidir le tionscadail TF
|
173 |
485 |
- Sainchomhairle slabhra soláthair/ soláthair
|
308 |
140 |
|
209 |
412 |
- Sainchomhairle feabhsúcháin/um athruithe eile
|
466 |
201 |
Innealtóireacht |
97 |
91 |
Saoráidí |
391 |
124 |
Eile |
89 |
74 |
Iomlán |
3,552 |
2,894 |
|
2024 |
2023 |
Comhairleacht caipitlithe |
163 |
485 |
Ráiteas ioncaim |
3,389 |
2,409 |
Iomlán |
3,552 |
2,894 |
Léirítear le caiteachas sainchomhairleoireachta 2024 0.1% de chaiteachas iomlán oibriúcháin agus caipitil.
Is iad seo a leanas arduithe chostas sainchomhairleoireachta ón mbliain roimhe:
- Baineann sainchomhairle airgeadais rialála le ceanglais agus idirbhearta breise an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRF) do Thréimhsí Rialála Ioncaim 3 agus 4 Uisce Éireann.
- Baineann comhairle maidir le seirbhísí airgeadais le Caighdeáin Tuairiscithe Inbhuanaitheachta na hEorpa agus le comhairle maidir le modheolaíocht Uisce Éireann i dtaobh riosca fiontair.
- Sainchomhairle maidir le pinsean i leith ghlacadh Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia) agus sainchomhairle i leith Chiste Aoisliúntais Sochair Shainithe Uisce Éireann.
- Baineann sainchomhairle faoi athrú cláir gnólachta le hathbhreithniú maidir le struchtúr agus ceanglais tuarascála an Chláir um Athrú Chun Feabhais de chuid Uisce Éireann.
- Baineann slabhra an tsoláthair le comhairle a fuarthas maidir le straitéis chatagóir ICT, soláthair agus bronnadh conartha san áireamh.
- Baineann straitéis ghnó le straitéis sonraí a fhorbairt agus le dearadh geilleagar ciorclach.
- Baineann costas saoráidí le sainchomhairle a fuarthas maidir le bainistiú réadmhaoine.
Costais dlí agus socraíochtaí dlí
Tá miondealú sa tábla thíos de na méideanna a aithníodh mar chaiteachas sa tréimhse tuairiscithe maidir le costais dlí, socruithe agus imeachtaí réitigh agus eadrána. Ní áirítear sa tábla caiteachas a bhain le comhairle ghinearálta dlí toisc go n-áirítear é sna costais chomhairliúcháin thuas.
|
2024 €’000 |
2023 €’000 |
Táille dlíthiúla – imeachtaí dlíthiúla |
2,088 |
1,777 |
Íocaíochtaí comhréitigh/ eadránaithe |
322 |
258 |
Socraíochtaí |
2,011 |
2,133 |
Iomlán |
4,421 |
4,168 |
Líon na gcásanna dlí |
41 |
58 |
Caiteachas taistil agus cothabhála
Déantar caiteachas taistil agus cothabhála a aicmiú mar seo a leanas:
|
2024 €’000 |
2023 €’000 |
Intíre |
|
|
- Bord |
7 |
6 |
- Fostaithe |
4,919 |
3,376 |
|
|
|
Idirnáisiúnta |
|
|
- Bord |
6 |
5 |
- Fostaithe |
88 |
54 |
Iomlán |
5,020 |
3,441 |
Déantar caiteachas taistil agus cothaithe tabhaithe ag POF Uisce Éireann a thabhairt san áireamh mar chuid de nochtadh caiteachais na bhfostaithe.
Fáilteachas
Cuimsíonn an ráiteas ioncaim an caiteachas fáilteachais seo a leanas:
|
2024 €’000 |
2023 €’000 |
Fáilteachas na foirne |
194 |
116 |
Fáilteachas na gcliant |
17 |
13 |
Iomlán |
211 |
129 |
Trédhearcacht
Is eagraíocht oscailte é Uisce Éireann a bhfuil d’aidhm aige a bheith cuntasach agus trédhearcach don phobal. Tá Uisce Éireann tiomanta do thuiscint an phobail a fheabhsú maidir le conas a fheidhmíonn an eagraíocht agus maidir leis an ról atá againn ó thaobh bonneagar agus seirbhísí tábhachtacha náisiúnta a sholáthair chun tacú le forbairt shóisialta agus eacnamaíocha na hÉireann.
Nochtadh cosanta agus ábhair imní a ardú
Leagtar amach sa Bheartas um Nochtadh Cosanta, i gcomhréir leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (arna leasú), an córas inar féidir le fostaithe agus bainistíocht Uisce Éireann ábhar imní a thabhairt chun solais nó nochtaí a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail. Tá tuilleadh treorach do bhainisteoirí agus d’fhostaithe, maidir le cúiseanna imní a chur in iúl leagtha amach i gCód Iompair Ghnó, Beartas Frithchalaoise agus Beartas Frith-Bhreabaireachta agus Frith-Éillithe. De réir Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, arna leasú ag an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022, éilítear ar Uisce Éireann Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú a bhaineann le nochtadh cosanta a rinneadh faoin Acht. I gcomhréir leis an gceanglas seo, dearbhaíonn Uisce Éireann go bhfuarthas dhá nochtadh cosanta, sa bhliain dar críoch 31 Nollaig 2024. Tá an dá nochtadh fós á meas.
Brústocaireacht a rialáil
Tá Uisce Éireann cláraithe ar an gclár brústocaireachta arna choimeád ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. I gcomhréir leis na ceanglais atá san Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, rinneadh na tuairisceáin riachtanacha do thréimhsí na dtuairisceán in 2024.
