Réamhrá
Tá an inbhuanaitheacht i gcroílár ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí Uisce Éireann. Táimid bródúil as ár gcomhshaol a fheabhsú agus as cur ar chumas na bpobal dul chun cinn a dhéanamh trí na seirbhísí a chuirimid ar fáil.
Tá ceithre cholún lenár straitéis inbhuanaitheachta:Comhshaol, Sóisialta, Rialachas agus Comhoibriú inmheánach agus seachtrach, rud a aithnímid atá ríthábhachtach chun torthaí inbhuanaithe tábhachtacha a sheachadadh.
Tá dul chun cinn suntasach déanta againn in 2024, chuireamar lenár straitéis Inbhuanaitheachta, bhaineamar amach an Marc Oibriú Freagrach Gnó, chuireamar tús le nó rinneamar nuashonrú ar chaighdeáin deartha agus sonraíochtaí feidhmiúla a bhaineann le hinbhuanaitheacht d’fhonn inbhuanaitheacht a leabú inár n-oibríochtaí agus inár ngníomhaíochtaí laethúla. Tá ár struchtúr rialachais trasfheidhmeach; a tugadh isteach in 2023 chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinnteoireacht a bhaineann le hinbhuanaitheacht, lánfheidhmeach agus tá fíorthionchar aige maidir le tuiscint eagraíochtúil ar thopaicí ábhartha Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG). Táimid dírithe, ní hamháin ar sheachadadh don lá atá inniu ann, ach freisin do na glúnta atá le teacht.
Straitéis Inbhuanaitheachta
In Uisce Éireann, táimid tiomanta d’inbhuanaitheacht sheirbhísí uisce na hÉireann a fheabhsú, agus ár gcion a dhéanamh chun todhchaí níos inbhuanaithe a thógáil. Tugadh ár Straitéis Inbhuanaitheachta chun críche in 2024 agus tá sé beartaithe againn í a fhoilsiú le linn 2025. Leagtar amach ann na sé phríomhréimse a bhfuil sé beartaithe againn ár n-iarrachtaí a dhíriú orthu chun dul chun cinn fiúntach a dhéanamh maidir le hinbhuanaitheacht a leabú in oibríochtaí agus i ngníomhaíochtaí laethúla. Ina measc seo, tá uaillmhianta a bhaineann le Carbón - Glan-Nialasach, Bithéagsúlacht, Bainistiú Acmhainní Uisce, Geilleagar Ciorclach, Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú, agus oideachas a chur ar ár bpobail faoi luach an uisce. In 2025, cuirfidh Uisce Éireann tús le monatóireacht agus tuairisciú ar fheidhmíocht le hais na n-uaillmhianta sin.
Tá sé mar aidhm inár straitéis inbhuanaitheachta an inbhuanaitheacht a thabhairt chun tosaigh i gcinnteoireacht, ár n-uaillmhianta agus ár dtionscnaimh inbhuanaitheachta a leabú agus monatóireacht a dhéanamh orthu ar fud Uisce Éireann.
Gnó ag Obair go Freagrach
In 2024, bronnadh creidiúnú foirmiúil ar Uisce Éireann le “Marc Gnó ag Obair go Freagrach” de chuid Gnó sa Phobal Éireann (BITCI), caighdeán Eacnamaíoch, Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais na hÉireann. Agus é fíoraithe go neamhspleách ag an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, is é an caighdeán inbhuanaitheachta a chothaíonn cultúr gnó freagrach trí fheabhas leanúnach, trí chuntasacht leanúnach, agus trí cheannaireacht agus mar sin is pointe tábhachtach agus ríthábhachtach é in aistear Uisce Éireann a bheith ina eiseamláir inbhuanaitheachta.
De réir mar a leanfaidh Uisce Éireann ar aghaidh ag tabhairt tús áite don inbhuanaitheacht i bpróiseas na cinnteoireachta bainteach le seachadadh seirbhísí uisce bunathraithe, féadtar a rá gur garsprioc thábhachtach é an vóta muiníne poiblí seo (atá fíoraithe go neamhspleách), agus féadtar a rá gur aitheantas é dár n-iarrachtaí inbhuanaitheachta,