Cleachtais Íocaíochta
Tá Uisce Éireann tiomanta chun gach iarracht a dhéanamh soláthraithe a íoc in am. Tá beartas i bhfeidhm taobh istigh den chuideachta chun cleachtais íocaíochta a rialáil. Léirítear sa tábla thíos cleachtaí íocaíochta don bhliain 2024.
|
Líon |
Luach €m |
Céatadán (%) de líon iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh |
Líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh |
156,667 |
2,106 |
100% |
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 30 lá |
148,284 |
2,063 |
95% |
Íocaíochtaí a rinneadh lasmuigh de 30 lá |
8,383 |
43 |
5% |
Íocaíochtaí a rinneadh os cionn 30 lá nach raibh ús ar íocaíochtaí déanacha ná costais cúitimh mar thoradh orthu |
8,383 |
43 |
5% |
Íocaíochtaí a rinneadh os cionn 30 lá a raibh ús ar íocaíochtaí déanacha ná costais cúitimh mar thoradh orthu |
- |
- |
-% |
|
|
|
|
Saoráil faisnéise
Tá an Chuideachta faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (“an tAcht um SF”). Ullmhaíodh agus foilsíodh an Scéim Foilsitheoireachta Eiseamláireach i gcomhréir le ceanglais Alt 8 den Acht um SF. Is féidir rochtain a fháil ar an scéim trí shuíomh gréasáin na Cuideachta www.water.ie.
Faoin scéim, foilsíonn an Chuideachta a oiread faisnéise agus is féidir go rialta agus ar bhealach oscailte inrochtana lasmuigh de SF, agus prionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta á gcur san áireamh.
Acht na dTeangacha Oifigiúla
I gcomhréir le hAlt 4B (a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 arna leasú ag an Acht na dTeangacha Oifigiúla, (Leasú) 2021 (“Acht na dTeangacha Oifigiúla”) tá Ardoifigeach Dlí ceaptha ag bainistíocht shinsearach chun comhlíonadh a mhaoirsiú agus chun tuairisciú don POF mar is cuí. Anuas air seo, cheap Uisce Éireann Oifigeach na dTeangacha Oifigiúla. I gcomhréir le hAlt 4B (a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, cuireadh tuarascáil maidir le comhlíonadh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla faoi bhráid bhainistíocht shinsearach. Mar achoimre agus i gcomhréir le hAlt 4B (b) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, sa tuarascáil rinneadh tagairt do chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí, na ndualgas agus dul chun cinn i dtreo comhlíonadh iomlán leis an reachtaíocht ábhartha. In 2024, bhí Uisce Éireann faoi réir imscrúdú ag an gCoimisinéir Teanga faoi Alt 21 (c) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le Alt 9 (3) den Acht 2003. Dúnadh an imscrúdú in R4 2024 agus cloífidh Uisce Éireann leis na torthaí a bhí i dtuarascáil dheireanach an Choimisinéara Teanga maidir leis an gceist.
Cothromaíocht inscne, éagsúlacht, cothromas agus cuimsiú
Tá forléargas sa Tuarascáil Inbhuanaitheachta ar ghealltanas na Cuideachta maidir le cothromaíocht inscne, éagsúlacht, cothromas agus cuimsiú le linn 2024
Ráiteas ar an gCóras Rialaithe Inmheánaigh
Raon Freagrachta
Aithníonn an Bord an fhreagracht atá air faoi Alt 7.3 den Chód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit maidir le cinntiú go ndéantar córas rialaithe inmheánaigh éifeachtaigh a chothabháil agus a fheidhmiú.
Cuspóir an Chórais Rialaithe Inmheánaigh
Tá an córas rialaithe inmheánaigh deartha le riosca a bhainistiú ionas go mbeidh sé ar leibhéal réasúnta seachas fáil réidh leis. Níl ann, mar sin, ach cinnteacht réasúnta seachas dearbhú iomlán go gcosnaítear sócmhainní, go bhfuil idirbhearta údaraithe agus go gcoimeádtar cuntas ceart díobh agus go n-aithnítear earráidí neamhrialtachtaí ábhartha nó go stoptar iad ar bhealach tráthúil.
Tá an córas rialaithe inmheánaigh i gcomhréir leis an gcomhairle eisithe ag An Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, tá sé i bhfeidhm in Uisce Éireann ón mbliain dar críoch 31 Nollaig 2024 agus suas le dáta faofa na ráiteas airgeadais.
Bainistiú Riosca
Tá dualgas ar fhostaithe uile Uisce Éireann as bainistiú éifeachtach riosca a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear córais rialaithe inmheánacha Uisce Éireann a dhearadh, a oibriú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Is é an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an feidhmeannach cuntasach a bhfuil an fhreagracht dheiridh air. Tarmligean an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin róil shoiléire agus freagrachtaí soiléire ar a Fhoireann Feidhmiúcháin agus ar na fostaithe a dtuairiscíonn chucu maidir le bainistiú riosca agus maidir le cinntiú go bhfuil córais rialaithe inmheánacha ag feidhmiú go héifeachtúil.
Timpeallacht Riosca agus Rialaithe
Cinntíonn an Bord go bhfuil córais chuí rialaithe inmheánaigh agus bainistithe riosca i bhfeidhm ag an gCuideachta trí úsáid a bhaint as na struchtúir agus na córais seo a leanas:
Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
Tá Coiste Iniúchóireachta agus Riosca ag Uisce Éireann (an “CIR”) ina bhfuil 4 Comhaltaí Boird neamhfheidhmiúcháin Uisce Éireann a bhfuil an saineolas riachtanach acu don ról. Déanann an CIR maoirseacht ar an timpeallacht riosca agus rialaithe thar ceann Bhord Uisce Éireann agus tá sé freagrach as cabhair a thabhairt do Bhord Uisce Éireann lena chuid freagrachtaí a chomhlíonadh faoi mar a bhaineann siad leis an réimse seo. Gach ráithe, déanann an CIR athbhreithniú substainteach ar Phrionsabail Riosca Uisce Éireann, arna ullmhú ag na bainisteoirí, a chinntíonn maoirseacht ar na príomhrioscaí agus déantar athbhreithniú ar éifeachtúlacht fhreagraí lucht bainistíochta do na neamhchosaintí is mó do phríomhriosca a gcaithfidh an Chuideachta dul i ngleic leo. Cuireann an CIR nuashonraithe ráithiúla san áireamh ar an timpeallacht rialála freisin mar chuid den Fóram Árachais Comhtháite.
Samhail Trí Líne
Tá creat dearbhaithe comhtháite agus creat bainisithe riosca i bhfeidhm ag Uisce Éireann a mhéadaíonn an chomhdhlúthú agus an comhordú a dhéantar ar bhonn comhordaithe agus struchtúrtha ar gach beart bainisithe riosca agus dearbhaithe san eagraíocht thar thar an tsamhail “Trí Líne”. Déantar cinnte leis sin go ndéanann Uisce Éireann maoirseacht agus rialú maidir le riosca, dearbhú agus rialachas a uasmhéadú, chun teacht aniar eagraíochtúil a neartú agus leanann sé an dea-chleachtas chun tacú le hoibleagáidí maidir le comhlíonadh agus ceanglais rialachais.
Mar thacú breise don tsamhail “trí líne” seo, cuireann iniúchóirí seachtracha agus soláthróirí neamhspleácha dearbhúcháin agus eagraíochtaí rialacháin amhail oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste dearbhúchán sa bhreis ar fáil. Is minic a thugtar an “Ceathrú Líne” air seo.
Bainistiú Riosca Eagraíochtúil
Tá feidhm Bainistithe Riosca neadaithe ag Uisce Éireann atá freagrach as Creat Bainistithe Riosca Fiontair a dhearadh agus a chur i bhfeidhm agus as a chinntiú go bhfuil taithí agus scileanna bainistithe riosca leordhóthanacha ar fáil ar fud Uisce Éireann. Tuairiscíonn Ceannasaí Riosca agus Athléimneacht don Stiúrthóir Straitéise, Athléimneachta agus Rialacháin agus freastalaíonn sé/sí ar chruinnithe CIR. Ina theannta sin, bíonn cruinniú ráithiúil ag Coiste Bainistithe Riosca Uisce Éireann, faoi chathaoirleacht an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin.
Is í an fheidhm Bainistithe Riosca thugann faoi an méid a leanas:
- Cinntíonn sé go bhfuil próiseas cuí, seasmhach ceithre chéim Bainistithe Riosca Fiontair agus maoirseacht leordhóthanach i bhfeidhm chun sainiú, measúnú, bainistiú, monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar na príomhrioscaí a bhfuil Uisce Éireann neamhchosanta orthu.
- Cinntíonn sé go ndéantar maoirseacht a chothabháil agus go ndéantar measúnacht ar phróifíl riosca Uisce Éireann lena n-áirítear príomhrioscaí, rioscaí atá ag teacht chun cinn, rioscaí atá ag treochtáil, rioscaí a bhfuil tionchar mór agus dóchúlacht íseal ag baint leo, lena n-áirítear cur síos ar na rioscaí seo agus bearta nó straitéisí maolaithe gaolmhara agus a n-éifeachtúlacht.
- Déanann sé an Creat iomlán Bainistithe Riosca Fiontair, straitéis riosca, dúil riosca agus beartas agus nósanna imeachta Bainistithe Riosca Fiontair a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
- Déanann sé cultúr oiriúnach bainistithe riosca a dhaingniú.
Fóram Dearbhaithe Comhtháite
Cinntítear leis an bhFóram Dearbhaithe Comhtháite (FDC) go gcuirtear athbhreithniú maidir le héifeachtúlacht na timpeallachta rialála inmheánaigh i gcrích ar bhealach comhordaithe agus struchtúrtha agus fianaise chuí agus séalaí cuí i bhfeidhm. Coinníonn gach Stiúrthóireacht feidhme clár de phríomhrialuithe agus déantar gach príomhrialú a fhéinmheasúnú go ráithiúil maidir le héifeachtúlacht agus déantar monatóireacht rialaithe leanúnach ar bhonn ráithiúil. Soláthraítear achoimre maidir le pléan fhóraim don CIR.
Is ionann ballraíocht an Fhóraim Dearbhaithe Comhtháite (FDC) agus POF Uisce Éireann agus gach fostaí a thuairiscíonn go díreach chuig an bPOF. Tá “Ceannaireacht láidir ann ón mbarr” tacaíocht ón mBainistíocht Shinsearach,Ceannairí agus Seaimpíní Colúin Feidhmeannacha ainmnithe ag an bhfeidhmeannas leabaithe ar fud na gnólachta. Tá an Líonra na Seaimpíní ag obair go rathúil agus tá sé feasach faoi an tábhacht a bhaineann leis an bpróiseas Dearbhaithe Comhtháite lena n-áirítear an ról atá aige tacú leis an ngnólacht.
Mar chuid d’Fhóram dheireadh na bliana, éilítear go ndearbhaíonn an bhainistíocht an méid seo a leanas:
- Go bhfuil siad sásta le héifeachtúlacht na timpeallachta rialála sa tréimhse.
- Nach bhfuil aon eisceachtaí nó sáraithe ábhartha maidir le príomhrialaithe sa tréimhse.
- Go n-aontaítear pleananna bearta agus amlínte do rialuithe lena n-éilítear feabhsú.
Anuas air sin, i gcásanna inar aithníodh saincheisteanna rialála, chuathas i ngleic leo ina dhiaidh sin, tá bearta sannta ina leith ón uair gur aithníodh iad, nó tá rialuithe maolaithe i bhfeidhm acu.
Tá na nithe a tarraingíodh aird an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca orthu sa bhliain 2024 curtha san áireamh ag an mBainistíocht agus rinneadh measúnú ar go leor nithe go mion i gcoinne an chritéir a sonraíodh sa cháipéisíocht threorach maidir leis an gCód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit, a d’eisigh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.
Iniúchadh Inmheánach
Tá feidhm Iniúchta Inmheánaigh seanbhunaithe in Uisce Éireann, a bhfuil acmhainní leordhóthanacha faoina lámh agus a thugann faoi chlár oibre arna chomhaontú leis an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca. Tuairiscíonn Ceannasaí Iniúchta Inmheánaigh díreach don CIR agus don Phríomhoifigeach Airgeadais.
Déanann feidhm an iniúchta inmheánaigh cur chuige córasach smachtaithe a chur ar fáil le héifeachtúlacht rialachais, bainistiú riosca agus rialaithe inmheánaigh Uisce Éireann a mheas agus a fheabhsú.
Go háirithe, déanann feidhm an Iniúchta Inmheánaigh:
- Neamhchosaint a mheas faoi mar a bhaineann sin le cuspóirí straitéiseacha Uisce Éireann a bhaint amach.
- Na córais a mheas a bunaíodh lena chinntiú go ndéanfar beartais, pleananna, nósanna imeachta, dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh.
- Slite le sócmhainní a chosaint a mheas.
- Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bpróiseas bainistithe riosca agus na próisis sin a mheas.
- Seirbhísí comhairleacha a chur ar fáil faoi mar is cuí a bhaineann le rialachas, bainistiú riosca agus rialú.
Gnéithe den Timpeallacht Rialaithe
Chomh maith leis na struchtúir is tábhachtaí a luaitear thuas, dearbhaíonn an Bord go bhfuil timpeallacht rialaithe ar bun in Uisce Éireann, agus tá na gnéithe seo a leanas ann:
- Lucht bainistíochta atá freagrach ag gach leibhéal laistigh d’Uisce Éireann as rialú inmheánach agus bainistiú riosca ar a bhfeidhmeanna gnó faoi seach;
- Próisis bunaithe chun cineál, réim agus impleachtaí airgeadais na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i ndán d’Uisce Éireann a aithint agus a mheas, lena n-áirítear réim agus catagóirí a cheapann Uisce Éireann a bheith inghlactha. Ar na próisis eile atá ann chun rioscaí gnó a mheas agus a aithint, tá an measúnú a dhéantar ar an dochúlacht go dtarlóidh na rioscaí a aithníodh agus measúnú a dhéanamh ar chumas Uisce Éireann aon riosca a a thiocfaidh aníos a bhainistiú agus a mhaolú trí phleananna agus straitéisí lena mbaineann;
- Coinníonn gach feidhm gnó liosta cuimsitheach de phríomhrialuithe, agus déantar measúnú orthu ar bhonn ráithiúil agus cuirtear pleananna gníomhaíochta i bhfeidhm de réir mar is gá.
- Measúnacht creat rialála inmheánaigh ina bhfuil tabhairt faoi measúnacht riosca leitheadach, athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus éifeachtúlacht príomhbheartais agus príomhphróisis rialála, tuairisciú rialála inmheánaigh agus tuairisciú féin-mheasúnachta agus tuairisciú feidhmíochta míosúil, arna dtacú ag bearta dearbhaithe ag Dearbhúchán Comhtháite agus Iniúchadh Inmheánach.
- Athbhreithnithe córasacha maidir le rialálaithe inmheánacha airgeadais agus feidhmíochta ag Dearbhúchán Comhtháite agus Iniúchadh Inmheánach. Sna hathbhreithnithe sin, leagtar béim ar na réimsí is mó ina bhfuil riosca de réir mar a aithnítear é sin leis an measúnú riosca.
- Dealú cuí dualgas agus doiciméadú cuí nósanna imeachta agus rialuithe atá dírithe ar chalaois a chosc agus a bhrath.
- Beartais inmheánacha a éilíonn ar na fostaithe go léir a bheith ag gníomhú go hionraic agus na caighdeáin is airde a choinneáil ó thaobh na heitice de. I measc na mbeartas seo tá an Cód Iompair Gnó, Beartas Frithchalaoise, Beartas Frithbhreabaireachta agus Frith-Éillithe, an Beartas um Brústocaireacht a Rialáil agus an Bearta um Nochtadh Cosanta.
- Clár cuimsitheach frithchalaoise a chuimsíonn beartas frithchalaoise, oiliúint agus cumarsáid agus plean um fhreagairt do chalaois.
- Creat Rialachais Chorparáidigh, lena n-áirítear rialú airgeadais agus measúnú riosca. Is iad na bainisteoirí in Uisce Éireann agus na feidhmeanna Iniúchta Inmheánaigh agus Bainistithe Riosca a dhéanann monatóireacht air sin.
- Struchtúr eagraíochtúil atá leagtha amach go soiléir, agus a bhfuil teorainneacha údaraithe agus meicníochtaí tuairiscithe sainaitheanta ann do leibhéil níos airde bainistíochta agus do Bhord Uisce Éireann.
- Sraith chuimsitheach beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le rialuithe oibriúcháin agus airgeadais, caiteachas caipitiúil san áireamh. Teastaíonn faomhadh an Bhoird le haghaidh tionscadail mhóra caipitiúla, agus déanann Coiste Infheistíochta/Bonneagair agus Inbhuanaitheachta dlúthmhonatóireacht orthu.
- Córas buiséadaithe cuimsitheach ina bhfuil buiséad bliantúil agus tuartha ráithiúla chomhaontaithe agus athbhreithnithe ag Bord Uisce Éireann.
- Córas cuimsitheach do Thuairisciú airgeadais.
- Déantar sraith chuimsitheach táscairí ar fhaisnéis bhainistíochta agus táscairí feidhmíochta a chur le chéile gach ráithe, agus ar an mbealach sin is féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtaca le cuspóirí fadtéarmacha agus buiséid bhliantúla, treochtaí a mheasúnú agus gníomh a ghlacadh i gcás difríochtaí.
Monatóireacht agus Athbhreithniú Leanúnach
Tá creat láidir ag Uisce Éireann chun athbhreithniú a dhéanamh ar an acmhainneacht agus chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht rialaithe inmheánaigh lena chlúdaítear próisis airgeadais, feidhmíochta, chomhlíontachta agus bhainistithe riosca. Tá an Bord sásta go n-oireann an córas rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm don ghnó.
Maidir leis an monatóireacht agus athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh i ndáil le hUisce Éireann, is é atá mar bhonn agus taca aige ná obair na bhfostaithe laistigh d’Uisce Éireann atá freagrach as forbairt agus cothú an chreata rialaithe inmheánaigh agus obair na feidhme Iniúchóireachta inmheánaí. Cuireann an CIR leis an obair seo, agus déanann siadsan maoirseacht ar obair Dearbhaithe Comhtháite, ar an bhfeidhm Bainistithe Riosca agus Iniúchta Inmheánaigh agus ar na ráitis a dhéanann na hIniúchóirí Seachtracha ina litreacha do bhainisteoirí agus/nó i dtuairiscí nach iad. Cuirtear easnaimh rialaithe in iúl dóibh siúd atá freagrach as gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh mar is cuí agus do bhainistíocht agus do Bhord Uisce Éireann, nuair is cuí, go pras.
Caiteachas Caipitil agus Oibríochtúil
Foilsíodh na Treoirlínte Bonneagair ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe i mí na Nollag 2023, ag teacht in áit an Chóid Caiteachais Phoiblí. Comhairle ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe maidir leis an bPróiseas Dearbhaithe Cáilíochta le leanúint chun achoimre forbhreathnaithe a thabhairt maidir le cé comh comhlíontach agus atá eagraíocht leis na Treoirlínte Bonneagair, lena n-áirítear an scála trí phointe seo a leanas:
- Scóip le haghaidh feabhsuithe suntasacha
- Comhlíontach ach tá roinnt feabhsúcháin riachtanach
- Comhlíontach go forleathan
Maidir le féinmheasúnú Uisce Éireann a cuireadh i gcrích i gcomhréir leis an treoir seo, dearbhaítear go bhfuil córais láidre agus éifeachtacha i bhfeidhm lena gcinntítear go bhfuil ceanglais na dTreoirlínte Bonneagair á gcomhlíonadh go forleathan, de réir an scála ráta thuas. Mar a bheifí ag súil leis, tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ar na córais seo agus déantar mionfheabhsuithe go leanúnach. Leanann Uisce Éireann le teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le Treoirlínte Earnáilsonracha na Seirbhísí Uisce a dhréachtú a chuirfidh soiléireacht níos fearr ar fáil do chur i bhfeidhm na dTreoirlínte Bonneagair in Uisce Éireann.
Tugtar sonraí i bPolasaí Soláthair (PD02) Uisce Éireann faoi na nósanna imeachta a leanfaidh Uisce Éireann chun tacú le riachtanais soláthair san eagraíocht. Mar gheall ar chur i bhfeidhm PD02, déantar cinnte go gcloítear le dlíthe AE agus na hÉireann a bhaineann leis an soláthar poiblí, go mbainistítear próisis tairisceana go cuí agus go gcoinnítear ar bun rialachas agus maoirseacht bainistíochta ar an bpróiseas soláthair ar fud na Cuideachta.
Tá an Beartas maidir le Caiteachas agus Faomhadh Conarthaí ailínithe leis na prionsabail, lena n-áirítear na treoirlínte luach ar airgead don mheastóireacht, pleanáil agus bainistíocht na dtionscadal infheistíochta poiblí, mar a leagtar amach sna Treoirlínte Bonneagair.
Ní mór meas a thabhairt sa chaiteachas caipitil uile ar cheanglais soláthair náisiúnta agus AE, agus ní mór dóibh cloí le haon cheanglais a fhéadfaidh an Coimisiún um Rialáil Fóntais a shocrú, ceanglais a bhaineann leis an gcomhshaol agus le pleanáil agus tosaíochtaí bonneagair náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Baintear úsáid as modhanna breithmheasa airgeadais agus eacnamaíocha cuí agus comhréireacha de réir mar a cheanglaítear leis na Treoirlínte Bonneagair i leith tionscadail agus cláir chaipitil chun cinnteoireacht éifeachtach a éascú. Déantar tionscadail agus cláir chaipitil a mheas agus a chur ar fáil agus próiseas faofa 5 chéim in úsáid, agus iad ailínithe le ceanglais na dTreoirlínte Bonneagair agus leis na Dréacht-Treoirlínte Earnáilsonracha na Seirbhísí Uisce.
Feidhmíonn próiseas ceangaltas caipitil Uisce Éireann ar an mbonn seo a leanas: déanann an chuideachta cead cuí a lorg ón Aire roimh ré as imchlúdach foriomlán na gceangaltas caipitil a dhéanfar sa chéad bhliain airgeadais eile. Ar leithligh, iarrann Uisce Éireann toillithe ón Aire sula ndéanfaidh sé aon cheangaltas d’aon tionscadal aonair caipitil a bhfuil costas €50 milliún nó os a chionn ag baint leis. Cuirtear toillithe ón Aire faoi bhráid na máthair-Roinne (RTRÁO) agus ranna rialtais ábhartha eile atá rannpháirteach sa phróiseas ceadaithe don iarratas sonrach. I gcomhthráth le cur isteach na dtoillithe ón Aire chuig RTRÁO, cuirtear na toillithe ón Aire isteach chuig NewERA a chuireann comhairle airgeadais agus tráchtála a bhaineann go sainiúil le tionscadal ar RTRÁO, sula gceadaíonn RTRÁO cead ón Aire.
Cuirtear infheistíochtaí caipitil, lena n-áirítear conarthaí ar luach níos mó ná €1milliún, faoi bhráid an Choiste um Cheadú Caiteachais (EAC), lena n-áirítear a fhochoistí, le haghaidh athbhreithniú agus faomhadh mionsonraithe. Éilítear faomhadh an Bhoird maidir le haon chaipitil bonneagair níos mó ná €20m. Éilítear faomhadh an Bhoird maidir le haon infheistíocht neamhbhonneagair níos mó ná €10 milliún.
Tugtar an t-eolas is déanaí don Bhord maidir le stádas na dtionscadal agus na gclár caipitil de réir mar a théann siad ar aghaidh, lena n-áirítear an t-eolas is déanaí maidir leis an gcur i bhfeidhm i gcomparáid leis an bplean, leis na sceidil agus le cáilíocht. Cuirtear tuairisciú buiséid agus difríochta faoi bhráid an Bhoird go minic. Bíonn cuspóirí ar leith ag gach tionscadal agus déantar iad a mheas i leith na gcuspóirí sin. I measc na dtairiscintí agus na gconarthaí ina dhiaidh sin tá dianriachtanas seachadta chomh maith le príomhtháscairí feidhmíochta a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas le linn an chonartha. Cuirtear athbhreithnithe iarthionscadail agus tuarascálacha deiridh airgeadais faoi bhráid an Choiste um Cheadú Caiteachais, an Coiste Infheistíochta, Bonneagair agus Inbhuanaitheachta agus Bord Uisce Éireann lena measúnú, ag brath ar luach an tionscadail nó an chláir.
Éascaíonn cruinnithe clabhsúir tionscadail agus athbhreithnithe ar chláir bliantúla cur chuige ‘príomhcheachtanna a foghlaimíodh’ a mheastar, a rianaítear agus a chuirtear i bhfeidhm ansin mar chuid de thionscadail reatha agus tionscadail amach anseo ar fud na heagraíochta de réir mar is cuí.
Athbhreithniú ar Éifeachtúlacht
Tá nósanna imeachta ag Uisce Éireann chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht a chórais rialaithe inmheánach.
Tá athbhreithniú déanta ag an mBord ar éifeachtúlacht chóras na rialuithe inmheánacha go dtí dáta ceadaithe na Ráiteas Airgeadais, lena n-áirítear rialuithe airgeadais, oibríochtúla agus comhlíontachta agus córais bainistithe riosca do 2024, agus cinnteoidh sé go ndéanfar athbhreithniú mar sin le linn 2025. Rinne an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca athbhreithniú mionsonraithe, agus seoladh tuairisc ar na torthaí chuig an mBord.
Tuairisciú ar Rialú Inmheánach
Le linn na bliana 2024, bhí na córais, próisis agus nósanna imeachta riachtanacha á gcur i bhfeidhm ag Uisce Éireann chun rialuithe inmheánacha láidre a chinntiú trí bheartais agus creat rialála inmheánaigh a chur i bhfeidhm.
Aistriú cuntasaíochta le haghaidh Feidhmeanna Sheirbhíse Uisce.
Bhí Máistir-Chomhaontaithe Comhair (MCC) i bhfeidhm le gach ceann de na 31 Údarás Áitiúil le linn na bliana 2024 agus leis seo, foráiltear go bhfuil cuntasaíocht iomlán ag Uisce Éireann maidir le Feidhmeanna Seirbhísí Uisce agus foráiltear go bhfuil an Bhainistíocht agus Treoir chuí ag Uisce Éireann ar Fhoireann na Seirbhísí Uisce de chuid na nÚdarás Áitiúil. Chun é seo a ullmhú, bunaíodh rialuithe agus próisis a chinntigh go raibh Uisce Éireann in áit chun na freagrachtaí seo a ghlacadh nuair a tháinig an MCC i bhfeidhm. Le teacht i bhfeidhm an MCC, tá 3,000 ball foirne faoi Bhainistíocht agus Treoir dhíreach Uisce Éireann ó mhí Lúnasa 2023. Forbróidh agus aibeoidh córas rialaithe agus próisis de réir mar a dhéantar seirbhísí a chaighdeánú.
Foráiltear leis an MCC freisin go rachaidh Uisce Éireann agus gach Údarás Áitiúil isteach i gComhaontú Seirbhísí Tacaíochta, agus na seirbhísí tacaíochta sonraithe ann, ar sheirbhísí iad a chomhaontaigh tÚdarás Áitiúil iad a sholáthar d’Uisce Éireann chun tacú le soláthar Feidhmeanna Seirbhísí Uisce agus in éineacht leis sin sonraíodh san MCC an tréimhse ina mbeidh siad seo á n-aistriú go hUisce Éireann. Tá SSAnna i bhfeidhm le 29 as 31 Údarás Áitiúil ag deireadh na bliana 2024. Arís, le linn na hidirthréimhse, forbróidh agus aibeoidh córais rialaithe agus próisis maidir leis na réimsí seo taobh istigh d’Uisce Éireann.
Roimh theacht i bhfeidhm gach AIC (agus SSA maidir le seirbhísí tacaíochta, táthar/ bhíothas ag brath ar réimse rialaithe á bhfeidhmiú ag Údaráis Áitiúla de bhun na Comhaontaithe Leibhéal Seirbhíse. Forbróidh agus aibeoidh na córais rialaithe seo mar aon le próisis agus nósanna imeachta gaolmhara.
Agus an fhreagracht dlíthiúil ag na hÚdaráis Áitiúla i leith sheirbhísí nach seirbhísí uisce iad amhail bearta tuillte, chomhaontaigh Uisce Éireann tacaíocht a sholáthar de bhun an MCC do na húdaráis áitiúla le haghaidh limistéir chriticiúla na seirbhísí nach seirbhísí uisce iad ar feadh tréimhse 24 mhí ó theacht i bhfeidhm an MCC san Údarás Áitiúil sin. Sonraítear san SSA na seirbhísí criticiúla nach seirbhísí uisce iad a éilíonn gach Údarás Áitiúil ó Uisce Éireann. Cuireadh srianta agus próisis i bhfeidhm chun seirbhísí criticiúla nach seirbhísí uisce iad a sholáthar do na hÚdarás Áitiúla agus leanfar le forbairt agus aibíocht na srainta agus na bpróiseas seo.
Bearta Forfheidhmithe
Is ann do shaincheisteanna um chomhlíonadh uisce óil agus fuíolluisce mar a aithníodh i dTuarascáil Bhliantúil an GCC 2023 maidir le hUisce Óil agus an Tuarascáil Bhliantúil 2023 maidir le Fuíolluisce Uirbeach. Tá Uisce Éireann ag plé le roinnt gníomhartha forfheidhmithe a ghlac an GCC agus IIÉ. Tá sé sin i gcomhthéacs oidhreacht tearcinfheistíochta i mbonneagar uisce thar na blianta. Agus Uisce Éireann ag plé go réamhghníomhach leis na saincheisteanna seo, tá moill i soláthar comhlíontachta mar thoradh ar mheascán cúiseanna, lena n-áirítear mar shampla, dul in aois an bhonneagair á bhainistiú ag Uisce Éireann, scála na n-oibreacha agus an infheistíocht atá de dhíth, moill i soláthar oibreacha caipitiúla mar thoradh ar mhoill sa phleanáil agus próisis reachtúla eile, an slabhra soláthair agus infhaighteacht acmhainne. Bítear i dteagmháil go leanúnach leis an GCC d’fhonn nuashonruithe a chur ar fáil faoi bhearta a glactar dul i ngleic leis na saincheisteanna seo, lena n-áirítear idirghabhálacha atá dírithe ar chomhlíonadh atá leagtha amach i bplean infheistíochta caipitil Uisce Éireann, chomh maith le feabhsúcháin oibríochtúla.
Próiseáil Orduithe Saothair Naisc Nua
I ndiaidh saincheiste maidir le monatóireacht agus dul chun cinn orduithe saothair do naisc nua le córais Uisce Éireann a tuairiscíodh sa bhliain 2023, tá dul chun cinn déanta ar obair shuntasach chun an timpeallacht rialaithe a neartú sa réimse seo. Agus feabhsúcháin shuntasacha á gcur ar fáil, bhíothas ag súil go mbeadh an obair seo curtha i gcrích sa bhliain 2024. Táthar ag súil anois go gcuirfear i gcrích é i mí Márta 2025, agus obair sa bhreis le déanamh maidir le próiseáil sonraí agus córais tuairiscithe.
Soláthar
Le linn na bliana 2024, tabhaíodh caiteachas i dtrí chás nár comhlíonadh nósanna imeachta soláthair go hiomlán, arb ionann agus 0.013% den chaiteachas soláthair foriomlán. Tógadh céimeanna lena gcinntiú go gcuirfear bearta ceartaitheacha i bhfeidhm.
Catagóir |
Sonraí Birt |
Beart ceartaitheach a tógadh |
Luach measta |
Seirbhísí |
D’fhostaigh an tÚdarás Áitiúil soláthraí neamh-chreata nach raibh cláraithe le hUisce Éireann don iompar carta. Ní raibh feidhm Slabhra Soláthar Uisce Éireann ar an eolas faoi seo go dtí gur tháinig an tÚdarás Áitiúil chuig Uisce Éireann chun sonraisc a íoc nuair a bhí an obair curtha i gcrích. |
Cuireadh an tÚdarás Áitiúil ar an eolas gur sháraigh siad Beartas Soláthair Uisce Éireann agus nach raibh sé de cheart acu an soláthraí a fhostú gan plé a dhéanamh le hUisce Éireann. Tá an tÚdarás Áitiúil ar an eolas anois go ndéanfar caiteachas a thaifeadadh mar neamh-chomhlíontach agus nach foláir próiseas cuí a leanúint as seo amach. |
€43,690 |
Seirbhísí |
Chuaigh iarratas ar ghléasra ar cíos in éag, ach leanadh le hobair leis an soláthraí, ag sárú tairseacha Beartais Soláthair Uisce Éireann. Rinne an soláthraí an obair agus ní mór iad a íoc as an obair a cuireadh i gcrích. |
Cuireadh tairiscint i gcrích ó shin agus bronnadh é faoi threoirlínte an tsoláthair phoiblí. Tá aon obair a chuirtear i gcrích anois faoi chomórtas bronnta le rátaí comhaontaithe. |
€64,350 |
Seirbhísí |
Cuireann an soláthraí seirbhísí leighis réamh-fhostaíochta ar fáil, lena n-áirítear sraith iomlán tástálacha - spáis bheaga, vacsaínithe, scrúdú dochtúra ar an gcorp iomlán, tástáil ar na cluasa agus dathdhaille agus tá láithreacht náisiúnta aige nuair a bhreathnaítear go raibh roghanna soláthraithe teoranta. I bhfianaise an chomhthéacs seo agus na riachtanas acmhainní a chur ar fáil, faomhadh soláthar de réir an bheartais, ach tá soláthraithe eile ar fáil chun na seirbhísí seo a sholáthair. |
Tá conradh nua i bhfeidhm anois maidir leis an réiteach buan le soláthraí nua. |
€128,000 |
Calaois Amhrasta
I mí an Mhárta 2021 chuir Údarás Áitiúil Ervia agus Uisce Éireann ar an eolas maidir le calaois amhrasta a tharla go háitiúil maidir le soláthar seirbhísí uisce, iarfhostaí Údaráis Áitiúil a bhí ann. Tá an chalaois a deirtear a rinneadh mar ábhar fiosrúcháin atá ag dul ar aghaidh faoi láthair ag Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch. Glacfaidh an tsaincheist roinnt blianta chun conclúid dlí iomlán a bhaint amach agus coinneofar an Bord agus an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca suas chun dáta maidir le gach forbairt.
D'ainneoin cúrsaí thuasluaite, tá an Bord sásta leis an timpeallacht rialála foriomlán d’Uisce Éireann agus go bhfuil córas rialaithe inmheánaigh éifeachtaigh i bhfeidhm agus déantar é a chothabháil agus a oibriú gan aon sárú ábhartha i rith na bliana.
Conclúid
Príomhghníomhaíochtaí agus forléargas na Cuideachta
Cuirtear na príomhghníomhaíochtaí agus forbhreathnú ar an gCuideachta ar fáil in athbhreithniú an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin.
Torthaí don bhliain
Tá torthaí na bliana leagtha amach sa chuid maidir le hAthbhreithniú Airgeadais. Is é treoir bheartais an scairshealbhóra nár chóir d’Uisce Éireann díbhinn a íoc; ina ionad sin, ba chóir aon bharrachas óna oibríochtaí a ath-infheistiú sa bhonneagar uisce.
Athbhreithniú gnó agus forbairtí sa todhchaí
Tá tráchtaireacht ar fheidhmíocht sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2024, lena n-áirítear faisnéis ar fhorbairtí amach anseo, san Athbhreithniú Oibriúcháin.
Taifid chuntasaíochta
Creideann na Stiúrthóirí go bhfuil siad tar éis ceanglais Alt 281 go 285 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh maidir leis an oibleagáid atá orthu, leabhair chuntais leordhóthanacha a choinneáil agus pearsanra cuntasaíochta a fhostú chuige sin a bhfuil an saineolas cuí aige, chomh maith le hacmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil don fheidhm airgeadais. Coimeádtar taifid chuntasaíochta na Cuideachta ag Áras Colvill, 24/26 Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath 1.
Síntiúis Pholaitíochta
Ní dhearna an Chuideachta aon síntiús polaitiúil i gcaitheamh na bliana airgeadais (2023: Nialas).
Príomhrioscaí agus Éiginnteachtaí
Tá an Chuideachta neamhchosanta ar roinnt mhaith rioscaí mar gheall ar chastacht rialaithe agus oibriúcháin ár ngnó. Is trí rioscaí agus na deiseanna féideartha a thuiscint a bheidh ar chumas na cuideachta cinntí eolasacha a dhéanamh, agus luach breise a bhaint amach dár gcuid páirtithe leasmhara dá bharr. Pléitear achoimre ar na príomhrioscaí atá roimh an gCuideachta sa chuid Tuarascáil ar Bhainistiú Riosca. Féach ar nóta 22 le haghaidh anailís iomlán ar spriocanna, beartais agus neamhchosaint na Cuideachta maidir le bainistiú riosca airgeadais.
Taighde agus forbairt
Sa bhliain 2024, d’fhorbair an Foireann Nuálaíochta straitéis chun nuálaíocht a sholáthar in Uisce Éireann. Bhunaigh sé seirbhísí nuálaíochta níos cuíchóirithe le haghaidh 1) moltaí na bhfostaithe, 2) slabhra soláthair chun an gcuid teicneolaíochta agus a seirbhís a thabhairt isteach agus 3) taighde a dhéanamh ar eagraíochtaí/ollscoileanna chun a bheith rannpháirteach le hUisce Éireann. Cuireadh cur chuige atá á threorú ag punann i bhfeidhm chun an nuálaíocht a dhíriú ar phríomhdhúshláin gnó, agus is é an chéad ceann ná punann nuálaíochta Neodrachta a dhíríonn ar laghdú ar astaíochtaí próisis fuíolluisce.
Cé go ndéantar tionscnaimh nuálaíochta a mhaoiniú go díreach trí bhuiséid Chaipitil agus Oibríochta, tá dul chun cinn déanta chun luas na nuálaíochta a mhéadú in Uisce Éireann trí phlé a dhéanamh ar infhaighteacht agus inrochtaineacht maoinithe trí chomhoibriú tras-fheidhmeach agus comhoibriú slabhra soláthair. I measc na samplaí: D’fhaomh an Coimisiún um Rialáil Fóntais €1.26 milliún le haghaidh tionscadal Réitigh Bunaithe ar an Dúlra, a cuireadh tús leis i mí Mheán Fómhair agus atá á threorú ag Straitéis Sócmhainne. Táimid ag comhoibriú chomh maith le foirne eile Uisce Éireann chun taighde agus nuálaíocht phíolótach a chur ar fáil, lena n-áirítear Suirbhéanna Ladrainn ar Shéaraigh, MS-Copilot AI agus Customer Re-Connect (an tseirbhís teachtaireachta nua atá againn a bhfuil cur síos déanta air laistigh den chuid Athbhreithniú Oibriúcháin).
Príomhtháscairí feidhmíochta
Déanann na Stiúrthóirí monatóireacht ar fheidhmíocht trí leas a bhaint as sraith príomhtháscairí feidhmíochta. Déantar iad a mheas go mionsonrach laistigh den chuid Príomh-tháscaire Feidhmíochta sa tuarascáil seo.
Na Stiúrthóirí agus an Rúnaí agus a gcuid Leasanna
Ní raibh leasanna tairbhiúla ag na Stiúrthóirí aon uair le linn na bliana airgeadais ná ar an 31 Nollaig 2024.
Nochtann Stiúrthóirí aon leas agus, de réir mar a éilíonn an Cód, ní bhíonn siad páirteach in aon phlé ná cinnteoireacht de chuid an Bhoird áit a bhfuil coinbhleacht ann nó áit a bhfuil leas díreach nó indíreach acu. De réir Alt 1.4 de na Riachtanais um Thuairisciú Gnó agus Airgeadais atá i gceangal leis an gCód, tá cur síos ar luach saothair an POF don tréimhse le fáil i nóta 3 de na ráitis airgeadais.
Acht na gCuideachtaí 2014
De bhun Alt 151 d’Acht na gCuideachtaí 2014, tá Uisce Éireann díolmhaithe ón oibleagáid, na focail “Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe” a úsáid chun cur síos ar chineál na cuideachta ina ainm.
Ráiteas ar fhaisnéis iniúchta ábhartha
De réir Alt 330 d’Acht na gCuideachtaí 2014, dearbhaíonn na Stiúrthóirí nach bhfuil, chomh fada agus is eol dóibh féin, aon fhaisnéis iniúchta ábhartha nach bhfuil iniúchóirí reachtúla na Cuideachta ar an eolas fúithi, agus go bhfuil na Stiúrthóirí tar éis na bearta uile a chur i gcrích a raibh de dhualgas orthu iad a chur i gcrích mar Stiúrthóirí chun iad féin a chur ar an eolas faoi aon fhaisnéis iniúchta ábhartha agus chun a dhearbhú gur cuireadh an fhaisnéis sin ar a súile d’iniúchóirí reachtúla na Cuideachta.
Gnóthas Leantach
Tá ionchas réasúnach ag na Stiúrthóirí go leanfaidh an Chuideachta dá dliteanais a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite, agus go leanfaidh sí i mbun oibriúcháin go ceann i bhfad. Léirítear le tuartha agus réamh-mheastacháin na gnólachta go bhfuiltear ag súil go gcomhlíonfaidh Uisce Éireann a dhliteanais nuair a bhíonn siad dlite trí mheascán de mhaoiniú Stáit agus taraifí a ghearrann Uisce Éireann. Dá réir sin, tá na Stiúrthóirí fós ag dul i muinín bhonn an ghnóthais leantaigh maidir le hullmhú ráitis airgeadais na Cuideachta.
Féach ar nóta 1 de na Ráitis Airgeadais le haghaidh nochtadh mionsonraithe gnóthais leantaigh na Cuideachta.
Imeachtaí ina dhiaidh sin
Níor tharla eachtraí suntasacha a chuir as don Chuideachta ó dheireadh na bliana airgeadais, seachas mar atá luaite i nóta 26 de na ráitis airgeadais.
Iniúchóir neamhspleách
Tháinig socrúcháin freagrachta agus iniúchta athbhreithnithe i bhfeidhm d’Uisce Éireann nuair a cuireadh tús leis an Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú) 2022. Ón 1 Eanáir 2023, tá Uisce Éireann faoi réir dhá iniúchadh ceann amháin ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus ceann eile ag a iniúchóir reachtúil tráchtála faoi Achtanna na gCuideachtaí.
I gcomhréir le hAlt 17C (4) den Acht um Sheirbhísí Uisce, 2013 (arna leasú), tá táillí iníoctha do Deloitte Ireland LLP chun iniúchadh a dhéanamh ar ráitis airgeadais Uisce Éireann don bhliain 2024 faoi réir fhaomhadh an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le cead ón Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe.
I ndiaidh chur i gcrích phróiseas tairisceana iomaíche sa bhliain 2024 agus comhairliúchán leis an Aire, ceapadh Deloitte Ireland LLP mar iniúchóir tráchtála reachtúil d’Uisce Éireann do na blianta 2024, 2025 agus 2026.
I gcomhréir le hAlt 17B(5) den Acht um Sheirbhísí Uisce, 2013 (arna leasú), tá táillí iníoctha don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chun iniúchadh a dhéanamh ar ráitis airgeadais Uisce Éireann don bhliain 2024 faoi réir fhaomhadh an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le cead ón Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe.
Ar son agus thar ceann Uisce Éireann:
Jerry Grant
Cathaoirleach
Gerard Britchfield
Ball Boird